Fógraíonn an tAire Sláinte tacaíochtaí breise de €12m d'Ábhair Altraí agus Ban Cabhrach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu go bhfuil a mholtaí ceadaithe ag an Rialtas chun tacaíochtaí breise suntasacha, ar fiú €12m iad a sholáthar d’ábhair altraí agus ban cabhrach agus iad ag freastal ar a socrúcháin chliniciúla.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Táim ag leathnú an Deontais Socrúcháin Phaindéimigh €100 in aghaidh na seachtaine chuig gach ábhar altraí agus ban cabhrach incháilithe ar shocrúchán don bhliain acadúil seo. Beidh sé siardhátaithe go Meán Fómhair 2021. Tacóidh an maoiniú seo le mic léinn atá ag freastal ar a socrúcháin chliniciúla.
“Tá an Rialtas ag soláthar tacaíochta breise freisin do mhic léinn a dteastaíonn cóiríocht thar oíche uathu óna ngnátháit chónaithe d’fhonn freastal ar chuid dá socrúcháin chliniciúla. Táimid ag dúbailt na huasteorann ar an liúntas cóiríochta deimhnithe go dtí €100 in aghaidh na seachtaine socrúcháin."
Tagann na tacaíochtaí breise seo chun cinn tar éis an Athbhreithnithe Fadtéarmaigh ar Ábhair a bhaineann le hÁbhair Altraí agus Ban Cabhrach. Leagann an t-athbhreithniú neamhspleách, leis an Uasal Seán McHugh, moltaí amach chun an scéim Taistil agus Cothaithe reatha do mhic léinn atá ag freastal ar a socrúcháin chliniciúla breise a fheabhsú. Déanfaidh an tAire iad seo a mheas tuilleadh ionas gur féidir scéim bhuan fheabhsaithe a fhorbairt a sholáthróidh cur chuige spriocdhírithe agus níos cothroime chun tacú le mic léinn tabhairt faoi shocrúcháin chliniciúla breise ó Mheán Fómhair 2022.
Rinne an tUasal McHugh athbhreithniú freisin ar thuarastal na hintéirneachta 36 seachtaine d'ábhair altraí agus ban cabhrach na bliana deiridh. Tacaíonn an tAire leis an moladh seo agus, dá bharr sin, beidh sé ag méadú tacaíochtaí airgeadais d’intéirnigh.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Cé go bhfuil obair ar siúl chun moladh sonrach an Uasail Mc Hugh a chur chun cinn, ba mhaith liom tacaíocht airgeadais bhreise a sholáthar do mhic léinn intéirnigh. Sin é an fáth, san idirlinn, go bhfaighidh gach ábhar altraí agus ban cabhrach ar shocrúchán intéirneachta íoctha, tacaíocht airgeadais bhreise €1,800 ar feadh achar a n-intéirneachta íoctha. Tiocfaidh sé seo i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022, an dáta céanna a bhfuil intéirneachtaí íoctha don bhliain acadúil reatha le tosú.
“Tá sé tábhachtach go dtacaímid lenár hábhair altraí agus ban cabhrach a socrúcháin chliniciúla a dhéanamh. Táim buíoch don Uasal McHugh as tabhairt faoin bpíosa oibre tábhachtach seo mar chuidigh sé le mo bhreithniú ar an mbealach is fearr is féidir linn tacú lenár mic léinn agus iad ag leanúint ar aghaidh lena gcuid oideachais fochéime."
CRÍOCH