Fógraíonn an tAire O’Gorman €1.5m de mhaoiniú breise le haghaidh Ionaid Acmhainní Teaghlaigh
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, €1.5m de mhaoiniú breise le haghaidh Ionaid Acmhainní Teaghlaigh inniu, le leibhéal bunchistiú nua de €160,000 le haghaidh Ionaid Acmhainní Teaghlaigh (IATanna). Bainfidh 54 IAT ar fud na tíre tairbhe as seo.
Is é is sprioc an leithdháilte seo ná bunchistiú na hIATanna seo a thabhairt chuig bonnleibhéal nua de €160,000 in 2025 chomh maith le maoiniú breise a chur ar fáil do na hIATanna is ísle maoinithe roimh dheireadh na bliana seo. Leis an maoiniú seo, cuirfear na hIATanna ar a gcumas cur le líon a mball foirne i gcásanna áirithe, agus tacófar leis an ról ríthábhachtach atá ag IATanna in an-chuid pobal ar fud na tíre trí réimse cuimsitheach seirbhísí a sholáthar atá saincheaptha le haghaidh riachtanais phobal ar leith.
Dúirt an tAire O’Gorman:
“Tá an tionchar dearfach a mbíonn ag IATanna ar phobail chomh maith leis an réimse leathan oibre a dhéanann siad feicthe agam go pearsanta, agus tá ríméad orm a bheith in ann leibhéil bhunchistithe na IATanna seo a mhéadú. Tá a fhios agam gur iarratas seanbhunaithe é seo de chuid IATanna. Tagann na méaduithe seo sa mhullach ar chomhaontú an CCÁO ar thángthas air i mí Dheireadh Fómhair 2023. Tiocfaidh na méaduithe atá á bhfógairt agam inniu i bhfeidhm in 2024 agus cinnteofar leo nach bhfaighidh aon IAT níos lú ná €160,000 de bhunchistiú ó mo Roinn ón bhliain seo chugainn ar aghaidh.
Leis an leithdháileadh seo, rachfar i ngleic leis na costais mhéadaithe a bhfuil roinnt IATanna thíos leo agus beidh sé ina chabhair i dtaca le soláthair seirbhíse a leathnú. Tógfar ar an leibhéal nua seo le haon mhéaduithe eile don bhunchistiú amach anseo. Íocfaidh Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus Teaghlach na méaduithe do na hionaid.”
Dúirt Kate Duggan, POF Tusla:
“Cuireann Tusla fáilte roimh fhógra an lae inniu ón Aire O’Gorman maidir le maoiniú breise le haghaidh Ionaid Acmhainní Teaghlaigh, lena chinntítear leibhéal bunchistithe nua de €160,000. Leis an infheistíocht seo, neartófar seirbhísí a sholáthraítear i bpobail ar fud na tíre, lena mbainfidh tionchar dearfach i dtaca leis na leanaí, na daoine óga, na daoine aonair, agus na teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu sna pobail seo agus a mbaineann tairbhe as Seirbhísí Acmhainní Teaghlaigh.”
Chuir Fóram Náisiúnta um Ionad Acmhainní Teaghlaigh fáilte roimh an méadú ar bhunchistiú freisin. Dúirt Jackie Landers, Cathaoirleach an Fhóraim Náisiúnta um Ionad Acmhainní Teaghlaigh agus POF Ionaid Acmhainní Teaghlaigh Lios Tuathail:
“Is mór ag an bhFóram Náisiúnta um Ionad Acmhainní Teaghlaigh an leibhéal rannpháirtíochta agus tacaíochta ar léirigh an tAire Roderic O’Gorman don Chlár Náisiúnta um Ionad Acmhainní Teaghlaigh. Tá cuairteanna rialta tugtha ag an Aire ar IATanna áitiúla agus tá sé tar éis bualadh go rialta leis an bhFóram Náisiúnta um IAT, níl ach trí seachtaine caite ó rinne sé amhlaidh. Tá an maoiniú a fógraíodh inniu thar a bheith tábhachtach do 54 dár mbaill is ísle maoinithe agus is cloch mhíle thábhachtach í ar an aistear i dtreo maoinithe leordhóthanach, inbhuanaithe do na IATanna uile.”
Is clár pobal-lárnach é an clár Ionaid Acmhainní Teaghlaigh a bhfuil tacaíocht airgeadais á fáil aige ó roinnt mhaith Gníomhaireachtaí Stáit. Tá sé tábhachtach go dtugtar faoi deara nach léirítear leis an maoiniú ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ach cuid den mhaoiniú iomlán atá ar fáil do IATanna ar bhonn náisiúnta. Chomh maith leis an mbunchistiú a chuireann an Roinn ar fáil, tarraingíonn na IATanna ar roinnt fhoinsí maoinithe eile a chuireann Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile ar fáil.
Riarann Tusla an Clár Ionaid Acmhainní Teaghlaigh, lena gcuirtear tacaíocht ar fáil do 121 Ionad Acmhainní Teaghlaigh ar fud na tíre. Cuireann IATanna réimse seirbhísí uilíocha agus spriocdhírithe ar fáil chomh maith le deiseanna forbartha lena dtugtar aghaidh ar riachtanais teaghlach. D’fhéadfaí go n-aireofaí leis seo na nithe seo a leanas:
• Soláthar eolais, comhairle agus tacaíochta do spriocghrúpaí agus do theaghlaigh. Eolas maidir leis an réimse seirbhísí agus roghanna forbartha atá ar fáil go háitiúil chomh maith le comhairle i dtaca le rochtain a fháil ar chearta agus ar theidlíochtaí. Tá feidhm lárnach ag IATanna mar a bhaineann sé le hatreorú go soláthróirí seirbhíse príomhshrutha.
• Cúrsaí oideachais agus deiseanna oiliúna a sholáthar.
• Grúpaí pobail nua a bhunú agus a chaomhnú chun freastal ar riachtanais áitiúla chomh maith le seirbhísí a sholáthar ag an leibhéal áitiúil (mar shampla, áiseanna cúraim leanaí, clubanna iarscoile, grúpaí na bhfear, etc.)
• Comhairleoireacht agus tacaíocht a sholáthar do dhaoine aonair agus do ghrúpaí.
• Cumas agus ceannaireacht a fhorbairt laistigh de phobail.
• Tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt phearsanta agus d’fhorbairt ghrúpa.
• Cabhair phraiticiúil a thabhairt do dhaoine aonaracha agus do ghrúpaí pobail amhail rochtain ar theicneolaíocht faisnéise agus áiseanna oifige.
• Cabhair phraiticiúil do ghrúpaí pobail atá ann cheana amhail cabhair a thabhairt i dtaca le struchtúir eagraíochtúla, cabhair a thabhairt i dtaca le rochtain a fháil ar mhaoiniú nó comhairle a thabhairt i dtaca leis an gcaoi chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna sóisialta ar leith.
• Ag tacú leis an líonrú laistigh den phobal.
• Ag cur le hobair Beartais.
Méadaítear na IATanna go €160,000 in 2025
1 | TRIM FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH BHAILE ÁTHA TROIM) | €68 |
2 | GORT RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ AN GHOIRT TEO) | €438 |
3 | SPAFIELD FRC LTD (IAT GHORT AN SPÁ TEO) | €489 |
4 | KENMARE FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH NEIDÍN TEO) | €3,174 |
5 | HILLVIEW COMMUNITY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ POBAIL RADHARC AN CHNOIC TEO) | €4,295 |
6 | KILLINARDEN RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ CHILL AN ARDÁIN) | €11,100 |
7 | SOUTH WEST WEXFORD COMM DEV GROUP (GRÚPA FORBARTHA POBAIL IARDHEISCEART LOCH GARMAN) | €11,321 |
8 | SOUTH WEST KERRY FRC LTD (IAT IARDHEISCEART CHIARRAÍ TEO) | €11,401 |
9 | THE FORGE FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH NA CEÁRTA TEO) | €12,026 |
10 | BOYLE FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH MHAINISTIR NA BÚILLE) | €12,757 |
11 | BALLYMOTE FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH BHAILE AN MHÓTA TEO) | €13,229 |
12 | DUNFANAGHY COMMUNITY & FAMILY RESOURCE LTD (ACMHAINN POBAIL AGUS TEAGHLAIGH DHÚN FIONNACHAIDH TEO) | €14,632 |
13 | WEST SLIGO FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH SHLIGIGH THIAR TEO) | €16,563 |
14 | BALDOYLE FAMILY RESOURCE SERVICES LTD (SEIRBHÍSÍ ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH BHAILE DÚILL TEO) | €17,551 |
15 | ABBEYDORNEY/KILFYNN (MAINISTIR Ó DTORNA/KILFYNN) | €19,928 |
16 | DONEGAL FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH DHÚN NA NGALL TEO) | €19,928 |
17 | DUAGH FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH DUBHÁTHA) | €20,423 |
