Fógartha ag Doyle go bhfuil an Grúpscéim Aistrithe Eolais Foraoiseachta do 2019 oscailte
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle TD, inniu go bhfuil an Grúpscéim Aistrithe Eolais Foraoiseachta (KTG) 2019 oscailte.
Dúirt an tAire Doyle:
"D'éirigh thar cionn le Scéim Foraoiseachta KTG 2018 ina raibh aiseolas dearfach ó níos mó ná 600 feirmeoir agus úinéir foraoise ó gach cearn den tír a ghlac páirt. Táim an-sásta an Scéim a oscailt arís do 2019 agus tá súil agam go mbeidh an leibhéal céanna rannpháirtíochta ann i mbliana. Is bealach seanbhunaithe iad grúpaí aistrithe eolais chun eolas agus dea-chleachtas a roinnt. Cuireann siad na huirlisí bunriachtanacha ar fáil do rannpháirtithe chun an acmhainn adhmaid luachmhar atá acu a aistriú agus cuidiú leo an oiread airgid agus is féidir a dhéanamh ar a ngabháltas.”
Bunaíodh KTGanna foraoiseachta d'úinéirí foraoise príobháideacha atá ag lorg breis eolais, rud a chuireann ar a gcumas eolas a fháil faoin am agus an modh is fearr maidir le gníomhaíochtaí bainistithe foraoise a chur i gcrích ar bhealach atá sábháilte. Is pléghrúpaí idir piaraí iad KTGanna atá faoi threoir foraoiseoir gairmiúil agus ina spreagtar rannpháirtithe dul i dteagmháil le grúpaí agus lucht gairme foraoiseachta.
Tugtar cuireadh do chuideachtaí, comhairleoirí agus grúpaí táirgthe chun Grúpaí Aistrithe Eolais a eagrú. Ina dhiaidh sin iarrfar ar úinéirí foraoise páirt a ghlacadh sna grúpaí. Tá foraoisí scaipthe ar fud na tíre agus is 8.8 heicteár meánmhéid na bhforaoisí sin.
Dúirt an tAire freisin:
"Cuidíonn KTGanna foraoiseachta le gníomhaíochtaí bainistithe a eagrú ina n-aonad bainistithe níos mó, agus ina n-oibríonn úinéirí foraoise in éineacht chun scála a uasmhéadú. Molaim do dhaoine atá ag glacadh páirte i KTGanna Foraoiseachta leanúint de theacht le chéile i ndiaidh dheireadh na Scéime go neamhfhoirmeálta nó trí ghrúpa úinéirí foraoise nó táirgeoirí a bhunú, ionas go leanfaidh siad de leas a bhaint as an méid atá foghlamtha go dtí seo."
CRÍOCH
Beidh cead 20 rannpháirtí ar a mhéad a bheith i ngach KTG agus beidh ar gach rannpháirtí freastal ar 7 gcruinniú nó imeacht faoin aer d'fhonn an clár a chur i gcrích. Is do dhaoine nár ghlac páirt i ngrúpa KT roimhe seo atá an scéim seo á hoscailt.
Déantar íocaíochtaí KTG a bhriseadh síos mar seo a leanas:
Íocaí | Aisíocaíocht/íocaíocht deontais de réir | € |
Rannpháirtí KTG | An cruinniú ar ar freastalaíodh | €70 an cruinniú |
Eagraí KTG | An KTG a eagraíodh | €6,500 an KTG |
Eagrófar 7 gcruinniú agus imeacht ar an iomlán de réir an KTG - is €490 an íocaíocht is mó a íocfar le gach rannpháirtí.
Beidh próiseas measúnaithe i gceist lena chinntiú nach mbreithneofar ach na hiarratais a bhaineann an bunchaighdeán amach maidir le KTG a eagrú. Déanfar na hiarratais a rangú chomh maith sa chás is go mbeidh an iomarca rannpháirtithe cláraithe.
Déanfar gach iarratas KTG a fhaightear a mharcáil de réir na gcritéar seo a leanas:
Déanfar na hiarratasóirí ar fad a rangú de réir na marcanna a bhronnfar. Roinnfear na KTGanna atá ar fáil 50:50 idir grúpaí táirgthe foraoiseachta agus cuideachtaí foraoiseachta/comhairleoirí foraoiseachta.
Is féidir teacht ar eolas breise agus ar fhoirmeacha iarratais ar láithreán gréasáin na Roinne Talmhaíochta ar: www.agriculture.gov.ie/forestservice/grantsandpremiumschemes2015-2018.