Foilsíonn an Rialtas an Tuarascáil Taighde ar Chostas Míchumais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, gur foilsíodh an Tuarascáil Taighde ar Chostas Míchumais.
Is féidir costas míchumais a thomhas trí na costais a mbíonn ar dhaoine faoi mhíchumas íoc astu ina saol laethúil nach mbíonn ar dhaoine eile sa tsochaí íoc astu (cur chuige ‘na gcostas díreach’).
Is féidir é a thomhas freisin tríd an méid ioncam breise a theastódh ó theaghlach ina bhfuil duine faoi mhíchumas leis an gcaighdeán céanna maireachtála a bhaint amach a bhaineann teaghlach inchomparáide amach nach bhfuil duine faoi mhíchumas ann (cur chuige ‘na coibhéise’).
Le tuiscint níos fearr a fháil ar mhéid agus comhdhéanamh na gcostas seo, agus ar an mbealach a imríonn siad tionchar éagsúil ar dhaoine, choimisiúnaigh an Roinn Coimirce Sóisialaí Eacnamaithe Idirnáisiúnta Taighde Indecon chun tabhairt faoi staidéar neamhspleách ar Chostas Míchumais.
Geallann an Rialtas i gClár an Rialtais don taighde a úsáid chun eolas ceart a sholáthar do threo an bheartais amach anseo.
Deimhníonn an taighde nach bhfuil aon chostas amháin ann ach, ina ionad sin, go bhfuil speictream costas ann a bhíonn éagsúil i measc roinnt toisí, aois an duine, tromchúise an mhíchumais, chomh maith le cineál an mhíchumais agus saghas an teaghlaigh san áireamh.
Cé go n-íocann an Stát cheana féin as roinnt de na costais a thuairiscítear tríd an suirbhé, ní féidir feabhsúcháin bhreise a dhéanamh trí thacaíochtaí ioncaim amháin ach teastaíonn peirspictíocht níos fairsinge ina gcuimsítear limistéir cosúil le fostaíocht, tithíocht, iompar, oideachas agus sláinte.
Cuirfear an tuarascáil faoi bhráid Ghrúpa Stiúrtha na Straitéise Náisiúnta um Chuimsiú Daoine faoi Mhíchumas anois – ar a ndéanann an tAire le Freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, T.D. cathaoirleacht – le breithniú a dhéanamh ar cén gníomhartha ba cheart titim amach anois.
Ar fhoilsiú na tuarascála, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá áthas orm an taighde seo ar Chostas Míchumais in Éirinn a bhfuil feitheamh fada leis a fhoilsiú. Cabhróidh an taighde seo leis an lucht déanta beartas cinntí a dhéanamh a imríonn tionchar ar shaol daoine faoi mhíchumas agus a dteaghlach.
“Mar chuid den taighde seo, rinne Indecon suirbhé ar dhaoine a bhfuil íocaíocht mhíchumais na Roinne Coimirce Sóisialaí á bhfáil acu.
“Ar an iomlán, fuarthas 4,734 freagra – agus ba é ceann de na suirbhéanna ba mhó a rinneadh riamh ina raibh baint ag daoine faoi mhíchumas.
“Tá áthas orm a fhógairt go ndéanfaidh Grúpa Stiúrtha na Straitéise Náisiúnta um Chuimsiú Daoine faoi Mhíchumas, ina bhfuil ionadaithe daoine faoi mhíchumas, breithniú ar an tuarascáil anois. Déanfar monatóireacht ar mholtaí a eascraíonn as an tuarascáil i gcomhar le páirtithe leasmhara éagsúla tríd an nGrúpa stiúrtha seo.”
Tagann costais bhreise mhíchumais aníos i roinnt limistéir chaiteachais, an méid seo a leanas ina measc:
Mheas Indecon, tar éis úsáid a bhaint as cur chuige costas díreach agus coibhéise ioncaim araon, gur idir €9,482 agus €11,734 sa bhliain iad na meánchostais bhliantúla a bhíonn ar mhíchumas in Éirinn, ar an iomlán.
Gheall an rialtas don taighde seo a úsáid ar chostas míchumais le heolas a chur ar fáil do threo an bheartais amach anseo.
