Léiríonn an tAire O’Donovan críochnú oibreacha ag Dolmain Chnoc an Bhrúnaigh le cuairt ar Cheatharlach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (Dé Máirt 15 Feabhra) léirigh Patrick O’Donovan, T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), críochnú ar oibreacha tírdhreachaithe agus rochtana ag Dolmain Chnoc an Bhrúnaigh lasmuigh de bhaile Cheathharlach. Ina theannta bhí an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchánach Malcolm Noonan, T.D., ionadaithe áitiúla, comhairleoirí, oifigigh OPW agus comhairle; bhronn sé plaic in onóir na hócáide ar Chathaoirleach Chomhairle Contae Cheatharlach, Fintan Phelan.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Is geal liom go bhfuil Dolmain Chnoc an Bhrúnaigh athoscailte anois don phobal. Chuir Foireann Chaomhnaithe Seirbhísí Oidhreachta OPW cosán nua agus claí, suíocháin agus comharthaí in áit, a chuireann go mór le cruth an tsuímh, atá anois inrochtana do chách. Rinneadh an obair seo tráth na dara dianghlasála agus faoi dhúshláin mar íogaireacht seandálaíochta na háite agus díobháil don droichead rochtana. Tréaslaím leis an bhfoireann faoi cheannas OPW a chuir an obair chun cinn gan aon ró-mhoill, rud a chuir áthas ar mhuintir na háite agus ar chuairteoirí araon.”
Dúirt an tAire Stáit le cúram um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchánach, Malcolm Noonan TD:
“Tá oidhreacht saibhir againn i gContae Cheatharlach – tógtha, seandálaíochta agus nádúrtha. Fáiltím roimh an díriú suntasach ar an gcuid is fearr a bhaint as an oidhreacht sin, ar mhaithe leis an bpobal áitiúil agus leis an dturasóireacht. Táim féin agus an tAire O’Donovan geallta um oibriú leis na páirtithe leasmhara uile chun na suíomhanna tábhachtacha seo a neartú, a chaomhnú agus a léirmhíniú. Ceapadh oifigeach oidhreachta sa chontae le déanaí agus is dóigh liom go gcuideoidh sé seo go mór um Cheatharlach a chothú mar láthair oidhreachta.”
Ansin thug an tAire O’Donovan cuairt ar Chaisleán Cheatharlach, áit ar chríochnaigh OPW móroibreacha cobhsaithe in 2021; scriosadh cuid de bhalla an Túir Thoir-Thuaidh sa chaisleán de dheasca Stoirme Ciara i mí Feabhra 2020. Athosclaíodh an suíomh don phobal i mí Dheireadh Fómhair 2021. Thug sé cuairt freisin ar Theach Cúirte Cheatharlach, áit a bhfuil tionscadal píolótach um dheisiú na ráillí iarainn, atá le críochnú faoi dheireadh mhí Meithimh.
Ansin chuaigh an tAire ar aghaidh chuig Garraíthe Altamont, mar a bhfuil raidhse mór plúiríní sneachta an tráth seo bliana. Thosaigh an t-iarúinéir, Corona North,an bailiúchán seo agus le 23 bliana anuas tá sé faoi chúram OPW; tá breis agus 150 cineál ainmnithe plúiríní sneachta ann. D’oscail an tAire O’Donovan an garraí daingean athchóirithe agus d’fhógair sé go bhfuil Howley Hayes Cooney Architects ceaptha chun an Fhoireann Chomhtháithe Dhearaidh a threorú san Tionscadal Forbartha le haghaidh Teach agus Garraíthe Altamont. Tá comh-mhaoiniú chuige seo ag teacht ó Chiste Forbartha um Athghiniúint Tuaithe na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Dúirt an tAire O’Donovan go raibh súil aige go mbainfí úsáid as an ngarraí daingean athchóirithe seo le haghaidh imeachtaí samhraidh – ceolchoirmeacha nó ceardlanna oideachais – a bheadh ag teacht le dearcadh Corona North, duine a chuir an-bhéim ar oideachas agus ar eolas a scaipeadh imeasc an phobail.
Dúirt an tAire O’Donovan;
“Le ceapadh ailtirí tá tús á chur le céim dhearaidh an tionscadail chun Teach agus Garraíthe Altamont a fhorbairt. Uaidh seo déanfar forbairt bhreise ar an eastát agus cruthófar tarraingt do chuairteoirí agus gairdín oidhreachta in Oir-Dheisceart Éireann. Rachaidh OPW i gcomhairle le páirtithe leasmhara de réir mar a thagann pleananna chun cinn. Ins na blianta atá romhainn táimid ag súil le hiliomad áiseanna a fheiceáil anseo – uasghrádú ar charrpháirceáil, rochtain ar bhunurlár an tí ag cuairteoirí, áiseanna do chuairteoirí agus caifé ins na clóis Eibhir agus Clogthí, láthair oideachais um oidhreacht nádúrtha, gailearaí agus taispeántas léirmhínithe – trí oiriúnú a dhéanamh ar na foirgnimh atá ann.”
-CRÍOCH-
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works