Straitéis Neamhfhulaingthe foilsithe ag an Rialtas chun dul i ngleic le foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an straitéis Neamhfhulaingthe foilsithe ag an Rialtas inniu. Tá an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee i gceannas ar an straitéis, ar clár uaillmhianach leasaithe cúig bliana é chun sochaí a dhéanamh de shochaí na tíre seo nach nglacfar le foréigean baile, foréigean gnéasach ná foréigean inscnebhunaithe inti ná nach nglacfar leis na dearcthaí a bhíonn ina mbonn taca faoi na cineálacha sin foréigin inti.
Déantar an straitéis €363 milliún ar cheithre chrann taca – Cosaint, Cosc, Ionchúiseamh agus Comhordú Beartais – agus tá 144 gníomh mionsonraithe sa phlean cur chun feidhme a ghabhann leis atá le cur chun feidhme i mbliana agus an bhliain seo chugainn trí struchtúir maoirseachta nua. Cinnteoidh sé seo go seachadfar gach rud atá geallta sa phlean de réir na n-amlínte soiléire atá leagtha amach.
Is é an aidhm lárnach atá aige nach nglacfar beag ná mór le foréigean baile, le foréigean gnéasach ná le foréigean inscnebhunaithe i sochaí na hÉireann.
Tagann na gníomhartha seo ó ranna Rialtais agus ó gníomhaireachtaí Stáit éagsúla chun a chur in iúl nach féidir Neamhfhulaingt a bhaint amach ach amháin trí iarracht a dhéanfadh an tsochaí ar fad, agus nach féidir caitheamh le foréigean baile, le foréigean gnéasach ná le foréigean inscnebhunaithe mar cheist ceartais choiriúil amháin.
Leis an straitéis Neamhfhulaingthe féachtar le leanaí agus daoine óga a aithint ina bhfinnéithe, ina n-íospartaigh agus ina marthanóirí.
Cheadaigh an Comh-aireacht an straitéis inniu agus sheol an Taoiseach Micheál Martin, an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O’Gorman í.
D’fhoilsigh an tAire plean cur chun feidhme inniu, mar a cheadaigh an Rialtas é don chéad 18 mí, a bheidh pleananna gníomhaithe bliantúla ag teacht gach bliain ina dhiaidh sin ar feadh shaolré na straitéise Neamhfhulaingthe.
Le linn dó a bheith ag labhairt ag seoladh na straitéise, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:
Is tráth an-tábhachtach é seoladh an tríú straitéis maidir le Foréigean Baile/Gnéasach/Inscnebhunaithe don tír. Léiríonn sé díograis an Rialtais chun seasamh le cuid de na daoine is leochailí sa tír agus chun iad a chosaint. Bainfear é seo amach trí thacar cuimsitheach gníomhartha a dhéanfar ar fud an Rialtais, a bheidh faoi stiúir Gníomhaireacht nua tiomnaithe a ndéanfaidh Roinn an Taoisigh maoirseacht uirthi.
Baineann uaillmhianta an phlean le go leor codanna de shochaí na hÉireann, idir oideachas, agus chúram sláinte, agus na hionaid oibre agus go leor eile. Tá ról ag gach earnáil maidir le dul i ngleic le Foréigean baile/gnéasach/inscnebhunaithe (FBGIB) agus gníomh a ghlacadh ina leith, chun go ndiúltóimis, faoi dheireadh is faoi dheoidh, na tuairimí atá as dáta a bhaineann leis.
Dúirt an tAire McEntee:
Is éard atá i gceist le neamhfhulaingt nach ndéanfaimid neamhaird ar fhoréigean agus ar dhrochíde díreach mar go dtarlaíonn sé faoi rún. Ciallaíonn sé nach ndéanfaimid a bheag de theagmháil nó de thráchtanna míchuí. Ciallaíonn sé go múinfimid dár bpáistí faoi chomhionannas agus faoi mheas a léiriú agus iad fós óg.
Déanfaimid ár ndícheall Neamhfhulaingt a bhaint amach trí níos mó oideachais a chur ar fáil agus trí thuilleadh feasachta a mhúscailt chun dearcthaí a athrú agus chun meas a mhúineadh. Trí thacú le híospartaigh agus taise a léiriú dóibh nuair a thugann siad an chéad chéim chróga agus tagann siad chun cinn chun cuidiú a lorg uainn. Agus pionós éifeachtacha a ghearradh ar dhéantóirí coire. Agus toil agus tiomantas leanúnach a léiriú chun an t-athrú atá ag teastáil uainn a bhaint amach.
Is é an straitéis seo an ceann is uaillmhianaí go dtí seo ag féachaint leis an athrú sin a bhaint amach. Mar thoradh infheistíocht €363 milliún, tiocfaidh an méadú is tapúla riamh ar spásanna dídine, feabhsófar seirbhísí agus tacaíocht d’íospartaigh, agus déanfar curaclaim bhunscoile agus mheánscoile a thabhairt cothrom le dáta chun toiliú, smacht comhéigneach, foréigean baile agus úsáid shábháilte an idirlín a áireamh iontu.
Forbraíodh é in éineacht leosan atá ag obair san earnáil agus sa líne thosaigh le híospartaigh. Bhí eolas agus taithí na ngrúpaí seo ríthábhachtach sa phlean seo a dhréachtú, agus beidh siad lárnach ina chur chun feidhme le linn na cúig bliana atá amach romhainn.
Forbraíodh é freisin agus machnamh á dhéanamh againn ar phian agus ar fhulaingt an t-uafás íospartach – geallaimid dóibh agus dá gcuimhneacháin, agus dá chéile, go n-oibreoimid i dtreo Neamhfhulaingt a bhaint amach agus go mbeidh sé sin mar sprioc dheiridh againn.
Dúirt an tAire O’ Gorman chomh maith:
Cuirim fáilte roimh thabhairt isteach an Tríú Straitéis Náisiúnta um FBGIB. Is é atá sa Straitéis seo toradh na míonna oibre comhoibríche idir Ranna Rialtais, Tusla agus eagraíochtaí in earnáil FBGIB. Tá an Straitéis uaillmhianach agus forleathan, agus is mór an cuidiú í chun gach uile íospartach FBGIB a chosaint agus chun tacú leo.
Tá áthas orm a fheiceáil gur cuimsíodh an-chuid de na moltaí ón Athbhreithniú ar Chóiríocht d’Íospartaigh Foréigin Baile, a d’fhoilsigh Tusla, sa straitéis agus déanfar leathnú suntasach ar áiteanna dídine in am trátha, a chuirfidh méadú ar líon na seirbhísí FBGIB a bheidh ar fáil ar fud na tíre.
Tá mé ag súil le bheith ag obair le comhpháirtithe sa Rialtas, le Tusla agus leis an earnáil chun dul chun cinn a dhéanamh ar an straitéis seo agus chun go mbeadh Éire ina háit níos sábháilte do chách.
I measc na ngníomhartha atá le cur i gcrích nó atá tosaithe laistigh de thréimhse na gcéad 18 mí agus dhá bhliain den straitéis cúig bliana, faoi gach ceann de na ceithre chrann taca den phlean, tá na gníomhaíochtaí seo a leanas:
• Curaclaim mheánscoile na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí tugtha cothrom le dáta chun toiliú, foréigean baile, smacht comhéigneach, agus úsáid shábháilte an idirlín a áireamh iontu. Tabharfar curaclam nua na sraithe sóisearaí chun críche i Meán Fómhair 2022 le haghaidh comhairliúchán poiblí agus déanfar é a rolladh amach i Meán Fómhair 2023, agus tabharfar curaclam athbhreithnithe na sraithe sinsearaí chun críche faoi Mheán Fómhair 2023 le haghaidh comhairliúchán poiblí agus déanfar é a rolladh amach i Meán Fómhair 2024. Tabharfar curaclam bunscoile athbhreithnithe chun críche le haghaidh comhairliúchán faoi 2024 chun na topaicí céanna a chur san áireamh, a múinfear iad i mbealach atá aois-oiriúnach. Déanfar athbhreithniú ar na nósanna imeachta Frithbhulaíochta do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna agus tabharfar cothrom le dáta iad an t-am céanna agus a dhéanfar an obair seo.
