Fáiltíonn an tAire Naughton roimh sheoladh an tsuímh Ghréasáin um Ionad Oibre Shláintiúil arna mhaoiniú ag Éire Shláintiúil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann an tAire Stáit atá freagrach as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Hildegarde Naughton, fáilte inniu roimh sheoladh an tsuímh gréasáin Ionad Oibre Sláintiúil
Forbartha faoi Chreat Náisiúnta i leith Ionaid Oibre Sláintiúil, tá sé mar aidhm ag an suíomh gréasain freastal ar gach rud a bheadh uait ann chun cabhrú le heagraíochtaí a n-ionad oibre a athrú ina Ionad Oibre Sláintiúil.
Tá uirlisí idirghníomhacha ann chun seachadadh agus measúnú tionscnamh sláinte agus folláine in ionaid oibre a éascú, beag beann ar mhéid.
Tá sé deartha le freastal air riachtanais eagraíochta poiblí agus príobháideacha agus tá sé dírithe ar bhaill foirne ó Folláine/Cothú Sláinte, Acmhainní Daonna, Sláinte Ceirde, Sláinte & Sábháilteacht, cinnteoirí sa bhainistíocht shinsearach, agus fostaithe atá ag súil le hIonad Oibre Sláintiúil a chur chun cinn.
Le linn an tseolta dúirt an tAire Naughton:
"Tá buntáistí ilghnéitheacha ag baint le hionad oibre sláintiúl agus sásta, don duine aonair agus don sochaí.
"Le breis is dhá mhilliúin duine fostaithe in Éirinn, tá an cumas ag eagraíochta a úsáideann healthyworkplace.ie tionchar a bheith acu ar shláinte na tíre, toisc go mbeidh tionchar díreach ag na bearta a chuireann siad i bhfeidhm ar fholláine fhisiciúil, mheabhrach, eacnamaíoch agus shóisialta na n-oibrithe.
"Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na forbróirí suímh gréasáin agus tréaslú leis le geallsealbhóirí a chuir leis an bhforbart seo.
"Is áis iontach é agus táim ag súil le féachaint conas a n-úsáidfidh eagraíochaí é chun ionadaithe oibre níos sláintiúla a thógáil."
Dúirt ceannasaí Éire Shláintiúil, Tom James:
"Is cloch mhíle suntasach é seoladh an tsuímh gréasáin Ionad Oibre Sláintiúil i gcur i bhfeidhm an Chreat Náisiúnta i leith Ionaid Oibre Sláintiúil.
"Cuireann sé acmhainní agus tacaíocht ar fáil d’ionaid oibre atá oscailte agus réidh le dul i ngleic leis an gclár oibre folláine agus tá sé seo riachtanach má táimid chun sláinte an daonra ar fad a fheabhsú.
Is tosaíocht é suíomh gréasáin Ionaid Oibre Sláintiúla faoi Chreat Náisiúnta i leith Ionaid Oibre Sláintiúil. Is toradh é an Creat ar chomhoibriú ilearnála faoi stiúir an Rialtais a leagann amach an treochlár chun tacú le fás cur chuige éifeachtach chun sláinte agus folláine a fheabhsú san ionad oibre. Cuireann sé treoir straitéiseach sholúbtha ar fáil, ar féidir a chur in oiriúnt d'aon ionad oibre, chun cabhrú le sláinte agus folláine a chruthú agus a chothú i measc an lucht saothair.