Cuireann Michael McGrath TD, an tAire Airgeadais, fáilte roimh an rún atá ag Bankinter brainse a bhunú in Éirinn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir Michael McGrath TD, an tAire Airgeadais, fáilte inniu roimh an bhfógairt ó Bankinter, banc Spáinneach, go bhfuil sé mar rún aige ceadú rialála a lorg chun Avant Money a bhunú mar bhrainse a bhfuil láncheadúnas baincéireachta aige chun freastal ar thomhaltóirí Éireannacha.
Dúirt an tAire:
“Is fógairt shuntasach do mhargadh baincéireachta na hÉireann í an fhógairt a rinneadh inniu. Is scéala an-mhaith í freisin do theaghlaigh, do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí, a bhainfidh an tairbhe is mó as an iomaíocht mhéadaithe. Sa bhliain 2022, rinne mo Roinn athbhreithniú ar an earnáil baincéireachta miondíola in Éirinn. D’aithin sí an gá atá le hiomaíocht a chosaint sa mhargadh baincéireachta miondíola chun freastal ar leasanna tomhaltóirí ar an mbealach is fearr. Forbairt an-dearfach ina leith sin is ea an rún atá ag banc Eorpach eile, Bankinter, brainse a bhunú in Éirinn chun raon táirgí baincéireachta a sholáthar.
“D’aithin mé roinnt uaireanta an gá atá ann le tuilleadh iomaíochta a bheith ann i ndáil le seirbhísí baincéireachta miondíola a sholáthar in Éirinn. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an oiread rogha agus is féidir ag tomhaltóirí agus iad ag dul i dteagmháil lena soláthraithe seirbhíse airgeadais.
“Tá an fhógairt seo ó bhanc Eorpach mór ina léiriú freisin ar an muinín atá ann as láidreacht gheilleagar na hÉireann. Táim ag súil leis go leanfaidh geilleagar na hÉireann le fás thar na blianta atá le teacht. Tá ár margadh saothair láidir agus tá bail mhaith ar ár n-airgeadas poiblí. Tá roinnt mhaith de na cuideachtaí is mó ar domhan lonnaithe anseo, agus leanaimid le hinfheistíocht idirnáisiúnta a mhealladh. Is cúis áthais dom go n-aithníonn Bankinter a tharraingtí atá margadh na hÉireann.”
Nóta don Eagarthóir:
Foilsíodh an tAthbhreithniú ar Bhaincéireacht Mhiondíola i mí na Samhna 2022. Fuarthas amach san athbhreithniú gur féidir le hiomaíocht éifeachtach soláthraithe a spreagadh dul san iomaíocht le chéile ó thaobh praghsanna agus nuálaíochta de. Is féidir leis sin cabhrú leis an gcostas ar tháirgí agus seirbhísí baincéireachta miondíola a laghdú agus tuilleadh rogha a sholáthar mar gheall ar tháirgí nua níos fearr a bheith á dtabhairt isteach sa mhargadh. Is féidir le hiomaíocht éifeachtach caighdeáin seirbhíse do chustaiméirí a fheabhsú freisin, toisc go gcinntíonn sí gur féidir le tomhaltóirí atá míshásta leis an tseirbhís a fhaigheann siad aistriú chuig soláthraí eile. Chomh maith leis sin, fuarthas amach san athbhreithniú gur féidir le hiomaíocht a bheith tábhachtach ó thaobh cobhsaíochta airgeadais de freisin.