Seachas fóram nó próiseas nua a bhunú le breithniú a dhéanamh ar thorthaí na tuarascála, d’aontaigh an rialtas go ndéanfaidh Grúpa Stiúrtha na Straitéise Náisiúnta um Chuimsiú Daoine faoi Mhíchumas breithniú faoi na gníomhartha ar gá do ranna rialtais tabhairt fúthu de bhun na tuarascála seo.
Tionólfar chéad chruinniú eile an ghrúpa an 15 Nollaig agus déanfaidh Sainchomhairleoirí Idirnáisiúnta Indecon cur i láthair ar an tuarascáil do na príomhpháirtithe leasmhara.
Déanann an tAire le Freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, T.D. cathaoirleacht ar Ghrúpa Stiúrtha na Straitéise Náisiúnta um Chuimsiú Daoine faoi Mhíchumas.
Tugtar le fios i dTuarascáil Bhliantúil 2020 na Roinne Coimirce Sóisialaí go meastar gurb ionann cláir Bhreoiteachta, Mhíchumais agus Chúramóirí agus 15.4% de chaiteachas iomlán na roinne ar íocaíochtaí sóisialacha, agus go raibh 414,405 faighteoir íocaíochtaí Breoiteachta, Míchumais agus Cúramóra ann, ar an iomlán.
Caitheadh €4.7 billiún ar íocaíochtaí breoiteachta, míchumais agus cúraim in 2020, ar méadú €264 milliún é seo i gcomparáid le 2019. B’ionann Liúntas Cúramóra agus Liúntas Míchumais agus €2.7 billiún den chaiteachas seo, agus cuireadh méaduithe 7.4% agus 6.2%, faoi seach, i gcuntas.
Tháinig méadú 5,825 faighteoir aníos go dtí 152,580 in 2020 ar an líon faighteoirí Liúntas Míchumais (is ionann seo agus méadú 4.0%). Ó 2011, tá méadú 48.3%.tagtha ar na líonta faighteoirí sa scéim seo. Tá méadú 66% tagtha ar chaiteachas ar Liúntas Cúramóra ó 2011.
Tá 154,618 faighteoir Liúntas Míchumais ann faoi láthair. Is ionann seo agus méadú 30% ón mbliain 2015 ar aghaidh. Meastar gurb é an caiteachas bliantúil ar Liúntas Míchumais in 2021 €1.8 billiún.
Thug Indecon faoi chleachtadh samhaltaithe staitistiúil ar aon dul le dea-chleachtas idirnáisiúnta le costas míchumais in Éirinn a mheas trí chur chuige ‘an chaighdeáin mhaireachtála’.
Déanann samhaltú meastachán ar an leibhéal ioncaim ar a mbainfeadh teaghlach ‘faoi mhíchumas’ an caighdeán maireachtála céanna amach a bhaineann teaghlach nach bhfuil faoi mhíchumas bunaithe ar an ngaol measta idir Caighdeán Maireachtála agus ioncam.
Cuirtear an t-innéacs um Chaighdeán Maireachtála le chéile mar liosta earraí coiteanna nach bhfuil ag daoine mar gheall nach féidir leo íoc astu, nó nuair nach bhfuil ag éirí le teaghlach gnáthbhillí a íoc.
Déantar rialú a shamhaltú le haghaidh saintréithe eile ábhartha teaghlaigh, cosúil le hinscne, dífhostaíocht, stádas pósta, stádas tionachta.
Leagtar amach sa Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú Daoine faoi Mhíchumas 2017-2022 (an SNCDM) réimse gníomhartha chun feabhas a chur ar ionchuimsiú dóibh siúd atá faoi mhíchumas in Éirinn, i limistéir ar nós seirbhísí poiblí a sholáthar, fostaíochta agus maireachtáil sa phobal.
Forbraíodh an SNCDM i gcomhairle le grúpaí páirtithe leasmhara míchumais agus leis an tsochaí shibhialta níos fairsinge. Bíonn sé faoi réir mhaoirseacht Ghrúpa Stiúrtha an SNCDM (GSSNCDM) ar a ndéanann an tAire Stáit le Freagracht as Míchumas cathaoirleacht agus tá ionadaithe ann ó roinnt ranna agus gníomhaireachtaí rialtais agus an Grúpa Páirtithe Leasmhara Míchumais. Tá córas tuairiscithe á oibriú ag an SNCDM cheana féin a iarrann ar ranna agus gníomhaireachtaí rialtais sonraí a thabhairt faoina ndul chun cinn gach ráithe.