Nuashonrú ar íocaíochtaí a bronnadh d’Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 agus Sochar Breoiteachta Breisithe - an 28 Iúil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla an tseachtain seo ar a bhfuil luach €56.92 milliún do 192,296 duine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (ÍDP) á fáil acu. Laghdú breis agus 9,800 duine é seo anuas ón méid daoine a íocadh an tseachtain seo caite.
Tá laghdú tagtha anois ar an líon daoine a bhfuil ÍDP á fháil acu faoi bhun 200,000 den chéad uair.
Agus tá an líon faighteoirí ar an leibhéal is ísle pointe ó tugadh an scéim isteach i Márta 2020.
Is san Earnáil Seirbhísí Cóiríochta agus Bia a bhí an laghdú ba mhó beagnach 3,000 duine agus i dTrádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola agus Tógáil a bhí an dara laghdú ba mhó breis agus 1,400 duine agus 900 duine, faoi seach, i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.
Tá na figiúirí a foilsíodh an tseachtain seo faoi ÍDP anuas ar na 175,281 duine a bhí ar an mBeochlár amhail deireadh mhí an Mheithimh. Íocadh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 isteach i gcuntais bhainc faighteoirí nó tá siad ag a n-oifig poist Dé Máirt, an 27 Iúil.
Ag caint di inniu faoi fhigiúirí ar leith ÍDP na seachtaine seo, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys:
“Tá laghdú tagtha den chéad uair ó tugadh an Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime isteach ar an líon daoine a bhfuil sé á fáil acu faoi bhun 200,000 duine.
“Ciallaíonn seo freisin go bhfuil an leibhéal is ísle bainte amach ag an líon faighteoirí ÍDP ó tugadh an íocaíocht isteach mar bheart éigeandála i Márta 2020.
“Leis seo a chur i gcomhthéacs, bhí breis agus 481,000 duine ag brath ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime go luath i bhFeabhra i mbliana – an uair dheireanach a bhain an víreas buaic amach.
“Tá laghdú thart ar 60% tagtha ar an líon sin anois - a léiríonn go soiléir an dul chun cinn atá á dhéanamh againn lenár ngeilleagar a athoscailt agus ár saoránaigh a thabhairt ar ais chuig an obair.”
Dúirt an tAire Humphreys freisin:
“De réir mar a athosclaítear fáilteachas taobh istigh go sábháilte, tá súil agam go dtiocfaidh laghdú breise ar an líon daoine a bhfuil ÍDP á fháil acu sna seachtainí amach romhainn de réir mar a fhilleann siad ar an ionad oibre.
“Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh ómós ar leith a thabhairt ar ghnólachtaí san earnáil fáilteachais, a bhfuil a ndoirse á n-athoscailt acu le bia a dháileadh taobh istigh.
“Ba thréimhse fhíordheacair an tréimhse le cúpla mí anuas don earnáil seo. Sin an fáth gur lean an Rialtas leis an réimse tacaíochtaí atá i bhfeidhm a chur ar fáil do ghnólachtaí agus a bhfostaithe.”
Dúirt an tAire Humphreys mar fhocal scoir:
“Tá ár straitéis Bealaí chun Oibre á tabhairt isteach anois go tapa - a chuireann tacaíochtaí ar fáil lena chur ar chumas daoine filleadh ar an obair arís.
“De réir mar a chruthaítear poist nua, is mian linn a chinntiú go bhfuil an oiliúint, na scileanna, agus an mhuinín ag daoine atá dífhostaithe faoi láthair chun glacadh leis na róil nua seo.
“Glacann Ionaid Intreo mo Roinne le ról ríthábhachtach lena chinntiú go dtabharfar an tseirbhís seo isteach.”
Leagtar amach sonraí breise faoi na treochtaí sna hAguisíní.
Agus an cohórt aoise atá leagtha amach in Aguisín 3 faoi chaibidil, leanann an laghdú is mó a bheith ar an aoisghrúpa faoi 25 bliain d’aois, ina bhfuair 39,144 duine ÍDP i gcomparáid le 42,308 duine an tseachtain seo caite.
Is é Baile Átha Cliath an contae ina bhfuil an líon is airde daoine go fóill a bhfuil ÍDP á fháil acu an tseachtain seo (71,981). Is iad Corcaigh (17,053) agus Gaillimh (10,159) an dara agus an tríú contae ina bhfuil an líon is airde daoine a bhfuil ÍDP á fháil acu.
Is í an earnáil ina bhfuil an líon is airde daoine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu ná Gníomhaíochtaí Seirbhíse Cóiríochta agus Bia (44,678) agus Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (29,440) agus gníomhaíochtaí Seirbhíse Riaracháin agus Tacaíochta (21,457).
Gabhann an tseachtain íocaíochta d’Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ón Aoine go Déardaoin agus íoctar íocaíochtaí an Mháirt ina dhiaidh sin. Gheobhaidh daoine a dhún a n-éileamh ar ÍDP faoi Dé Luain, an 26 Iúil, mar gheall gur fhill siad ar an obair, a n-íocaíocht dheireanach ÍDP Dé Máirt, an 3 Lúnasa.
Leanann an Roinn ag meabhrú d’oibrithe atá ag filleadh ar an obair go gcaithfidh siad a n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh ar an dáta féin a thosóidh siad ag oibriú arís, lena chinntiú go bpróiseáiltear a n-éileamh i gceart agus lena sheachaint ró-íocaíocht a dhéanamh a rachaidh an Roinn i mbun beart lena haisghabháil.
Mar gheall go n-íoctar ÍDP gach seachtain i riaráistí, tá íocaíocht dheireanach á fáil an tseachtain seo ag 3,770 duine a dhún a n-éileamh agus cuirtear na daoine seo san áireamh sna líonta atá á n-íoc an tseachtain seo.
Is iad na trí earnáil is mó inar chuir fostaithe deireadh lena nÍocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime chun filleadh ar an obair Gníomhaíochtaí Seirbhíse Cóiríochta agus Bia (1,643), Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (785) agus Tógáil (548).
Dhún 1,526 duine faoi 25 bliain d’aois a n-éileamh le seacht lá anuas chun filleadh ar an obair, i gcomparáid le 3,038 an tseachtain roimhe sin.
Is é an bealach is fusa chun éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh ná ar líne trí www.MyWelfare.ie. Is féidir le haon oibrí atá ag filleadh ar an obair a bhfuil fiosrúchán acu faoina n-éileamh a dhúnadh, teagmháil a dhéanamh le Líne Thacaíochta Ioncaim thiomnaithe na Roinne trí ghlao ar 1890 800 024 ó Luan go hAoine ó 9am go 5pm.
Tugann an roinn faoi shraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iaríocaíochta ar gach éileamh ar ÍDP, seiceálacha cáilitheachta leanúnaí san áireamh. Má dhéantar na seiceálacha seo a cheadú, déanann an Roinn na híocaíochtaí seo a phróiseáil bunaithe ar fhéindearbhú na gcliant.
Déanann an roinn seiceálacha iaríocaíochta lena n-áirítear sonraí a fhíorú in aghaidh thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim, cásanna a scrúdú ina mbaintear úsáid as an gcuntas bainc céanna roinnt mhaith amanna, ina scrúdaítear cásanna ina dtugann an fostóir nó baill den phobal buarthaí le fios, agus ina n-úsáidtear anailísíocht sonraí chun éilimh a shainaithint agus a sheiceáil. Tugann sé faoi chigireachtaí ar fhostóirí freisin.
Tugann Aonad Imscrúdaithe Speisialta na roinne faoin obair seo, ina bhfuil breis agus 20 Garda ag oibriú ann ar iasacht leis an roinn.
De réir mar a athosclaítear gnólacht, leanann cigirí na roinne le hathbhreithnithe rialaithe a dhéanamh agus taifid a chur i gcomparáid le sonraí párolla fostóirí ó na Coimisinéirí Ioncaim lena chabhrú a chinntiú go ndúnann daoine a n-éileamh fad a fhilleann siad ar an obair. Lena sheachaint ró-íocaíocht a fháil, ba cheart do dhaoine atá ag filleadh ar an obair a n-éileamh a dhúnadh agus is féidir leo sin a dhéanamh gan stró ag should Go leor a n-éileamh agus a dhéanamh so gan stró ag www.MyWelfare.ie.
Faoi mar a rinne an Roinn níos luaithe i mbliana agus anuraidh, rinneadh teagmháil le faighteoirí ÍDP agus iarradh orthu a gcáilitheacht a dheimhniú chun leanúint leis an íocaíocht a fháil Dé Máirt, an 27 Iúil. Má theip orthu a gcáilitheacht leanúnach a dheimhniú, d’fhéadfaí stop a chur le híocaíocht ÍDP.
Is féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (ÍDP) á fáil acu atá ag iarraidh a ngnólacht a chothabháil a mhéid le €960 a thuilleamh i gcaitheamh tréimhse ocht seachtaine agus a dteidlíocht iomlán do ÍDP a choimeád.
Níl aon phróiseas iarratais foirmiúil ann agus ní gá do dhuine féinfhostaithe ach an Roinn a chur ar an eolas má thuilleann siad breis agus €960 in aon tréimhse ocht seachtaine.
Leanfaidh an Deontas Tacaíochta Fiontraíochta €1,000 a bheith ar fáil don chuid eile den bhliain do dhaoine féinfhostaithe a dhúnann a n-íocaíocht ÍDP. Beidh iad siúd a d’éiligh an deontas in 2020 ach a raibh ÍDP á íoc arís leo ina dhiaidh sin in 2021, in ann teacht ar an deontas an dara huair.
Is é an bealach is éasca agus is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh, Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime agus Sochar Breoiteachta Breisithe agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist san áireamh, ar líne ag www.MyWelfare.ie. Ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana tráth ar bith, áit ar bith agus ar gach gléas. Tugtar an rogha do dhaoine iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Linbh, aisíocaíochtaí ÁSPC agus íocaíochtaí cuardaitheora poist anuas ar iarraidh ar ráiteas nó ar thaifead ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh ón Roinn.
Tá an tseirbhís iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar fáil ag www.MyWelfare.ie do dhaoine a chónaíonn in Éirinn atá ar a laghad 18 mbliana d’aois agus a dteastaíonn Uimhir PSP uathu chun sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí poiblí agus eolas a fháil in Éirinn. Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar líne, beidh ar dhuine cuntas bunúsach MyGovID a bheith acu.
Ar mhaithe leis an gcomhairle sláinte poiblí agus cloí le scaradh sóisialta, iarrtar ar dhaoine, más féidir, gan freastal ar a nIonad Intreo áitiúil. Ina ionad sin, ba cheart dóibh leas a bhaint as na seirbhísí ar líne atá ar fáil trí MyWelfare.ie.
Moltar d’fhostaithe nó daoine féinfhostaithe a dtagann an víreas orthu nó a dtugann a ndochtúir teastas leighis dóibh ina moltar dóibh féinaonrú, iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Breisithe. Murab ionann agus an gnáth-Shochar Breoiteachta, íoctar Sochar Breoiteachta Breisithe ón gcéad lá den bhreoiteacht. Is é an bealach is tapúla agus is fusa chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Breisithe trí www.MyWelfare.ie.
Tá íocaíocht Sochair Breoiteachta Bhreisithe á fáil inniu ag 1,642 duine, i gcomparáid le 1,435 duine an tseachtain seo caite.
Tá sonraí iomlána ar fáil faoi Shochar Breoiteachta Breisithe, miondealú de réir earnála agus contae chomh maith le próifíl aoise, ag Aguisín, 9, 10 agus 11.
Meabhraítear do chustaiméirí agus baill den phobal go bhfuil glaonna gutháin camscéime á gcur agus teachtaireachtaí téacs camscéime á seoladh ag daoine a maíonn gurb oifigeach na roinne iad. Déanann réimse uimhreacha gutháin na glaonna seo a chur agus na teachtaireachtaí seo a sheoladh, agus bíonn an chuma chéanna ar roinnt díobh le huimhreacha gutháin na roinne. Ba mhaithe leis an roinn a mheabhrú dá custaiméirí go léir nach lorgóidh sé eolas pearsanta riamh ó chustaiméirí trí theachtaireacht téacs agus nach n-iarrfaidh sé riamh ar chustaiméir a sonraí bainc a thabhairt ar an nguthán.
Iarrtar ar aon duine a gcuirtear glaoch orthu nó a seoltar teachtaireacht téacs chucu den saghas sin gan aon eolas a thabhairt agus na Gardaí a chur ar an eolas air láithreach.