Todhchaí Cheantair Tuaithe na hÉireann: Maoiniú €8.7 milliún fógartha ag an Aire Humphreys do shaoráidí pobail agus spóirt
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, inniu (12 Aibreán) maoiniú €8.7 milliún do shaoráidí pobail agus spóirt ar fud na tíre faoi chlár CLÁR 2024.
Mar chuid den tionscnamh, cuirfear deontais suas le €50,000 ar fáil chun cuidiú le hathchóiriú agus uasghrádú ionad pobail, hallaí paróiste, clubthithe CLG, saoráidí óige agus eile.
Díreofar go mór ar thacaíocht a thabhairt do thionscadail amuigh faoin aer a fhorbairt, tionscadail ar nós clóis súgartha, gairdíní céadfacha, páirceanna astroturf, raonta siúil, páirceanna scátála agus cuibhrinn phobail.
Gné de Chlár CLÁR le déanaí is ea an infheistíocht in uasghrádú agus i bhfeabhsuithe ar sheastáin lucht féachana sna clubanna áitiúla CLG agus spóirt.
Tá maoiniú á leathnú chun cuidiú le heagraíochtaí Béilí ar Rothaí, le tacaíocht á cur ar fáil arís chun iompar pobail a sholáthar, amhail soghluaisteacht agus feithiclí cúraim ailse.
Tacófar arís eile le tionscadail dár bpobail oileán amach ón gcósta faoin tionscnamh.
Agus sonraí Chlár CLÁR 2024 á bhfógairt aici, dúirt an tAire Humphreys:
“Is éard atá i gceist le CLÁR ná beocht a chur inár mbailte agus sráidbhailte faoin tuath trí thionscadail ardchaighdeáin pobail agus spóirt a chur ar fáil. Is faoi phobail áitiúla a chumhachtú an clár seo ionas go mbeidh siad in ann a bhfís agus a n-acmhainneacht a bhaint amach – ag cinntiú go mbainfidh siad tairbhe as tionscadail a fhágann gur áiteanna níos fearr iad le bheith ag cónaí, ag obair agus ag dul ar scor iontu mar aon le cuairt a thabhairt orthu. Déanfaidh an maoiniú €8.7 milliún atá á fhógairt agam inniu difear chomh dearfach sin in go leor áiteanna éagsúla sa tír. Maoineoidh an infheistíocht tionscadail atá spreagúil agus cuimsitheach araon, tionscadail do gach aois agus do gach cumas.”
Dúirt an tAire freisin:
“Tá béim athnuaite i mbliana ar thacaíocht a thabhairt d’athchóirithe agus d’uasghráduithe ar nós ionaid phobail agus hallaí paróiste, chomh maith le clubthithe, saoráidí óige agus go leor eile. Táim ag spreagadh dreamanna arís iarratais a bhfuil béim iontu ar thionscadail amuigh faoin aer a chur ar aghaidh – ba mhaith liom a fheiceáil go bhfuilimid ag tacú le forbairt clós súgartha, astroturf, gairdíní céadfacha, raonta siúil agus reatha, páirceanna scátála agus cuibhrinn phobail. Agus tá maoiniú á chur ar fáil freisin le feabhas a chur ar sheastáin lucht féachana i staideanna spóirt, agus tá a fhios agam go mbeidh sé sin tarraingteach go háirithe do phobal CLG. Tá áthas orm chomh maith a fhógairt go leathnófar CLÁR anois chun tacú le feithiclí a sholáthar lena n-úsáid ag ár Seirbhísí Béilí ar Rothaí. Is iontach an obair a dhéanann na hoibrithe deonacha seo i bpobail ar fud na tíre.
Lean an tAire Humphreys:
“Ó seoladh an clár CLÁR arís in 2016, tá curtha go mór aige le cuid de na pobail is iargúlta agus is faide amach faoin tuath atá againn. Tá tacaithe ag an tionscnamh le breis agus 2400 tionscadal le maoiniú os cionn €70 milliún faoi réimse beart éagsúil. Cuireann spiorad an phobail, a chabhraíonn le cláir agus tionscadail mo Roinne a chur chun cinn, iontas i gcónaí orm. Tá sé seo le feiceáil i ngach baile agus sráidbhaile a dtugann mé cuairt air. Táim cinnte nach mbeadh aon cheann de na tionscadail indéanta gan comhoibriú agus dúthracht na bpobal ar fud na tíre.”
Is iad seo a leanas na bearta atá ar oscailt faoi chlár CLÁR 2024;
Beidh Beart 2 agus Beart 3 á riar go díreach ag mo Roinnse.
Tá na sonraí go léir le fáil ar www.gov.ie/drcd.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
CLÁR 2024
Cuirtear maoiniú ar fáil faoin gclár CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) do thionscadail ar scála beag i gceantair thuaithe ainmnithe a bhfuil leibhéil shuntasacha dídhaonraithe tarlaithe iontu.
Athosclaíodh an scéim in 2016 chun tacú le ceantair iargúlta faoi tuath a fhorbairt trí thionscadail chaipitil ar scála beag ina raibh comhoibriú idir údaráis áitiúla agus pobail, chomh maith le heagraíochtaí pobalbhunaithe eile.
Is codanna de na contaetha seo a leanas iad na ceantair a ndírítear orthu faoi Chlár CLÁR: Ceatharlach, an Cabhán, an Clár, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Laois, Luimneach, an Longfort, Lú, Maigh Eo, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach, Tiobraid Árann, agus Port Láirge, An Iarmhí, Cill Mhantáin agus Contae Liatroma ar fad.
Tá léarscáil náisiúnta de cheantair CLÁR, mar aon le léarscáileanna contae ar leith, le fáil anseo.
Is iad seo a leanas na bearta a gcuirfear maoiniú ar fáil dóibh faoi chlár CLÁR 2024:
Oscailtí eile scéimeanna in 2024
Ar mhaithe le deis a thabhairt d’iarratasóirí pleanáil a dhéanamh d’iarratais ionchasacha faoi Scéimeanna Forbartha Tuaithe eile, dheimhnigh an tAire freisin na spriocdhátaí oscailte seo a leanas do scéimeanna faoi Chlár Infheistíochta Forbartha Tuaithe 2024;
- Tá sé beartaithe an Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh 2024 a oscailt d’iarratais i mí Mheán Fómhair 2024.
- Tá sé beartaithe an scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2024 a oscailt le haghaidh iarratas i nDeireadh Fómhair 2024.
- Tá sé beartaithe go n-osclófar glao ar Iarratais faoi Chatagóir 2 faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe i mí Mheán Fómhair 2024.
Tá an preasráiteas / fógra meán seo á fháil agat mar go bhfuil tú sínithe ar liosta meán na Roinne faoi láthair.
Mura mian leat ríomhphoist den chineál seo ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a fháil a thuilleadh tabhair freagra ar an ríomhphost seo leis an bhfocal “díliostáil” sa líne ábhair agus déanfaimid iarracht do ríomhphost a bhaint ónár mbunachar sonraí.