Buaileann an tAire Ryan le toscairí ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid chun éisteacht lena ngairmeacha chun gnímh ar an athrú aeráide
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhuail Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, le toscairí ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid inné chun éisteacht leis na moltaí agus na gairmeacha chun gnímh uathu a tháinig as an dara Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid, a cuireadh ar siúl an 11 Márta i mbliana.
D’iniúch na toscairí óga trí phríomhréimse den Phlean Gnímh don Aeráid, mar atá an t-iompar inbhuanaithe, an geilleagar ciorclach, agus cumarsáid agus caidreamh. Rinne siad moltaí faoi gach ceann díobh, lena n-áirítear: an t-iompar poiblí a mhéadú; aghaidh a thabhairt ar róthomhaltas, go háirithe i réimsí amhail an mearfhaisean; agus an ceartas aeráide a chur ar áireamh i suíomhanna oideachais fhoirmiúil.
Dúirt an tAire Ryan:
"Is í seo an dara bliain a reáchtálamar an Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid. Ag ócáid na bliana seo caite, bhí deis agam bualadh leis na toscairí agus labhairt leo, agus a gcuid ábhar imní, an fonn atá orthu dul i mbun gnímh agus na tuairimí atá acu ar dhóigheanna ar féidir leis an Rialtas obair leo chun athruithe fíora fiúntacha a sholáthar a chloisteáil ón mbunfhoinse.
"Tá ról an tionóil ag forbairt ó bhliain go bliain, agus is rud iontach é amharc ar na toscairí agus iad ag roghnú na réimsí tosaíochta a measann siad gur gá dúinn gníomhartha práinneacha a sholáthar iontu, lena n-áirítear an t-iompar inbhuanaithe, an geilleagar ciorclach, agus cumarsáid agus caidreamh. Is iad daoine óga ár dtodhchaí. Ní hé amháin gur gá dúinn éisteacht go haireach lena dtuairimí ach is gá dúinn freisin gníomhú anois de bhun na nithe a mheasann siad a bheith tábhachtach chun a saol a mhúnlú."
Dúirt Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige:
"Imríonn an Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid ról tábhachtach ina chinntiú gur féidir le daoine óga ionchur a thabhairt i bhfreagairt ár rialtais don athrú aeráide. Is é atá sa seimineár gréasáin seo ná léiriú ar cé chomh tiomanta is atá an Rialtas d’éisteacht le tuairimí daoine óga agus dá gcuid moltaí don Phlean Gnímh don Aeráid a bhreithniú."
Ag an ócáid aonlae, phléigh na toscairí na téamaí sin i gceardlann oscailte mheáite inar chuir siad in iúl cén fhís atá acu don bhliain 2050, cé na príomhghníomhartha sna réimsí sin chun an fhís sin a réadú, cé na bacainní a dhéanann difear do dhul i mbun gnímh, agus cé na réitigh atá ann.
Áirítear na nithe seo a leanas leis na príomh-mholtaí:
An t-iompar inbhuanaithe:
An geilleagar ciorclach:
Cumarsáid agus caidreamh:
Tharraing na toscairí saincheisteanna an táirgthe fuinnimh agus an tomhaltais fuinnimh anuas go minic freisin. Ar na saincheisteanna eile a luadh go minic bhí an t-aistriú cóir, an bhithéagsúlacht agus an talmhaíocht inbhuanaithe.
Foilseofar tuarascáil ghearr lena n-áireofar na príomh-mholtaí a eascróidh as an tionól. Sa Tuarascáil ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid, tabharfar taifead mionsonraithe ar phlé an Tionóil, gabhtar tuairimí na ndaoine óga ó áiteanna ar fud na hÉireann agus léirítear na hábhair imní atá ag daoine óga maidir le saincheisteanna aeráide.
Is é atá sa tuarascáil sin ná cuid dhílis den Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide. Cuirfear i láthair inti na moltaí ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid lena mbreithniú don Phlean Gnímh don Aeráid 2024 ó Éirinn.
Dúirt an tAire Ryan:
"Is é an t-athrú aeráide an dúshlán is mó os comhair an chine dhaonna agus ní mór dúinn éisteacht le tuairimí agus barúlacha na ndaoine óga chun todhchaí gach duine dínn a mhúnlú. Foilseofar i dtuarascáil ghearr na moltaí sármhaithe nuálacha uathu agus cuirfear ar áireamh iad sa Phlean Gnímh don Aeráid 2024 uainn."
