Seolann an tAire Ryan comhairliúchán náisiúnta Chomhráite faoin Aeráid 2023 ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Comhráite faoin Aeráid 2023 a sheoladh inniu. Tá fáilte roimh dhaoine ar fud na tíre a dtuairimí a chur in iúl faoin dóigh ar féidir le gach duine a gcuid féin a dhéanamh chun todhchaí inbhuanaithe na hÉireann a áirithiú. Cuirfear Comhráite faoin Aeráid 2023 san áireamh sa chéad leagan eile den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus múnlóidh siad é.
Chun gach duine sa tsochaí a chumhachtú cabhrú linn an Plean bliantúil Gníomhaithe ar son na hAeráide a chomhdhearadh, bhunaigh Rialtas na hÉireann an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide, a sholáthraítear trí chlár bliantúil imeachtaí atá bunaithe ar Chomhráite faoin Aeráid.
Ghlac 4,300 duine ar fud na hÉireann páirt i gComhráite faoin Aeráid sa bhliain 2022. Léiríodh sna fionnachtana go bhfuil imní ar dhaoine faoin athrú aeráide, go bhfuil gníomh á dhéanamh acu agus go bhfuil siad ag iarraidh tuilleadh a dhéanamh fós. D’iarr daoine go léireofaí ceannaireacht 'uaillmhianach' maidir le gníomhú ar son na haeráide ina bpobal. Bhí fonn soiléir orthu cumarsáid shoiléir a fháil ón Rialtas freisin. Foilsíodh na fionnachtana sin sa Tuarascáil Achomair maidir le Comhráite faoin Aeráid 2022 agus baineadh úsáid dhíreach astu chun bonn eolais a chur faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023.
Ag labhairt dó faoi sheoladh Chomhráite faoin Aeráid 2023, dúirt an tAire Ryan:
"Bhunaíomar an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide chun deis a thabhairt do dhaoine fud fad na tíre a dtuairimí a chomhroinnt linn faoina thábhachtaí atá an t-athrú aeráide dóibh, faoi na nithe is féidir linn a dhéanamh ina leith, agus faoin dóigh ar féidir linn feabhas a chur ar an saol sa tír seo agus ar fud an domhain araon.
"Is féidir libh rannchuidiú a dhéanamh agus tuairimí a chur in iúl ar chuid mhór bealaí difriúla. Molaimid do gach duine páirt a ghlacadh sa chomhrá. Ghlac thart ar 9,000 duine páirt ann cheana féin sa dá bhliain seo a chuaigh thart, agus measaimid go mbeidh an t-imeacht níos mó agus níos fearr fós i mbliana.
"Táimid ag tnúth le bhur dtuairimí a fháil agus le hobair le chéile chun dul i ngleic leis an athrú aeráide."
Is é aidhm an Chomhrá faoin Aeráid i mbliana cur leis na nithe a foghlaimíodh an bhliain seo caite, á chinntiú go nglacfaidh daoine fud fad na hÉireann páirt sa phróiseas, lena n-áirítear daoine ar féidir go mbeidh tionchar ar leith ag aistriú na hÉireann chuig an neodracht carbóin orthu, ar mhaithe leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a dhéanamh inrochtana do chách.
Dúirt an tAire Ryan freisin:
"Beidh ar gach duine – an Rialtas, pobail, an lucht tionscail agus daoine aonair san áireamh – obair le chéile chun Éire a dhéanamh neodrach ó thaobh carbóin de chun todhchaí inbhuanaithe a áirithiú. Tá cuid mhór oibre le déanamh againn go fóill chun an bhearna idir an riocht atá orainn faoi láthair agus an riocht is gá a bheith orainn faoin mbliain 2050 a dhúnadh. Is é sin an fáth a bhfuil sé an-tábhachtach go gcuirfeadh daoine a dtuairimí in iúl faoin dóigh ar féidir linn go léir rannchuidiú lenár spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach agus faoin difear a dhéanfaidh sé sin dá saol ar bhealaí praiticiúla agus, rud tábhachtach, faoin dóigh ar féidir linne, mar rialtas, daoine a chumasú, a chumhachtú agus a spreagadh oiriúnú agus tuiscint a ghnóthú ar na deiseanna a ghabhann leis an aistriú seo."
