Fógraíonn an Taoiseach agus an Tánaiste sraith nua d’agallaimh Future Takes lena ndéantar comóradh ar cheithre bliana den Mhuintearas faoi thionscnamh Oileán Comhroinnte an Rialtais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an Taoiseach Simon Harris, an Tánaiste Micheál Martin agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, sraith nua Future Takes inniu, an 10 Deireadh Fómhair, mar ghné den tionscnamh Oileán Comhroinnte.
Leis an tsraith agallamh Future Takes, déantar comóradh ar cheithre bliana den idirphlé mhuinteartha, arna eagrú ag an Rialtas faoin Oileán Comhroinnte, trínar tháinig níos mó ná 4,000 ionadaí ón tsochaí shibhialta le chéile thar ceann na ndreamanna uile de bhunadh éagsúil ar an oileán d’fhonn plé a dhéanamh ar cheisteanna is ábhar spéise agus buartha maidir leis an am atá le theacht.
Ag leanúint den chaidreamh ar fud an oileáin, feictear cur i láthair sa tsraith Future Takes ó dhaoine iomráiteacha as Éirinn, Tuaisceart Éireann agus níos faide ó bhaile, faoin dóigh le deis mhaireachtála dúinn ar fad a chothú ar oileán na hÉireann, a mbeidh Comhaontú Aoine an Chéasta ina bhonn treise faoi.
Tugann lucht na n-agallamh a dtuairim faoin mórcheist: Cad is ceart dúinn a ghéilleadh ar mhaithe le breis athmhuintearais ar oileán na hÉireann, cibé foras reachta ar a mbeadh, agus cén tairbhe a d’fhéadfadh a theacht i gcrích i rith na mblianta amach romhainn?
Deir an Taoiseach Simon Harris TD:
“Is cúis áthais dom an tsraith Future Takes, faoi thionscnamh an Rialtais maidir le hOileán Comhroinnte, a fhógairt. Tá a dtuairim á nochtadh ag roinnt de na healaíontóirí agus de na ceannairí sibhialta is mó le rá dár gcuid ar fud an oileáin agus níos faide i gcéin maidir leis an dóigh, tráth seo an dóchais agus na deise, an féidir linn an gealladh a bhí riamh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a thabhairt i dtreis, níos tréine agus níos iomláine.
“Is mian liom buíochas a ghlacadh leo sin uilig a rinne fónamh do Future Takes. Tá siad ag cur leis an gcomhchaidreamh rífhiúntach ar fud na sochaí maidir le hathmhuintearas breise a chothú, le chéile, ar oileán na hÉireann don uile dhream, cónasctha ina gcuid éagsúlachta, rachmais agus dlúthpháirtíochta.”
Deir an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin TD:
“Chuireamar tús ceithre bliana ó shin leis na hIdirphléití ar Oileán Comhroinnte d’fhonn na smaointe, na ceisteanna, an t-ábhar buartha agus an t-údar dóchais atá ag daoine maidir lena bhfuil i ndán ar an oileán seo a chloisteáil. Ghlac líon is mó ná 4,000 ionadaí sibhialta, ó dhreamanna den uile bhunadh ar an oileán páirt sa phlé, agus chuidigh le tionscnamh Oileáin Chomhroinnte a thabhairt chun cinn. Cuirfidh an tsraith Future Takes dlús breise leis an bplé shibhialta uile-oileáin seo faoi shaol comhchéimneachta agus athmhuintearais a chothú le chéile bunaithe ar Chomhaontú Aoine an Chéasta.”
Deir an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD:
“Leantar, leis an tsraith Future Takes, den dúthracht maidir le plé shoicheallach a chothú mar chuid den tionscnamh Oileáin Chomhroinnte. Feictear sa tsraith lón smaointeoireachta atá éagsúil ó thaobh bonn tuisceana agus atá spéisiúil spreagúil maidir le modhanna inar féidir oibriú in éineacht ar mhaithe le breis athmhuintearais ar an oileán seo i rith na mblianta amach romhainn.”
CRÍOCH