• Feachtais uaillmhianacha múscailte feasachta chun díriú ar dhearcthaí atá i measc fear agus buachaillí, feasacht a mhúscailt i leith seirbhísí agus tacaíochtaí i measc íospartach agus freastal ar phobail imircigh agus mhionlaigh, chomh maith leis an bhfeachtas náisiúnta maidir le toiliú a rolladh amach
• Treoirlínte pleanála atá tugtha cothrom le dáta chun a chinntiú go bhfuil ábhar imní maidir le sábháilteacht phoiblí lárnach i spásanna poiblí a fhorbairt, atáthar le pleanáil a thosú d’iniúchtaí sábháilteachta áitiúla chun soilsiú, suíocháin agus fachtóirí eile a mheas chun go mbeadh spásanna poiblí níos sábháilte
• Oiliúint níos fearr do ghairmithe agus d’fhoireann tacaíochta a bhíonn ag plé le foréigean baile, le foréigean gnéasach agus le foréigean inscnebhunaithe
• Cairt Geilleagair Oíche a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun caighdeáin sábháilteachta tionscail a fhorbairt – beidh sé seo ina cheanglas d’athnuachaintí bliantúla ceadúnais
• Tuarascálacha nua maidir le sábháilteacht paisinéirí ar iompar poiblí agus maidir le slándáil phearsanta le cur i gcrích agus le foilsiú ag an Roinn Iompair agus ag an Údarás Náisiúnta Iompair gach bliain
• Mol ar líne maidir le feasacht ar thoiliú agus ar ghnéas a rolladh amach ar fud na hearnála oideachais tríú leibhéal
• Sonraí a bhailiú maidir le ráta an fhoréigin agus an chiaptha ghnéasaigh ar fud na hearnála oideachais tríú leibhéal
• Dul chun cinn a dhéanamh ar obair chun líon na spásanna dídine a mhéadú faoi dhó – ar aonad de chineál árasáin é ar féidir le híospartaigh drochíde sa bhaile sábháilteacht a lorg ann – ar feadh shaolré na Straitéise, ó 141 go dtí 282. An leathnú is tapúla riamh ar spásanna dídine a bheidh i gceist leis seo agus cinnteofar leis go mbeidh dídean i ngach contae – sin foirgneamh ar féidir le roinnt aonad de chineál árasáin a bheith ann.
• I measc na bpríomhgharspriocanna atá ann chun an sprioc seo a bhaint amach, tá na garspriocanna seo a leanas:
• 24 spás a thabhairt chun críche in áiteanna i Loch Garman, i nDún Dealgan agus san Uaimh faoi 2024
•
o 98 spás nua dídine sna háiteanna seo a leanas: Sligeach, an Cabhán/Muineachán, Cathair Chorcaí, Tuaisceart Chorcaí, Iarthar Chorcaí, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, an Iarmhí, Port Laoise, Baile Brigín, an Longfort, Ceatharlach agus Uíbh Fhailí. Táthar ag cur tacaíochtaí bainistithe tionscadail agus tacaíochtaí chun acmhainn a fhorbairt ar fáil faoin straitéis le linn 2022 agus 2023 chun dul chun cinn a dhéanamh ar na háiteanna dídine sin
o Cuirfear 19 aonad dídine sa bhreis ar fáil in áiteanna eile, lena n-áirítear Ros Comáin, Liatroim agus an Cabhán/Muineachán
• Líon na dtithe sábháilte a mhéadú – cóiríocht a chur ar fáil d’íospartaigh agus dá leanaí sa phobal, in áit áiteanna dídine – faoi aon trian faoi dheireadh na bliana seo, suas ó 30 go 44 agus leathnú breise le déanamh le linn thréimhse an phlean
• Oibriú chun na bacainní dlí a bhaint, lena gcuirtear cosc le daoine atá ag fulaingt de bharr foréigean gnéasach nó foréigean baile fanacht sa bhaile más sábháilte dóibh é sin a dhéanamh agus an chaoi a mbeidh an Garda Síochána in ann orduithe aistrithe a eisiúint chun ciontóirí a thógáil amach as an teach i gcásanna a bhfuil ardriosca ag baint leo a scrúdú
• Tá oiliúint nua d'oibrithe cúraim sláinte le forbairt ag FSS chun foréigean baile a aithint agus chun íospartaigh a chur ar aghaidh chuig seirbhísí iomchuí
• Saoire foréigin baile reachtúil a thabhairt isteach i mbliana
• Seirbhísí tacaíochta náisiúnta a fhorbairt do pháistí atá ina n-íospartaigh/marthanóirí FBGIB; seirbhísí comhairleoireachta teiripeacha atá treoraithe ag tráma FBGIB do dhaoine fásta agus do pháistí; tacaíochtaí tuismitheoireachta atá treoraithe ag tráma FBGIB
• An phianbhreith uasta d’ionsaí is cúis le díobháil a dhéanamh a mhéadú ó cúig bliana go deich mbliana – arb é ceann de na cúisimh is coitianta é i gcásanna maidir le foréigean baile. Áireofar an beart seo sa Bhille um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) a achtófar faoi dheireadh na bliana seo.
• Tús a chur le teagmháil a dhéanamh leis na breithiúna chun ról a chruthú do bhreithiúna speisialaithe i gcásanna maidir le foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe
• Timthriall athbhreithnithe a bhunú laistigh den Roinn Dlí agus Cirt chun tuilleadh athchóirithe ar an dlí a aithint agus a bhreithniú, ag cur tús leis na hathchóirithe seo a leanas, i measc athchóirithe eile:
o Raon na n-orduithe éigeandála atá ar fáil do na Cúirteanna a neartú
o Cumhachtaí coinneála breise nuair a bhítear ag fiosrú cionta sonracha a bhaineann le foréigean baile, lena mbítear in ann daoine a choinneáil ar feadh tréimhse níos mó ná 24 uair an chloig
o Teorainn a chur le bannaí do sháruithe ar orduithe urchoisc sa chás go bhfuil stair foréigin ann
o An chaoi le mná leochaileacha a chosaint níos fearr i gcoinne dúshaothrú gnéasach agus ‘gnéas in ionad cíosa’
• Feabhas a chur ar chásanna a bhaineann le foréigean baile, foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe a ionchúiseamh trí oiliúint speisialaithe a chur ar fáil ar fud Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus trí oiliúint a neartú sa Gharda Síochána
• Oiliúint bhreise a chur ar fáil sa Gharda Síochána chun ionchúisimh agus sárú gach ordú sibhialta FBGIB a fheabhsú
• An Straitéis Ceartais Teaghlaigh a fhoilsiú agus a chur chun feidhme agus an Bille Cúirteanna Teaghlaigh a achtú chun córas cúirte teaghlaigh atá níos éasca le húsáid a dhéanamh den chóras atá ann
• Oibriú leis an nGarda Síochána chun bunú Chlár Foréigin Baile a scrúdú
• Leanúint le Plean 'Tacú le hAistear an Íospartaigh’ a chur chun feidhme chun an t-íospartach a chur i gcroílár an chórais ceartais choiriúil
• Reachtaíocht a achtú chun cionta neamhspleácha stalcaireachta agus tachtadh neamh-mharfach a thabhairt isteach
• An Bille um Chiontuithe Gnéasacha a achtú chun roinnt moltaí atá sa phlean 'Tacú le hAistear an Íospartaigh’ a chur chun feidhme, agus chun Meicníocht Atreoraithe Náisiúnta athbhreithnithe a chur ar fáil chun a chinntiú gur féidir linn tacú le híospartaigh gáinneála ar dhaoine agus cur isteach ar na líonraí coiriúla a bhíonn ag féachaint le daoine leochaileacha den sórt sin a dhúshaothrú
• An Bille nua um Choireacht Fuatha a achtú chun tromchionta sonracha nua a mbíonn pionóis bhreise i gceist leo do chionta arb é réamhchlaonadh in aghaidh tréithe ar leith is bun leo, lena n-áirítear inscne. Ciallóidh sé seo gur féidir le cineálacha áirithe coireanna a ionchúiseamh mar choireanna fuath nuair is é fuath ban is bun leo
• Ceamaraí a chaitear ar cholainn sa Gharda Síochána a rolladh amach chun cuidiú le cásanna foréigin baile agus coireanna eile a fhiosrú agus chun Gardaí a chosaint
• Gníomhaireacht reachtúil don fhoréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe a bhunú faoin 1 Eanáir 2024. Seo a leanas a dhéanfaidh an ghníomhaireacht nua:
o Cur chun feidhme na Straitéise Neamhfhulaingthe a chomhordú, agus a bheith freagrach don Aire Dlí agus Cirt. Déanfaidh an Coiste Comh-Aireachta ar Ghnóthaí Sóisialta agus Comhionannais maoirseacht pholaitiúil ar chur chun feidhme na straitéise seo.
o Seirbhís den chéad scoth a sholáthar d’íospartaigh, lena n-áirítear cóiríocht, línte cabhracha agus tacaíochtaí eile a fhoráil
o A bheith i gceannas ar fheachtais múscailte feasachta chun minicíocht FBGIB a laghdú agus chun a chinntiú gur féidir le híospartaigh rochtain a fháil ar thacaíochtaí
o A bheith i gceannas ar thaighde seasmhach agus leanúnach chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt beartais
o Cloí le beartas agus beartas a leanúint mar a leagtar amach ag an Aire Dlí agus Cirt, a bhfuil príomhfhreagracht rialtais i leith FBGIB aige
• Staidéar nua ar Leitheadúlacht Foréigin Baile a bhunóidh an Phríomhoifig Staidrimh. Foilseofar torthaí an chéad suirbhé in 2028, agus déanfar sealaíocht idir an suirbhé sin agus an Suirbhé Náisiúnta ar Fhoréigean Gnéasach, atá le foilsiú in 2023, gach dara cúig bliana.
