Cuireann an tAire McGrath fáilte roimh dhiúscairt rathúil leasa eile in AIB Group plc
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir Michael McGrath, an tAire Airgeadais, fáilte inniu roimh dhiúscairt rathúil sciar eile de scairsheilbh Stát na hÉireann in AIB Group plc (“AIB”) trí idirbheart luathaithe leabharbhunaithe.
Ag labhairt dó faoin idirbheart, dúirt an tAire McGrath:
“Mar a fógraíodh níos luaithe inniu, dhíol an Stát leas 5% in AIB ar phraghas €3.93 in aghaidh na scaire, rud a ghinfidh €514.83 milliún don Státchiste tráth an ghlanta. Fágfaidh sé sin go mbeidh thart ar €13.6 billiún san iomlán tugtha ar ais don Stát go dtí seo óna infheistíocht in AIB. Tá an t-idirbheart luathaithe leabharbhunaithe seo ar an gceathrú diúscairt dá cineál in AIB, agus feabhsuithe incriminteacha á mbaint amach againn ar an bpraghas láithriúcháin gach uair. San idirbheart is déanaí seo, bhí an praghas 8% níos airde ná é sin a baineadh amach san idirbheart roimhe i mí an Mheithimh. Glacadh go maith arís eile leis an idirbheart seo, agus éileamh suntasach ann ó líon mór infheisteoirí institiúideacha idirnáisiúnta.
“Rinneadh dul chun cinn suntasach ar ár scairsheilbh in AIB a laghdú ó thart ar 71% i dtús na bliana 2022 go thart ar 40.8% inniu. Cé go bhfuil an Stát fós ina scairshealbhóir mór in AIB, tá sé seo ina chéim thábhachtach eile i dtreo an caidreamh idir an Stát agus AIB a normalú, agus an chomhlúthacht shaor sa bhanc méadaithe go 59.2% anois.
“Is fiú thart ar €4.3 billiún í an scairsheilbh atá fágtha againn in AIB. Mar sin, tar éis na tréimhse glasála is infheidhme, déanfaimid measúnú arís ar na deiseanna breise atá ann chun scaireanna a dhíol, de réir mar a thagann na deiseanna sin chun cinn. Creideann an rialtas seo go fóill gurb ionann baincéireacht agus gníomhaíocht ar cheart don earnáil phríobháideach í a sholáthar, den chuid is mó.”
Nótaí
Tá an Stát díreach tar éis dul isteach i dtréimhse ghlasála a mhairfidh thart ar nócha lá. Ní fhéadfar aon idirbheart luathaithe leabharbhunaithe eile a bhreithniú roimh dheireadh na tréimhse sin. Tá feidhm ag tréimhse laghdaithe ghlasála a mhairfidh thart ar chúig lá is daichead maidir leis an bplean um thrádáil scaireanna AIB, ar plean é atá ar sos anois.
Séanadh
Tá an phreaseisiúint seo á foilsiú chun críocha faisnéise amháin, agus ní ionann í agus tairiscint, agus ní cuid í de thairiscint, chun aon urrús de chuid AIB a dhíol sna Stáit Aontaithe nó in aon dlínse eile ina bhfuil tairiscint den sórt sin neamhdhleathach agus ní ionann í agus sireadh tairisceana chun aon urrús de chuid AIB a cheannach sna Stáit Aontaithe nó in aon dlínse eile ina bhfuil sireadh den sórt sin neamhdhleathach. Maidir leis na hurrúis de chuid AIB atá tuairiscithe sa phreaseisiúint seo, níor cláraíodh, agus ní chlárófar, iad faoi Acht na Stát Aontaithe um Urrúis, 1933, arna leasú ("an tAcht um Urrúis"), nó faoi aon dlíthe stáit nó eachtracha um urrúis is infheidhme, agus ní fhéadfar iad a thairiscint nó a dhíol sna Stáit Aontaithe in éagmais clárúcháin nó in éagmais díolúine ó cheanglais chlárúcháin an Achta um Urrúis. Ní raibh aon tairiscint phoiblí urrús ann sna Stáit Aontaithe.