Ráiteas ón Roinn Sláinte ar an leagan B.1.1.529
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Preaseisiúint: An 25 Samhain 2021
Ráiteas ón Roinn Sláinte
Tá an Roinn Sláinte, le cúpla lá anuas, ag déanamh monatóireachta ar theacht chun cinn leagan nua (B.1.1.529), de SARS-CoV-2, an víreas is cúis le COVID-19. Aithníodh an leagan seo i roinnt tíortha i ndeisceart na hAfraice agus i Hong Cong.
Tá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) ag teacht le chéile amárach chun tábhacht an athraithigh seo a mheas tuilleadh. Níl an t-athraitheach seo ainmnithe mar ábhar imní go fóill.
Thuairiscigh an ECDC go leanann sé de mhonatóireacht a dhéanamh ar gach fianaise atá ag teacht chun cinn maidir leis an athraitheach seo.
Tá an Roinn ar an eolas faoi bhearta a rinne Rialtas na Ríochta Aontaithe lena n-áirítear eitiltí ó roinnt tíortha san Afraic a chur ar fionraí.
Níor tuairiscíodh aon chás den leagan seo san Eoraip go dtí seo, ach tá imní mhór ar an Aire Sláinte.
Bhí an Roinn i dteagmháil le comhghleacaithe i dTuaisceart Éireann agus leanfaimid orainn ag idirchaidreamh le húdaráis na RA.
Leanfar le comhairle na Roinne don Aire a chur ar an eolas trí threoir ábhartha a thiocfaidh ón ECDC agus ón WHO.