Déanann an tAire Humphreys agus an tAire Joe O’Brien cúram óstaigh ag an bhFóram bliantúil um Chuimsiú Sóisialta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Coimirce Sóisialaí, an TD Heather Humphreys, agus an tAire Stáit, an TD Joe O’Brien, cúram óstaigh inniu ag an bhFóram bliantúil um Chuimsiú Sóisialta de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Tugann an ócáid seo le chéile lucht déanta beartas, soláthraithe seirbhíse agus úsáideoirí seirbhíse ó gach cearn de na Ranna Rialtais, agus ó na grúpaí pobail agus deonacha a dhéanann ionadaíocht orthu, chun cur agus cúiteamh a dhéanamh faoi pholasaí náisiúnta maidir le laghdú bochtaineachta agus cuimsiú sóisialta.
Díríonn an Fóram ar Threochlár an Rialtais um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025 a chur i gcrích. Is é téama na bliana seo “An Treochlár a Athbheochan: Dul Chun Cinn agus Tosaíochtaí” agus déanann sé machnamh ar thorthaí an athbhreithnithe mheántéarma ar an straitéis, a fhoilsítear inniu.
Áirítear san Fhóram ceithre cheardlann ar phríomhthéamaí an Treochláir — tacú le daoine scothaosta, cuimsiú sóisialta agus leanaí, fostaíocht: cur le deiseanna agus pá oibre a chinntiú, agus bunriachtanais — le héascaitheoirí ón earnáil phobail agus dheonach, agus cur i láthair ó shainchleachtóirí.
Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá áthas orm an deis a thapú plé le gach duine atá i láthair inniu, go pearsanta agus ar líne. Agus é ina ócáid thábhachtach i ndialann an Rialtais, is deis é an Fóram um Chuimsiú Sóisialta do ranna rialtais, daoine atá thíos le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta, agus do na grúpaí earnála pobail agus deonacha a dhéanann ionadaíocht orthu, dul i mbun plé cuiditheach lena chéile. Táim ag tnúth le héisteacht le taithí saoil na ndaoine atá i láthair, rud a chuirfidh bonn eolais faoi cheapadh beartais amach anseo.”
Dúirt an tAire O’Brien:
“Mar an Aire atá freagrach as an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta, tá áthas orm an deis a bheith agam éisteacht le gach duine atá i láthair inniu agus éisteacht leis an bplé ag na ceardlanna éagsúla.. Tugann an Fóram um Chuimsiú Sóisialta deis ríthábhachtach do lucht déanta beartas plé a dhéanamh leo siúd a ndéanann a mbeartais difear dóibh agus taithí na ndaoine sin a chur san áireamh.”
Chomh maith leis sin, sheol an tAire Humphreys agus an tAire O’Brien an tAthbhreithniú Meántéarma ar an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta: 2020 – 2025 ag Fóram an lae inniu.
Ag labhairt dó faoin Athbhreithniú Meántéarma, dúirt an tAire O’Brien:
“Treisíonn foilsiú an Athbhreithnithe Mheántéarma ar an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta tiomantas an Rialtais uaillmhian an Treochláir a bhaint amach chun ráta na bochtaineachta seasta agus an eisiaimh shóisialta in Éirinn a laghdú go suntasach. Thug an t-athbhreithniú deis dúinn machnamh a dhéanamh ar na himthosca sóisialta agus polaitiúla atá athraithe ó foilsíodh an Treochlár i mí Eanáir 2020, agus machnamh a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh agus ar na tosaíochtaí do shaolré na straitéise atá fágtha.”
Áiríodh san athbhreithniú meántéarma athbhreithniú ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme, measúnú ar uaillmhian, spriocanna agus gealltanais an Treochláir atá ann cheana, agus athbhreithniú ar tháscairí an Treochláir atá ann cheana.
Bhí gach gné den athbhreithniú bunaithe ar phróiseas neamhspleách rannpháirtíochta páirtithe leasmhara, a rinne Ipsos. Faoin gcomhchlár taighde um Bochtaineacht agus um Chuimsiú Sóisialta, rinne an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) athbhreithniú ar tháscairí AE agus náisiúnta a úsáideadh chun dul chun cinn a thomhas i gcoinne uaillmhianta agus spriocanna an Treochláir.