Trí shochaí agus geilleagar atá athléimneach i leith na haeráide a chruthú, cabhrófar le hÉirinn agus le muintir na hÉireann déileáil le tionchair na haeráide athraithí. Trí chluinstin ó dhaoine fud fad na tíre, ar daoine iad a thagann ó aoisghrúpaí difriúla agus ó láithreacha difriúla agus a bhfuil dearcthaí difriúla acu, beifear in ann tacú leis na bearta a bheidh daoine ábalta a dhéanamh chun gníomhú dearfach a dhéanamh ar son na haeráide. Cuirfidh an méid sin ar fad leis an obair atá á déanamh faoi láthair ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023.
Is féidir le saoránaigh agus pobail cuairt a thabhairt ar thairseach Chomhráite faoin Aeráid agus tuairimí a chomhroinnt faoi na spriocanna comhchoiteanna atá ag Éirinn, faoi na nithe a baineadh amach go dtí seo agus faoi na nithe eile a d’fhéadfaí a dhéanamh chun tacú le pobail i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide. Tá 'Treoir ar Bhéarlagair Aeráide' ann freisin, rud atá deartha chun cabhrú le daoine léamh tríd an inneachar agus trí na ceisteanna.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoi Chomhráite faoin Aeráid 2023 agus faoi conas is féidir páirt a ghlacadh iontu a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
CRÍOCH
Tá Comhrá faoin Aeráid 2023 á sheoladh ar aon dul le dianrialacha cosanta sonraí. Ar an gcúis sin, níl sé ar oscailt ach amháin do dhaoine os cionn 16 bliana d’aois. Rachfar i gcomhairle le daoine faoi bhun sé bliana déag d’aois trí fhócasghrúpaí agus trí ionadaithe ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid.
Chun gach duine sa tsochaí a chumhachtú cabhrú linn an Plean bliantúil Gníomhaithe ar son na hAeráide a chomhdhearadh, bhunaigh Rialtas na hÉireann an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide. Tá ceithre phríomhchuspóir ag an Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide:
Soláthraítear an tIdirphlé Náisiúnta trí chlár bliantúil imeachtaí atá bunaithe ar ár gComhráite faoin Aeráid.
Mar chuid de Chomhráite faoin Aeráid 2022, chuamar i dteagmháil le breis agus 4,300 duine, reáchtálamar ceardlanna le Líonraí Rannpháirtíochta Pobail, agus labhraíomar le geallsealbhóirí éagsúla, mar aon le daoine óga (tríd an Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid). Foilseofar na fionnachtana sin sa Tuarascáil uainn maidir le Comhráite faoin Aeráid. Chuireamar leis na díospóireachtaí a rinneadh le linn Chomhráite faoin Aeráid 2021 trí chaidreamh breisithe a dhéanamh le geallsealbhóirí, agus sinn ag dul i bhfeidhm ar dhaoine nár ghlac páirt san idirphlé ar an aeráid riamh agus le pobail atá an-leochaileach i leith an aistrithe.
I mbliana, táimid ag cur leis na nithe a d’fhoghlaimíomar agus táimid ag leathnú ár gcláir. Táimid ag obair i gcomhpháirt le grúpaí pobail agus le comhlachtaí ionadaíocha chun dul i bhfeidhm ar shampla ionadaíoch leathan de shochaí na hÉireann, lena n-áirítear iad sin ar féidir go mbeidh tionchar ar leith ag ár n-aistriú chuig an neodracht carbóin orthu. Tá sé mar aidhm againn an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide a dhéanamh inrochtana do chách trí na Comhráite faoin Aeráid agus molaimid do gach duine a dtuairimí a chur in iúl.