Athdhearbhaíonn an tAire Smyth an tiomantas atá ag Éirinn dlús a chur le gníomhaíocht ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le linn dó freastal ar an bhFóram Ardleibhéil Polaitíochta um Fhorbairt Inbhuanaithe ag na Náisiúin Aontaithe inniu, d’athdhearbhaigh Ossian Smyth, an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht speisialta as Cumarsáid agus as an nGeilleagar Ciorclach, go dtacaíonn Éire leis an nglao ar spreagadh athnuaite agus ar ghníomhartha luathaithe i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhlíonadh. Leagadh an glao sin ar thacaíocht amach i nDearbhú Polaitiúil an Chruinnithe Mullaigh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023 i mí Mheán Fómhair anuraidh. Leis an dearbhú, ar idirbheartaigh Éire agus Catar é mar chomhéascaitheoirí, deimhnítear an tiomantas comhroinnte atá ag tíortha deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus ocras i ngach áit, neamhionannais a chomhrac laistigh de thíortha agus ina measc, agus sochaithe síochánta a thógáil nach bhfágfar aon duine ar lár iontu.
Is beag dul chun cinn a rinneadh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar fud an domhain cheana féin, agus níl ach 17% de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar an mbóthar ceart dá gcomhlíonadh faoi láthair. Bac ar dhul chun cinn ina leith sin ba ea tionchair bhuana phaindéim COVID-19, cogaí agus coinbhleachtaí géaraitheacha, agus na trí ghéarchéim phláinéadacha atá i réim – an t-athrú aeráide, truailliú, agus cailliúint na bithéagsúlachta.
Agus Ráiteas Náisiúnta na hÉireann á sholáthar aige don fhóram, d’athdhearbhaigh an tAire Smyth an tiomantas atá ag Éirinn na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme ina n-iomláine.
Labhair an tAire Smyth freisin faoin bhfreagracht chomhroinnte atá ann as Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme, rud ar ghlac na Ballstáit uile de na Náisiúin Aontaithe é sa bhliain 2015. Cuirfear an Clár Oibre sin chun feidhme trí cheannaireacht láidir, trí chomhpháirtíochtaí idir an rialtas agus an tsochaí, agus trí rannpháirtíocht iomlán, chothrom agus fhiúntach na ngeallsealbhóirí uile ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.
Dúirt an tAire Smyth:
"Mar gheall ar na géarchéimeanna domhanda idircheangailteacha iomadúla atá i réim, tá sé ríthábhachtach go mbainfimis leas as an móiminteam a gnóthaíodh ón gCruinniú Mullaigh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a tionóladh i mí Mheán Fómhair anuraidh chun sinn a chur ar an mbóthar ceart an athuair i dtreo na spriocanna a chomhlíonadh. Tacaíonn Éire go hiomlán leis an nglao a rinneadh ag an gcruinniú mullaigh ar spreagadh athnuaite agus ar ghníomhartha luathaithe i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhlíonadh agus, chuige sin, le cur chun feidhme iomlán na ngealltanas comhchoiteann a tugadh i nDearbhú Polaitiúil an Chruinnithe Mullaigh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023.
"Tabharfaidh Cruinniú Mullaigh na Todhchaí atá le teacht i mí Mheán Fómhair deis dúinn cur leis na gealltanais sin agus, rud ríthábhachtach, athbheocht a chur sa ghníomhaíocht uaillmhianach dhomhanda is gá chun na spriocanna a tharrtháil agus chun dul chun cinn a bhaint amach do dhaoine agus don phláinéad faoin mbliain 2030. Is gá dúinn athbheocht a chur sa chóras iltaobhach chun gur féidir leis gealltanais Chlár Oibre 2030 a chomhlíonadh. Leanfaidh Éire uirthi ag obair leis na Ballstáit uile agus le córas na Náisiún Aontaithe chun an chuid is fearr a bhaint as na sineirgí idir Clár Oibre 2030 agus Ár gClár Oibre Coiteann agus chun dlús a chur le dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhlíonadh."
Le linn an ráitis uaidh, labhair an tAire Smyth freisin faoin éifeacht a bhíonn ag coinbhleacht ar bheathaí agus ar shlite beatha agus faoin gceangal idir an tsíocháin agus dul chun cinn ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Labhair sé freisin ag an gComhdháil Gealltanais do Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le Dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear, agus é ag athdhearbhú go bhfuil Éire tiomanta don ról ríthábhachtach atá ag an nGníomhaireacht san iarracht dhaonnúil in Gaza a chumhdach agus ag éileamh sos cogaidh láithreach, rochtain gan bhac ar chabhair dhaonnúil do phobail shibhialta, agus tacaíocht leantach d’obair na Gníomhaireachta.
Freastalóidh an tAire Smyth ar roinnt imeachtaí agus cruinnithe speisialta le linn a chuid ama i Nua-Eabhrac freisin, ar lena linn a phléifear saincheisteanna amhail slándáil bia, sineirgí idir na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaineann leis an aeráid, agus treochtaí agus tionchair reatha na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Freastalóidh an tAire Smyth ar roinnt cruinnithe déthaobhacha le Rit Aggarwala, Príomhoifigeach Aeráide Chathair Nua-Eabhrac, agus le hionadaithe ón gColóim, ó Laos, ó Shiarra Leon, agus ó Oileáin Palau, lena mbeidh Éire ag déanamh comhchathaoirleacht ar an gCoiste Stiúrtha do Chomhpháirtíochtaí na Stát Oileánach Beag i mBéal Forbartha sna blianta 2024 agus 2025. Bhuail an tAire Smyth freisin le Mohammad Naeem agus le Alicia Joy O’Sullivan, Toscairí Óige na hÉireann chuig na Náisiúin Aontaithe, agus iad ag freastal ar an bhFóram Ardleibhéil Polaitíochta chun aghaidh a thabhairt ar a thábhachtaí atá an óige maidir le hathrú buan a bhrú chun cinn ar fud an domhain.
Cuirfidh éachtaí agus torthaí Fhóram Ardleibhéil Polaitíochta na Náisiún Aontaithe i mbliana le Cruinniú Mullaigh na Todhchaí i mí Mheán Fómhair, a mbeidh mar aidhm leis athbheocht a chur i gcomhar domhanda, dlús a chur le gníomhaíocht ar ghealltanais reatha, lena n-áirítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus obair i dtreo córas atá níos ullmhaithe dá bhfuil i ndán dúinn.
Tá an Ráiteas Náisiúnta ón Aire Smyth ar fáil lena léamh ina iomláine ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
CRÍOCH
I mí Mheán Fómhair 2015, rinne gach ceann den 193 Bhallstát de na Náisiúin Aontaithe, Éire ina measc, na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a ghlacadh chun 'deireadh a chur leis an mbochtaineacht, an pláinéad a chosaint agus rathúnas do chách a chinntiú' mar chuid de chlár oibre nua dar teideal I mBun Athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Tá an creat sin comhdhéanta de 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe agus de 169 sprioc. Bhí ról lárnach ag Éirinn maidir leis an gcreat a fhorbairt agus a ghlacadh, ag obair di i gcomhar leis an gCéinia mar chomhéascaitheoir ar an idirbheartaíocht idir-rialtasach i mí Mheán Fómhair 2015.
Aithnítear i gClár Oibre 2030 an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht leantach agus athbhreithniú a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus domhanda chun an dul chun cinn ar chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a thomhas. Is ionann Fóram Ardleibhéil Polaitíochta na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe agus príomhardán na Náisiún Aontaithe um fhorbairt inbhuanaithe agus um Chlár Oibre 2030 agus tá ról lárnach aige maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar an ngníomhaíocht leantach agus ar an athbhreithniú a dhéantar ar an leibhéal domhanda.
Tá an Fóram Ardleibhéil Polaitíochta 2024 á thionól faoi choimirce na Comhairle Eacnamaíche agus Sóisialta (idir an 8-18 Iúil 2024) ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac. Is é téama lárnach an Fhóraim ná Clár Oibre 2030 a threisiú agus deireadh a chur leis an mbochtaineacht le linn géarchéimeanna iomadúla: réitigh inbhuanaithe, athléimneacha agus nuálacha a sholáthar go héifeachtach.
Beidh an Fóram Ardleibhéil Polaitíochta i mí Iúil 2024 ar an gcéad fhóram dá chineál a thionólfar faoi choimirce Chomhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe tar éis an Chruinnithe Mullaigh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023. Déanfaidh an Fóram Ardleibhéil Polaitíochta 2024 gníomhaíocht leantach i leith an Dearbhaithe Pholaitiúil agus i leith thorthaí eile an Chruinnithe Mullaigh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Rannchuideoidh sé freisin leis na hullmhúcháin do Chruinniú Mullaigh na Todhchaí, a thionólfar i mí Mheán Fómhair 2024.
Faigh tuilleadh faisnéise ar shuíomh gréasáin na Náisiún Aontaithe.
Tionóladh an Cruinniú Mullaigh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023 i Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair 2023, agus é mar aidhm leis dul chun cinn a athmhúscailt i dtreo chomhlíonadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Cuireadh ar siúl é ag lárphointe Chlár Oibre 2030, agus bhí sé ina chor cinniúnach tábhachtach maidir le dul chun cinn ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Tionóladh an Cruinniú Mullaigh deireanach sa bhliain 2023, agus tá ceann eile le cur ar siúl sa bhliain 2027 roimh dháta deiridh Chlár Oibre 2030.
Ba é an príomhthoradh a bhí ar an gCruinniú Mullaigh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ná an Dearbhú Polaitiúil, lenar athnuadh agus lenar athdhearbhaíodh an tiomantas comhchoiteann atá ag na Ballstáit de na Náisiúin Aontaithe Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme. Is iad Fergal Mythen, Buan-Ionadaí na hÉireann do na Náisiúin Aontaithe, agus an Buan-Ionadaí ó Chatar a chomhéascaigh an idirbheartaíocht ar an dearbhú polaitiúil.
Tionólfar Cruinniú Mullaigh na Todhchaí an 22-23 Meán Fómhair i mbliana, le linn Sheachtain Ardleibhéil Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe 2024. Tá sé mar aidhm leis an gCruinniú Mullaigh na príomhghnéithe den tuarascáil dar teideal 'Ár gClár Oibre Coiteann' ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe a chur ar aghaidh, rud ina leagann sé amach an fhís atá aige do chomhar domhanda sa todhchaí. Cé gur thug an Cruinniú Mullaigh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe deis dúinn dul chun cinn a athmhúscailt i dtreo chomhlíonadh na Spriocanna, tabharfaidh Cruinniú Mullaigh na Todhchaí deis dúinn teacht le chéile agus measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuilimid ag cloí lenár dtiomantas do na Spriocanna.