Fógraíonn an tAire Sláinte maoiniú taighde €2.5 milliún chun sábháilteacht othar a fheabhsú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, inniu infheistíocht shuntasach €2.5 milliún thar cheithre bliana sa ghrúpa fianaise agus taighde, an Lárionad in Éirinn um Athbhreithnithe ar Fhianaise Chliniciúil (CICER).
Cuirfidh CICER tacaíocht eolaíoch agus an fhianaise is fearr ar fáil chun tacú le treoirlínte cliniciúla náisiúnta, atá dírithe ar shábháilteacht othar a fheabhsú, a fhoilsítear trí Choiste Náisiúnta um Éifeachtacht Chliniciúil (NCEC) na Roinne Sláinte.
Cuireann an infheistíocht €2.5 milliún, bronnta ag an mBord Taighde Sláinte (HRB) tar éis comórtais oscailte, béim ar thiomantas na hÉireann a chinntiú go bhfuil an fhianaise a chuireann bonn eolais faoin gcaoi a soláthraímid seirbhísí cúraim sláinte cothrom le dáta, neamhchlaonta, costéifeachtach agus comhsheasmhach.
Dúirt an tAire Donnelly:
“In aois na bréagaisnéise, tá sé níos tábhachtaí ná riamh faisnéis ar ardchaighdeán fhianaisebhunaithe a bhailiú. Cuidíonn Treoirlínte Cliniciúla bunaithe ar an bhfianaise is fearr lenár n-oibrithe cúraim sláinte chun cúram sláinte a sholáthar atá cothrom le dáta, éifeachtach agus comhsheasmhach.
“Trí na treoirlínte seo a chur i bhfeidhm, is féidir torthaí sláinte a fheabhsú d'othair, éagsúlacht sa chleachtas a laghdú, agus cáilíocht na gcinntí cliniciúla a fheabhsú."
Bainfidh CICER an méid seo a leanas amach:
Go dtí seo, d'fhoilsigh an NCEC 30 Treoir Chliniciúil Náisiúnta. Is ionann an infheistíocht seo agus an dara céim den mhaoiniú don chomhoibriú idir NCEC na Roinne Sláinte agus an HRB. Chuir an chéad chéim, a bhí ar siúl ó 2017 go 2024, tacaíocht agus fianaise ar fáil a bhí mar bhonn agus mar thaca ag foilsiú na dTreoirlínte Cliniciúla Náisiúnta a thugann aghaidh ar ghnéithe ríthábhachtacha sábháilteachta othar lena n-áirítear leigheas éigeandála, cúram ailse, stop a chur le caitheamh tobac, agus cosc ionfhabhtuithe. Chuir na treoirlínte seo go mór le torthaí sláinte a fheabhsú, le héagsúlú cleachtais a laghdú, agus le cáilíocht na gcinntí cliniciúla a fheabhsú.
Tá CICER faoi stiúir an Dr Máirín Ryan ón Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA), agus cuimsíonn sé comhiarratasóirí eolaíochta agus cliniciúla ó HIQA, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD) agus Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn (RCSI). Áirítear ar an bhfoireann freisin saineolaithe idirnáisiúnta ón Ríocht Aontaithe, Ceanada agus an Astráil i réimsí cosúil le heacnamaíocht, sintéis fhianaise agus forbairt treoirlíne, agus cinnteoidh an comhoibriú dlúth le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) go mbeidh an próiseas forbartha agus scaipthe treoirlíne bunaithe ar an gcomhthéacs cur chun feidhme de chúram sláinte in Éirinn.
Dúirt an Dr Mairéad O'Driscoll, Príomhfheidhmeannach an HRB:
“Tá an HRB sásta tacú leis an tionscnamh seo, a leanfaidh de thacaíocht fianaise ar ardchaighdeán, thiomnaithe agus thráthúil a chur ar fáil don Choiste Náisiúnta um Éifeachtacht Chliniciúil agus do Ghrúpaí Forbartha Treoirlíne.
“Príomhghné sa chéim seo den infheistíocht is ea ról CICER a fheabhsú laistigh den éiceachóras fianaise náisiúnta agus domhanda. Trí nascadh le hionaid eile sa phobal tacaíochta fianaise agus taighde modheolaíochta níos leithne, is féidir le CICER comhordú a fheabhsú, dúbailt a laghdú agus dea-chleachtas a chur chun cinn i dtacaíocht fianaise d'fhorbairt treoirlíne".
Dúirt Stiúrthóir Measúnaithe Teicneolaíochta Sláinte HIQA agus príomhthaighdeoir CICER, an Dr Máirín Ryan:
"Cuidíonn na Treoirlínte Cliniciúla Náisiúnta le soláthraithe agus le hothair le roghanna eolacha a dhéanamh maidir le cúram, cáilíocht, sábháilteacht agus an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil i gcúram sláinte. Ó bunaíodh é in 2017, chuir CICER tacaíocht mhodheolaíoch dhian ar fáil do níos mó ná dosaen Treoirlínte Cliniciúla Náisiúnta, ó chúram diaibéitis go córais chun meath cliniciúil in ospidéil a thabhairt faoi deara agus a bhainistiú go luath.
"Tacóidh an deontas nua HRB seo le rannpháirtíocht othar agus phoiblí agus cuirfidh sé ar ár gcumas leanúint le fianaise idirnáisiúnta cothrom le dáta a shintéisiú chun bonn eolais a chur faoi chinntí ríthábhachtacha d'othair in Éirinn".