CRÍOCH
Bhunaigh an Roinn Leanaí, Míchumais, Comhionannais, Lánpháirtíochta agus Óige Tionól Óige Náisiúnta na hÉireann. Gealltanas a tugadh i gClár an Rialtais 2020 ba ea Tionóil Óige a bhunú. Gníomhaíonn an tionól mar fhóram comhairleach do leanaí agus daoine óga idir 12 bhliain d’aois agus 24 bliana d’aois ar a bpléitear na saincheisteanna atá tábhachtach dóibh. Fónann sé mar mhodh córasach le haghaidh tuairimí daoine óga in Éirinn a ghabháil agus na tuairimí sin a chur ar aghaidh go díreach lena mbreithniú le linn beartas rialtais a fhorbairt.
Is é is an Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid ann ná fóram mar a dtugtar deis do dhaoine óga idir 12 bhliain d’aois agus 24 bliana d’aois ó áiteanna ar fud na tíre moltaí a dhéanamh go díreach don Rialtas chun bonn eolais a chur faoin bPlean Gnímh don Aeráid.
Tá thart ar 60 toscaire óg ó Chomhairle na nÓg, ó eagraíochtaí éagsúla óige agus ó eagraíochtaí aeráide ag cur a gcuid smaointe agus moltaí in iúl ag an tionól.
Trí thuairimí daoine óga a fháil, soláthraíonn Tionól Óige Náisiúnta na hÉireann léargas ar roinnt de na hábhair imní atá ag daoine óga, agus cabhraíonn sé leis an Rialtas dul i mbun gnímh de bhun na réiteach féideartha a mholann daoine óga.
Tagann an tionól le chéile suas le ceithre huaire sa bhliain chun saincheisteanna difriúla a phlé. I measc na gcruinnithe sin tá cruinniú bliantúil mar Thionól Óige um an Aeráid. Gníomhaíonn an Tionól Óige um an Aeráid mar uirlis le haghaidh idirphlé, agus forbróidh sé moltaí ó dhaoine óga lena gcur ar áireamh sa Phlean Gnímh don Aeráid ón rialtas. Cuireadh an chéad Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid ar siúl ar líne an 2 Márta 2022. Cuireadh an dara Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid ar siúl an 11 Márta 2023.
Faoi Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, geallann Éire go dtabharfaidh sí deis do leanaí agus daoine óga páirt a ghlacadh sa chinnteoireacht agus ionchur a bheith acu sna cinntí a dhéanann difear dá saol. Cinntíonn an pháirt leantach a ghlacann daoine óga i dtionóil óige amhail an Tionól Óige um an Aeráid gur féidir linn tuairimí leanaí agus daoine óga a chur san áireamh le linn seirbhísí áitiúla agus náisiúnta agus beartais áitiúla agus náisiúnta araon a fhorbairt.
Tosaíocht don Roinn Leanaí, Míchumais, Comhionannais, Lánpháirtíochta agus Óige is ea tuairimí an linbh a chur ar áireamh sa chinnteoireacht, agus imríonn sí ról tábhachtach i stiúradh a dhéanamh ar iarrachtaí an rialtais a chinntiú go mbíonn ionchur ag leanaí agus daoine óga sna cinntí a dhéanann difear dá saol.
Oibríonn an Oifig Rannpháirtíochta Náisiúnta sa Roinn Leanaí, Míchumais, Comhionannais, Lánpháirtíochta agus Óige ar fud an rialtais áitiúil agus an rialtais náisiúnta chun struchtúir a thógáil, a fhorbairt agus a chothú chun go mbeidh leanaí agus daoine óga in ann páirt fhiúntach a ghlacadh sa chinnteoireacht ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta.
Gné bhunúsach d’uaillmhianta an Phlean Gnímh don Aeráid 2023 a bhaint amach is ea gach duine sa tsochaí a spreagadh agus a chumhachtú chun réitigh atá ábhartha dóibh a chruthú i gcomhpháirt.
An príomhshásra trína soláthraítear gníomhartha aeráide a bhaineann le caidreamh poiblí, le rannpháirtíocht, le gníomhaíocht phobail, le líonrú agus le gníomhaíochtaí forbartha acmhainne in Éirinn is ea an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide.
Tá an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide faoi stiúir ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus faigheann sé tacaíocht rúnaíochta ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.
Tá ceithre phríomhchuspóir ag an Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide:
Garsprioc shuntasach i gclár an Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide is ea an Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid.