Fáiltíonn OPW roimh chinneadh ón mBord Pleanála inniu a cheadaíonn cosaintí tuile Oileán an Rí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fáiltíonn Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) roimh chinneadh ón mBord Pleanála inniu a cheadaíonn an Sceim um Fhaoiseamh Tuile le haghaidh Oileán an Rí. Is cuid é seo den scéim iomlán um fhaoiseamh tuile atá molta do Chathair Luimnigh agus an ceantar mórthimpeall. Meastar go dtosóidh an obair sa chéad ráithe in 2022 agus go nglacfaidh sé dhá bhliain um a chríochnú.
I ndiaidh na mórthuilte i gCathair Luimnigh i mí Feabhra 2014, thug OPW gealltanas do Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh (CCCL) maoiniú a sholáthar le haghaidh oibreacha cosanta tuile ag Oileán an Rí – sealadach agus buan. Chuir OPW maoiniú ar fáil do CCCL um bratphíleáil taobh thiar de chlaífort, a críochnaíodh in 2014, agus um réamhoibreacha ar an bPlás Úrghlas (athphointeáil bhalla cloiche agus balla coincréithe treisithe a thógáil ar chúl), a críochnaíodh in 2017.
In 2015, le maoiniú ó OPW, cheap CCCL ARUP agus JBA mar chomhairleoirí chun buanscéim um fhaoiseamh tuile a dhearadh le haghaidh Oileán an Rí. Seoladh iarratas um chead pleanála chuig An Bord Pleanála ar 20 Nollaig 2019. Meastar go gcosnóidh an scéim iomlán thart faoi €26 mhiliún; tabharfar cosaint ar 450 áit chónaithe agus ar 23 réadmhaoin tráchtála (is meastachán réamhphleanála é seo a fhéadfadh athrú ón bpróiseas miondeartha agus soláthair, de réir chúinsí an mhargaidh ag am tairisceana). Tá CCCL geallta um ghnéithe spáis phoiblí na scéime a mhaoiniú suas chuig €1.64 mhiliún; tiocfaidh fuíolach an chostais ó OPW as €1.3 bhiliún atá cionroinnte um bainistiú priacal tuile sa thréimhse 2018-2030. Tá soláthar um chostas na scéime san áireamh i gcionroinnt chaipitil ilbhliantúil OPW.
Ag fáiltiú dó roimh an chinneadh seo, dúirt an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan:
“Tá áthas orm inniu maidir leis an gcinneadh ón mBord Pleanála Scéim um Fhaoiseamh Tuile Oileán an Rí a cheadú. Tuigim go bhfuil mórshaothar déanta chun an scéim seo a chur chun cinn i gceantar ina bhfuil ceisteanna comhshaoil agus seandálaíochta. Tuigim freisin go gcuirfear áiseanna tábhachtacha ar fáil don phobal trí oibreacha suntasacha sa spás poiblí, chomh maith leis na hoibreacha cosanta tuile. Tá moladh ag dul do bhaill foirne CCCL agus OPW, i dteannta leis na comhairleoirí, as a saothar chun an scéim a fhorbairt chuig an pointe seo. Táim ag súil anois le ceapadh conraitheora agus tús na hoibre go luath an bhliain seo chugainn.”
Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland