Tugann an tAire Míchumais, Anne Rabbitte, cuntas ar sholáthar breise faoisimh don bhliain 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, T.D. inniu go mbeidh faoiseamh méadaithe malartach á sholáthar i mbliana, a fheabhsóidh tacaíocht d’úsáideoirí seirbhíse agus dá dteaghlaigh mar chuid d’fhreagairt FSS do Mhaireachtáil le COVID-19.
Cuireann an tionscnamh le gealltanas an Rialtais áis nua faoisimh ionadbhunaithe a fhorbairt i ngach limistéar Eagraíochtaí Cúraim Sláinte Pobail (ECSP), (tá naoi gcinn ann, ar an iomlán) chun freastal ar riachtanais agus tosaíochtaí ar leith laistigh den ECSP ar chostas bliana iomláine €5.5m.
Dúirt an tAire Rabbitte:
“Tá gliondar croí orm a thabhairt faoi deara go bhfuil réimse chomh fairsing sin d’fhaoiseamh malartach á sholáthar do leanaí agus daoine fásta faoi mhíchumas.
"Sholáthair an Rialtas €5.5m i mBuiséad 2021 chun áis nua faoisimh ionadbhunaithe a fhorbairt i ngach limistéar ECSP, chun freastal ar riachtanais agus tosaíochtaí ar leith laistigh den ECSP. Bhí bród orm an dul chun cinn a rinne gach ceann de na hionaid seo le déanaí a fhógairt, a bhfuil súil leis go n-osclófar 8 gcinn i mbliana, agus go n-osclófar an t-ionad amháin eile go luath in 2022.
"Theastaigh go mór uaim freisin a chinntiú go raibh an leithdháileadh don bhliain iomlán ar fáil ó Eanáir 2021. Cheadaigh seo coigiltí ama a úsáid ar bhonn aonuaire chun feabhas a chur ar sholáthar reatha faoisimh nó faoiseamh malartach agus for-rochtana a sholáthar.
"Is é mo sprioc a chinntiú go n-úsáidtear an leithdháileadh iomlán a cuireadh ar fáil ó Eanáir 2021 chun feabhas a chur ar sholáthar faoisimh."
Dúirt sí freisin:
“Chas mé leis an iomaí úsáideoir seirbhíse, teaghlach, agus soláthraí, agus is eol dom cé chomh tábhachtach is féidir le faoiseamh a bheith chun brú a fhuascailt agus caighdeán na beatha a fheabhsú. Tá súil agam go dtabharfaidh an fógra seo an obair iontach chun solais a rinne FSS agus soláthraithe seirbhíse i dtréimhse an-dúshlánach, agus ar aon dul le treoir sláinte poiblí.”
Is féidir faoiseamh malartach a sholáthar i bhfoirm tacaíochtaí nuálacha sa bhaile, campaí spóirt nó samhraidh, saoire, nó sosanna óstáin, agus ar go leor leor bealaí
eile, agus cuireann sé sos nó athrú ar fáil d’úsáideoirí seirbhíse a bhíonn ag teastáil go géar agus baineann sé an brú a bhíonn ar theaghlaigh.
Cuirtear seirbhísí saincheaptha ar fáil d’úsáideoirí seirbhíse bunaithe ar riachtanas a dtugtar tús áite dó. I measc na seirbhísí, tá rudaí cosúil le saoirí saincheaptha, tacaíochtaí do rannpháirtíocht i gcláir phríomhshrutha, Faoiseamh Roinnte Baile, agus cláir eile faoisimh dhuinelárnaigh.
CRÍOCH
Cuirtear seirbhísí ar fáil ar bhonn riachtanais tosaíochta agus tugtar cuntas sa tábla seo a leanas ar an réimse fairsing seirbhísí atá ar fáil i ngach limistéar ECSP, an méid seo a leanas ina measc, ach gan bheith teoranta dó:
ECSP 1 (Dún na nGall, Sligeach, Liatroim, an Cabhán, Muineachán)
Osclófar an tIonad Nua Faoisimh:
R1 2022 Freastalóidh sé ar cheantar Shligigh-Liatroma
Faoiseamh Malartach:
ECSP 2 (Gaillimh, Ros Comáin, Maigh Eo)
Osclófar an tIonad Nua
Faoisimh: R3 2021 Osclófar é i nGaillimh Thoir, agus soláthróidh sé 225 oíche leapa in 2021
Faoiseamh Malartach: - 1236 oíche bhreise d’Fhaoiseamh le cur ar fáil
in 2021, ar fud an limistéir ECSP.
ECSP 3 (An Clár, Luimneach, Tiobraid Árann Thuaidh)
Osclaíodh Ionad Nua
Faoisimh: R2 2021 Cuireadh tús le Seirbhís Naomh Gaibriél, seirbhís do leanaí a bhfuil riachtanais chasta tacaíochta acu, i mBealtaine 2021.
Faoiseamh Malartach:
ECSP 4 (Ciarraí, Corcaigh)
Osclófar an tIonad Nua
Faoisimh: R4 2021 Freastalófar ar Dhaoine Fásta i réigiún Chorcaí
Faoiseamh Malartach: - 130 oíche d’fhaoiseamh Saoire thar Oíche anuas ar 65 oíche bhreise d’fhaoiseamh sa bhaile/amach ón mbaile a sholáthar.
ECSP 5 (Tiobraid Árann Theas, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Port Láirge, Loch Garman)
Osclófar an tIonad Nua
Faoisimh: R4 2021 An tSeirbhís do Dhaoine Fásta atá bunaithe i gCill Chainnigh.
Faoiseamh Malartach:
ECSP 6 (Cill Mhantáin Thoir, Baile Átha Cliath Thoir Theas)
Osclófar an tIonad Nua
Faoisimh: R4 2021 An tSeirbhís Faoisimh nua do Dhaoine Fásta atá bunaithe i nGleann na gCaorach, Contae Bhaile Átha Cliath.
Faoiseamh Malartach:
ECSP 7 (Cill Dara, Cill Mhantáin Thiar, Baile Átha Cliath Thiar, Cathair Bhaile Átha Cliath Theas, Cathair, Baile Átha Cliath Thiar Theas)
Osclófar an tIonad Nua
Faoisimh: R4 2021 Cuirfidh an t-ionad faoiseamh ar fáil do leanaí agus beidh sé bunaithe i gCill Dara.
Faoiseamh Malartach:
ECSP 8 (Laois, an Longfort, Lú, an Mhí, Uíbh Fhailí, an Iarmhí)
Osclófar an tIonad Nua Faoisimh: R3
2021 Seirbhís nua faoisimh a fhreastalaíonn ar dhaoine fásta atá lonnaithe in Uíbh Fhailí
Faoiseamh Malartach:
ECSP 9 (Baile Átha Cliath Thuaidh, Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár, Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh)
Osclófar an tIonad Nua Faoisimh: R3
2021 Seirbhís faoisimh do leanaí in “The Hamlet”, atá bunaithe i Sord, Contae Bhaile Átha Cliath.
Faoiseamh Malartach: