Suas le €250,000 ar fáil do phlandlanna foraoisí sa Scéim Teicneolaíochta Foraoise
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Táthar ag glacadh le hiarratais anois don tríú sciar den Scéim Teicneolaíochta Nuálaí Foraoise: Modúl 2 - Cúnamh Infheistíochta d’Fhorbairt na hEarnála Plandlainne Crann Foraoise. Tacaíonn an scéim le soláthróirí tráchtála an Ábhair Atáirge Foraoise (FRM), lena n-áirítear plandlanna foraoise agus bailitheoirí síl, chun feabhas a chur ar líon, ar chaighdeán agus ar éagsúlacht na speiceas crann dúchasach. Is féidir le soláthróirí FRM maoiniú suas le €250,000 a fháil d’infheistíochtaí sa táirgeadh crann dúchasach foraoise.
Dúirt an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, an méid seo a leanas:
“Tacaíonn an Clár Foraoiseachta 2023-2027 le húinéirí talún chun crainn a chur ar bhealach a chuireann aeráid agus bithéagsúlacht chomhsheasmhach ar fáil chomh maith le tairbhí sochaíocha níos leithne. Tugann an maoiniú atá ar fáil sa scéim nuálach seo tacaíocht thábhachtach don earnáil plandlann crann foraoise, a chabhróidh linn ár gcuid spriocanna uaillmhianacha plandaithe a bhaint amach, trí sholáthar láidir crann dúchasach ardchaighdeáin a sheachadadh.”
Is féidir le soláthróirí síl agus crainn gach toise cur isteach ar an scéim, idir ghnóthaí beaga agus phlandlanna bunaithe. Tá sé ar fáil do dhaoine atá díreach tagtha isteach san earnáil chomh maith, ar mian leo a ngnó a éagsúlú.
D’fhéadfadh na cineálacha tionscadal agus míreanna seo a leanas a bheith incháilithe do mhaoiniú:
• Trealamh bailithe síl.
• Bonneagar stórála síl.
• Bonneagar / trealamh polatholláin.
• Bonneagar agus córais uisciúcháin.
• Córais athphlandaithe.
• Meaisíní grádaithe.
• Infheistíocht sa bhithshlándáil amhail cóireáil uisce agus trealamh cuisniúcháin.
• Costais ghinearálta a bhaineann leis na míreanna thuasluaite
• Costais síl an speicis crainn dhúchasaigh.
Is é Dé hAoine, an 14 Feabhra 2025 an spriocdháta le haghaidh iarratas. Tuilleadh eolais maidir le conas cur isteach air ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.
DEIREADH
Is féidir breathnú ar an Doiciméad Sonraíochta agus ar an bhfoirm iarratais ar gov.ie - Scéim Teicneolaíochta Nuálaí Foraoise 2023-2027
Is féidir iarratais a sheoladh ar ríomhphost chuig Approvals.ForestService@agriculture.gov.ie
Is é 5 i.n., an 14 Feabhra 2025 an spriocdháta le haghaidh iarratas.