• Tá Bord nua Maoirseachta Ardleibhéil le tacú le maoirseacht, a bheidh ard-rúnaithe Roinn an Taoisigh agus na Roinne Dlí agus Cirt i gceannas air i gcomhpháirt lena chéile
• Oibriú leis an Ombudsman do Leanaí chun tacú leis an straitéis, a bhfuil an tOmbudsman ag tabhairt comhairle agus tacaíocht chun gníomhaíochtaí atá dírithe ar leanaí a chur chun feidhme
Le linn den Aire McEntee achoimre a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí mionsonraithe atá ina plean, dúirt sí freisin go mbeidh dúthracht ó gach duine sa tsochaí ag teastáil chun Neamhfhulaingt a bhaint amach
Is féidir leis an Rialtas a bheith i gceannas ar bheartas a chur i bhfeidhm agus beidh sé i gceannas air sin. Trí fheachtais agus oideachas múscailte feasachta a dhéanann tuismitheoirí agus scoileanna is féidir linn athrú cultúir a chur chun cinn. Is féidir linn oideachas a chur ar ár bpáistí go bhfuil an fuath dochrach agus nach bhfuil gnéas maslach ná foréigneach. Ach ní féidir leis an Rialtas aghaidh a thabhairt ar iompar míchuí san ionad oibre ná sa ghrúpa WhatsApp.
Ní féidir linn an trácht gáirsiúil a cheistiú ná gníomhartha duine ar an tsráid san oíche a cheistiú má tá bean atá ag siúl abhaile ar an gcosán roimhe ag mothú míshocair dá mbarr. Is fúinne go léir atá sé a thabhairt faoi deara inár saol laethúil nach mór dúinn deireadh a chur leis na dearcthaí sóisialta agus cultúir ar féidir le mná a bheith ag mothú míshocair mar thoradh orthu.
Tá an tAire Dlí agus Cirt i gceannas ar an straitéis Neamhfhulaingthe a fhorbairt, a bhfuil ionchur faighte aige ar fud an Rialtais, ó chomhairliúchán mionsonraithe leis an earnáil eagraíochta neamhrialtasaí agus ón bpobal. Fuarthas breis agus 70 aighneacht scríofa ó ghrúpaí pobail, breis agus 1,200 freagraí ó dhaoine den phobal, chomh maith le hionchur ó cheardlanna a raibh leanaí agus eagraíochtaí speisialaithe atá ag obair san earnáil i láthair iontu sa phróiseas comhairliúcháin.
Cuireann sé le saothar suntasach oibre atá déanta ag an Aire McEntee sa réimse foréigin baile, ghnéasaigh agus inscnebhunaithe, lena n-áirítear Dlí Coco a achtú chun dul i ngleic le drochíde íomhá dlúthphearsanta agus le plean 'Tacú le hAistear an Íospartaigh’ a chur chun feidhme chun an t-íospartach a chur i gcroílár an chórais ceartais choiriúil.
Bhí roinnt leasuithe suntasacha ag baint le 'Tacú le hAistear an Íospartaigh’ a chur chun feidhme, lena n-áirítear na leasuithe seo a leanas:
• Éisteachtaí roimh Thrialacha a thabhairt isteach chun próiseas na trialach a chuíchóiriú agus chun tacaíocht níos fearr a thabhairt d’íospartaigh
• Rolladh amach náisiúnta na nAonad Seirbhísí Cosanta Roinne, ar aonaid speisialaithe iad laistigh den Gharda Síochána chun déileáil le foréigean baile, foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe
• Aonad nua do chionta gnéis a bhunú in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Ar na leasuithe eile atá ar bun ag an Aire McEntee tá na leasuithe seo a leanas:
• Leis an mBille um Chiontóirí Gnéis neartófar bainistiú na gciontóirí gnéis sa phobal agus an mhonatóireacht a dhéantar orthu.
• Athchóirithe ar an dlí maidir le pianbhreith shainordaitheach i leith dúnmharaithe chun go mbeidh breithiúna in ann líon íosta blianta atá le fónamh a shocrú.