Agus í ag trácht ar thorthaí an athbhreithnithe, dúirt an tAire Humphreys:
“Is díol sásaimh dom an tiomantas chun uaillmhianta agus spriocanna an Treochláir a bhaint amach ar fud an Rialtais, a léirítear trí ghealltanais nua atá sannta do naoi Roinn, lena n-áirítear mo Roinn féin, a chur i bhfeidhm. Tá an Rialtas tiomanta go hiomlán i gcónaí do chur i bhfeidhm an Treochláir agus úsáidfear an t-athbhreithniú meántéarma chun a chuid spriocanna a bhaint amach.”
Foilseofar tuarascáil ar an bhFóram agus cuirfear ar fáil í ar shuíomh gréasáin na Roinne ar gov.ie/dsp.
D'fhormheas an Rialtas an ‘Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025: Uaillmhian, Spriocanna, Gealltanais’ agus foilsíodh é i mí Eanáir 2020. Is í príomhuaillmhian an Treochláir ná “bochtaineacht sheasta a laghdú go dtí 2% nó níos lú agus deimhin a dhéanamh de go mbeidh Éire ar na tíortha is cuimsithí go sóisialta san AE.” Leis an Treochlár, déantar 7 Sprioc den uaillmhian seo a bhfuil 69 ngealltanas (gníomhartha) mar bhonn taca leo agus déanfar iad chun na spriocanna sin a bhaint amach.
Faoi dheireadh 2022, bhí 39 gcinn de ghealltanais an Treochláir bainte amach ina n-iomláine nó bainte amach agus iad á gcur i gcrích go fóill, agus ceithre ghealltanas eile idir lámha agus iad á gcur i gcrích go fóill, chomh maith le cur i gcrích 26 ghealltanas idir lámha.
Tugtar gealltanas sa Treochlár go ndéanfar “athbhreithniú meántéarmach neamhspleách ar an Treochlár in 2022”. Bhí na hionchuir neamhspleácha seo a leanas mar bhonn eolais faoin athbhreithniú meántéarma:
Mar chuid den athbhreithniú meántéarma rinneadh athbhreithniú ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme; measúnú ar uaillmhian, spriocanna agus gealltanais an Treochláir atá ann cheana; agus athbhreithniú ar tháscairí an Treochláir atá ann cheana.
Bhí an comhairliúchán mar bhonn faoi gach gné den athbhreithniú. Cheap an Roinn Coimirce Sóisialaí Ipsos chun plé neamhspleách a dhéanamh le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear:
Chuir Ipsos tuarascáil ar thorthaí an chomhairliúcháin seo i gcrích agus foilsítear í in éineacht leis an tuarascáil mheántéarma maidir le hathbhreithniú.
Faoin gcomhchlár taighde um Bochtaineacht agus um Chuimsiú Sóisialta i gcomhar leis an Roinn Coimirce Sóisialaí, thug an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) faoi athbhreithniú a dhéanamh ar na táscairí a úsáideadh chun dul chun cinn i gcoinne uaillmhianta agus spriocanna Treochláir a thomhas. Tá dhá shraith spriocanna sa Treochlár lena gcumhdaítear ioncam agus réimsí cuimsithe shóisialta níos leithne: Spriocanna ar leibhéal an AE; agus spriocanna náisiúnta. Maidir leis an bpáipéar a d'eascair as, thug an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) chun críche é agus foilsíodh é freisin in éineacht leis an tuarascáil seo.
Bhain an Roinn Coimirce Sóisialaí leas as na hionchuir seo ar mhaithe le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na gealltanais atá ann cheana a shainaithint, chun measúnú a dhéanamh ar phríomhréimsí ina bhféadfaí gealltanais nua a chur leis ar bhealach fóinteach, agus chun táscairí nua a shainaithint a thabharfadh léargas níos fearr ar dhul chun cinn i ndáil le spriocanna an Treochláir.
Aithníodh san athbhreithniú go bhfuil athruithe suntasacha tagtha ar an gcomhthéacs ó foilsíodh an Treochlár agus go raibh a lán straitéisí dá dtagraítear as dáta. Cuireadh 12 ghealltanas bhreise san iomlán leis an Treochlár mar thoradh ar an athbhreithniú meántéarma, agus rinneadh nuashonrú ar 17 ngealltanas atá ann cheana. Ina theannta sin, cuireadh dhá sprioc nua san áireamh agus comhlánaítear iad le seacht sprioc athbhreithnithe.
Tá an tuarascáil mheántéarma maidir le hathbhreithniú, tuarascáil Ipsos agus tuarascáil ESRI ar fáil anseo.