18 | ARTANE COOLOCK RESOURCE & DEVELOPMENT CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ AGUS FORBARTHA ARD AIDHIN NA CÚLÓIGE TEO) | €21,660 |
19 | BALLINA FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH BHAILE AN ÁTHA) | €23,726 |
20 | BRIDGEWAYS FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH BRIDGEWAYS) | €23,767 |
21 | SOLAS FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH SOLAIS) | €24,326 |
22 | SLIGO FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH SHLIGIGH) | €25,117 |
23 | KILLORGLIN FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH CHILL ORGLAN) | €25,529 |
24 | CASTLEMAINE FRC LTD (IAT CHAISLEÁN NA MAINGE) (T /A MAINE VALLEY FAMILY CENTRE) | €25,750 |
25 | KELLS FRC (IAT NA GCEALL) | €27,094 |
26 | KERRYHEAD/BALLYHEIGUE FRC (IAT CHEANN CHIARRAÍ/BHAILE UÍ THAIDHG) | €27,357 |
27 | BALLYBODEN CHILDRENS CENTRE (IONAD LEANAÍ BHAILE BAODÁIN) | €27,629 |
28 | TAGHMON FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH THEACH MUNNA TEO) | €28,915 |
29 | ST KEVINS FRC (IAT NAOMH CAOIMHÍN) | €30,019 |
30 | DUNMANWAY FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH DHÚN MÁNMHAÍ) | €30,913 |
31 | SACRED HEART COMM & CHILDCARE PROJECT LTD (TIONSCADAL POBAIL AGUS CÚRAIM LEANAÍ AN CHROÍ RÓ-NAOFA) | €32,419 |
32 | HILL ST FAMILY RESOURCE (ACMHAINN TEAGHLAIGH SHRÁID AN CHNOIC) | €33,546 |
33 | MILL FRC (IAT AN MHUILINN) | €33,596 |
34 | SOUTHEND COMMUNITY DEVELOPMENT GROUP LTD (GRÚPA FORBARTHA POBAIL SOUTHEND) | €33,725 |
35 | DROICHEAD FAMILY RESOURCE (ACMHAINN TEAGHLAIGH AN DROICHID) | €34,181 |
36 | ST MATTHEWS FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH NAOMH MAITIÚ) | €34,233 |
37 | MIDLETON COMMUNITY FORUM LTD (FÓRAM POBAIL MHAINISTIR NA CORANN TEO) | €34,304 |
38 | CROOM FAMILY RESOURCES CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH CHROMADH) | €34,788 |
39 | CLONES FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH CHLUAIN EOIS TEO) | €34,918 |
40 | GREYSTONES FRC (IAT NA GCLOCH LIATH) | €35,189 |
41 | BALLYFERMOT RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ BHAILE FORMAID TEO) | €35,916 |
42 | FOCUS FAMILY RESOURCE CENTRE LIMITED (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH FÓCAIS TEORANTA) | €35,985 |
43 | ATHLONE FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH BHAILE ÁTHA LUAIN) (Monsignor McCarthy) | €36,082 |
44 | CASTLEREA COMMUNITY AND FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ POBAIL AGUS TEAGHLAIGH AN CHAISLEÁIN RIABHAIGH) | €36,167 |
45 | CARA HOUSE FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH TEACH CHARA) | €38,177 |
46 | CASTLEBAR LE CHEILE FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH CHAISLEÁIN AN BHARRAIGH LE CHÉILE TEO) | €38,747 |
47 | CLAREMORRIS FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH CHLÁR CHLAINNE MHUIRIS) | €39,234 |
48 | BALLYOGAN COMMUNITY DEVELOPMENT (FORBAIRT PHOBAIL BHAILE UÍ ÓGÁIN) | €39,380 |
49 | NEART HAMHNAIS TEORANTA (BALLYHAUNIS FAMILY RESOURCE) | €40,755 |
50 | ST BRIGIDS COMMUNITY CENTRE (IONAD POBAIL NAOMH BRÍD) | €41,833 |
51 | BUDS BALLYDUFF FAMILY & COMMUNITY SUPPORT FORUM LTD (FÓRAM TACAÍOCHTA TEAGHLAIGH AGUS POBAIL BUDS AN BHAILE DHUIBH TEO) | €42,064 |
52 | CARA PHORT FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH CHARA PHORT TEO) | €48,068 |
53 | SOUTH DUBLIN COUNTY PARTNERSHIP (COMHPHÁIRTÍOCHT CHONTAE BHAILE ÁTHA CLIATH THEAS) | €53,035 |
54 | BANDON FRC (IAT DHROICHEAD NA BANDAN) | €71,548 |