Deimhníonn an tAire Humphreys go bhfuil Cúnamh Daonnúil ar fáil chun tacú leo siúd atá buailte ag tuilte i gCorcaigh agus i bPort Láirge
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, go bhfuil an Scéim um Chúnamh Daonnúil ar fáil chun tacaíocht a sholáthar dóibh siúd atá ina gcónaí i réadmhaoine atá buailte go díreach ag tuilte i gContaetha Chorcaí agus Phort Láirge tar éis Stoirm Babet.
Cuireann an Scéim um Chúnamh Daonnúil cosc ar chruatan trí thacaíocht airgeadais atá tástáilte ó thaobh ioncaim de a chur ar fáil do dhaoine a ndearnadh damáiste dá dtithe de dheasca tuilte agus teagmhais drochaimsire agus nach bhfuil in ann costais a íoc le haghaidh riachtanais riachtanacha, earraí tí agus deisiú struchtúrach.
Ag labhairt faoi um thráthnóna, dúirt an tAire Humphreys:
“Tuigim go maith go bhfuil Stoirm Babet ag cruthú tuilte agus ag cur isteach go mór ar dhaoine, go háirithe i gceantar Mhainistir na Corann i gCorcaigh.
“D'fhéadfadh sé go mbeidh codanna eile den chontae agus go deimhin den tír buailte chomh maith sula ngabhfaidh an stoirm thart.
“Tá mo Roinn i dteagmháil ar an talamh leis na daoine atá buailte lena chinntiú go bhfuil teacht acu ar an gcabhair a theastaíonn uathu.
“Tá an Scéim um Chúnamh Daonnúil oscailte agus tá tacaíocht ar fáil.”
Dúirt an tAire Humphreys:
“Más gá d'aon úinéir tí atá buailte ag Stoirm Babet rochtain a fháil ar na tacaíochtaí seo, is féidir leo teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Leasa Pobail trí ghlaoch a chur ar 0818 60 70 80.”
Agus í ag déileáil le heachtraí éigeandála, is iondúil go nglacann an roinn le cur chuige trí chéim mar seo a leanas:
Braitheann leibhéil íocaíochta faoin scéim ar dhéine choibhneasta an damáiste a rinneadh agus ar chumas an teaghlaigh na costais sin a chlúdach, le cinntiú go ndírítear an maoiniú go cuí.
Tá an measúnú acmhainne do Chúnamh Daonnúil níos flaithiúla ná an measúnú a dhéantar faoi íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh dá ndéantar tástáil mhaoine de ghnáth. Is é bunphrionsabal na tástála ioncaim ná go gcáileoidh daoine aonair agus teaghlaigh a bhfuil meánleibhéil ioncaim acu le haghaidh cúnaimh, lena n-áirítear daoine nach faighteoirí Leasa Shóisialaigh iad.
Ní chumhdaítear leis an scéim rioscaí atá cumhdaithe cheana féin ag polasaithe árachais nó a chumhdaíonn caillteanais ghnó nó tráchtála. Cuireann sé cúnamh spriocdhírithe ar fáil dóibh siúd a bhfuil a dtithe buailte.