Taispeánann torthaí taighde scéime píolótaí Bunioncaim do na hEalaíona tionchar dearfach ar fhaighteoirí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
• Infheistíonn faighteoirí níos mó ama agus achmhainní ina gcleachtas
• Tuairiscíonn siad laghdú sa dúlagar agus san imní
• Oibríonn siad níos lú uaireanta an chloig in earnálacha eile
Tá fáilte curtha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., roimh fhoilsiú na chéad tuarascálacha a cuireadh le chéile le sonraí a bailíodh mar pháirt den scéim phíolótach Bhunioncaim do na hEalaíona (BIE).
Dúirt an tAire Martin:
“Tá tabhairt i gcrích na scéime píolótaí mar phríomhthosaíocht dom. Is ábhar misnigh dom na torthaí a léiríonn go bhfuil níos lú imní agus dúlagair ar ealaíontóirí, agus ar oibrithe sna healaíona cruthaitheacha, a bhfuil an íocaíocht á fáil acu agus go bhfuil siad in ann níos mó ama a chaitheamh ar obair ina réimsí roghnaithe, agus níos mó infheistithe a dhéanamh ina ngairm ealaíon. Taispeánann sé go bhfuil tionchar dearfach imeartha ag an scéim i rith na chéad sé mhí d’íocaíochtaí agus gur féidir leis cleachtas cruthaitheach a athrú ó bhonn."
"Tá mé ag súil leis an taighde Bunioncaim a fheiceáil de réir mar a thagann sé amach sa dá bhliain amach romhainn. Is mian liom go gcuirfidh an scéim ar chumas ealaíontóirí gairmeacha féinchothaithe a bheith acu sna healaíona gan a bheith ag brath ar obair in earnálacha eile de bharr riachtanas eacnamaíoch.”
"Cé gur dearfach iad na torthaí tosaigh seo, léiríonn na tuarascálacha atá á bhfoilsiú againn in éineacht leo freisin an saol mar atá sé d’ealaíontóirí agus d’oibrithe sna healaíona cruthaitheacha in Éirinn faoi láthair. Is fianaise bhreise iad ar na dúshláin atá roimh ár n-ealaíontóirí ar bhonn laethúil agus na híobairtí a dhéanann siad chun dul chunn cinn a dhéanamh lena n-obair ealaíonta. Léiríonn sé an athuair an gá atá le scéim cosúil le Bunioncam do na hEalaíona agus leis an taighde a thagann leis, a chuideoidh linn agus muid ag tacú le spreagadh agus cothú na n-ealaíon in Éirinn."
Cuireadh na tuarascálacha ar an earnáil ealaíon le chéile le sonraí a bailíodh ó rannpháirtithe sa scéim phíolótach BIE agus tá siad ar fáil anseo agus anseo . Is cuideanna de shraith páipéar darbh ainm Portráid d’Earnáil na nEalaíon iad “Deimeagrafaic Earnáil na nEalaíon” agus “Dearcthaí Oibre sna hEalaíona” a tharraingtear ó shonraí a bailíodh roimh thús na n-íocaíochtaí d’fhaighteoirí BIE. Léiríonn na páipéir seo na cúinsí d’ealaíontóirí roimh thabhairt isteach an Bhunioncaim.
Foilsíodh an chéad Mheasúnú Tionchair (6-mhí) den Scéim Phíolótach Bhunioncaim inniu freisin agus tá sé ar fáil anseo . Léiríonn sé na hathruithe atá tugtha faoi deara ag faighteoirí an BIE sna chéad sé mhí d’íocaíochtaí. Foilseofar tuarascálacha cosúil leo seo a rianóidh na hathruithe i rith na scéime taighde píolótaí 3-bliana.
Dearadh an scéim phíolótach mar thriail chóimheastóra randamaithe (TCR), ina bhfaigheann grúpa amháin an íocaíocht (grúpa trialach, nó “faighteoirí BIE”) agus ní fhaigheann grúpa eile í (riailghrúpa). Trí chomparáid a dhéanamh idir na difríochtaí i dtorthaí an dá ghrúpa thar tréimhse ama, is féidir le taighdeoirí éifeachtaí an pholasaí a scrúdú.
Ceanglaítear ar gach rannpháirtí BIE, faighteoirí agus iad siúd atá sa riailghrúpa san áireamh, páirt a ghlacadh sa bhailiú sonraí leanúnach. I rith an chláir taighde phíolótaigh, comhlíonfaidh rannpháirtithe an suirbhé céanna maidir lena saoil agus a gcleachtas cruthaitheach gach 6 mhí.
Dúirt Maria Fleming, Cathaoirleach Fheachtas Náisiúnta do na hEalaíona (NCFA):
“Le tionscnamh an Bhunioncaim tá gealltanas cinniúnach déanta ag an rialtas i leith infheistíochta i dtionscal ealaíon na hÉireann. Agus na figiúirí is déanaí ag taispeáint go bhfuil an tionscal Ealaíon ar cheann de na tionscail is moille ó thaobh téarnamh ón phaindéim de, tugann triail an Bhunioncaim seasmhacht, a bhfuil fíorghá léi, do chúinsí oibre éiginnte ár luchta oibre ealaíon sársciliúil. Tugann an NCFA moladh don scéim, agus cuireann muid fáilte roimh na tuarascálacha seo mar fhianaise bhreise a thacaíonn leis an ngá atá lena rolladh amach iomlán i ndiaidh na céime píolótaí.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
D’ullmhaigh an Fhoireann Taighde Bhunioncaim do na hEalaíona na tuarascálacha seo. Rinne an Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta piarmheasúnú ar an Mheasúnú Tionchar Tosaigh (6-mhí). Tá na tuarascálacha a foilsíodh inniu mar an chéad eisiúint i sraith eisiúintí staidrimh a bhfuil mar aidhm leo eolas a dhéanamh don cheapadh polasaí agus taighde san earnáil ealaíon. Foilseofar dhá shraith pháipéar:
1. Portráid d’Earnáil na nEalaíon
2. Páipéir Tionchar BIE
Treisíonn an tsraith Portráid d’Earnáil na nEalaíon na sonraí a bailíodh mar pháirt den tsuirbhé bonnlíne/réamh-idirghabhála tosaigh ar rannpháirtithe sa scéim phíolótach Bhunioncaim do na hEalaíona, agus tá sé mar aidhm aici léargais a thabhairt ar chúinsí d’ealaíontóirí roimh thabhairt isteach an BIE. Is taighde é seo nach bhfuil aon fhasach air, i bhfianaise mhéid an taighde i dtéamaí an líon rannpháirtithe, chomh maith le saibhreas agus éagsúlacht na sonraí a bailíodh. Amach anseo, d’fhéadfadh Portráid Earnáil na nEalaíon iniúchadh a dhéanamh ar théamaí cosúil le: Tuilleamh agus Caiteachas Ealaíontóirí agus Oibrithe sna hEalaíona Cruthaitheacha; Dea-bhail Ealaíontóirí agus Oibrithe sna hEalaíona Cruthaitheacha; Nádúr Cleachtas Ealaíonta; Eispéireas ar Chomhionannas agus Ionchuimsiú sna hEalaíona.
Déanfaidh Páipéir Tionchar BIE measúnú ar thionchar an Bhunioncaim do na hEalaíona. Déanfar rianú ar thorthaí thar tréimhse ama don Grúpa Trialach (i.e. iad siúd a bhfuil an BIE á fháil acu) agus an Riailghrúpa (iad siúd nach bhfuil an BIE á fháil acu) araon. Cuirtear grúpaí i gcomparáid lena chéile thar am, chomh maith lena torthaí tosaigh ag an bhonnlíne.
• Tá rannpháirtithe sa scéim phíolótach Bhunioncaim do na hEalaíona ag glacadh páirt i gclár taighde trí-bliana chun measúnú a dhéanamh ar thionchar íocaíochta ar nós bunioncaim ar an earnáil ealaíon.
• Tá íocaíochtaí de €325 in aghaidh na seachtaine á ndéanamh d’ealaíontóirí agus d’oibrithe sna healaíona cruthaitheacha sa Ghrúpa Trialach i rith na scéime.
• Ceanglaítear ar rannpháirtithe páirt a ghlacadh i gclár bailithe sonraí leanúnach chun measúnú a dhéanamh ar thionchar íocaíochta ar nós bunioncaim ar a gcleachtas cruthaitheach.
• Chun tacú leis seo, tá cohórt iarrthóirí incháilithe, nár roghnaíodh chun íocaíochtaí a fháil, ag glacadh páirt i riailghrúpa chun measúnú na scéime píolótaí a éascú.
• Sa taighde a foilsíodh inniu sa chéad tuarascáil “iar-idirghabhála”, úsáideadh comparáidí idir na sonraí a fuarthas uathu siúd atá an íocaíocht á fáil acu agus iad sa riailghrúpa, chomh maith le comparáidí idir na sonraí agus na sonraí sin a fuarthas sular cuireadh tús leis na híocaíochtaí.
Na torthaí tosaigh ón tuarascáil iar-idirghabhála:
- Gach seachtain, caitheann faighteoirí an BIE uair an chloig go leith níos mó ar thaighde agus ar thurgnamh, uair an chloig níos mó ar bhainistiú agus ar riarachán, agus uair an chloig níos mó i mbun cur i láthair do lucht féachana i gcomparáid leis an riailghrúpa, i.e. 3.5 uaire breise ar a gcleachtas cruthaitheach in aghaidh na seachtaine.
- Laghdaigh faighteoirí an BIE an méid ama gach seachtain a chaitheann siad ag obair in earnáil eile faoi 3 uair an chloig i gcomparáid leis an riailghrúpa.
- Tá faighteoirí an BIE 12 phointe céatadáin níos dóchúla, i gcomparáid leis an riailghrúpa, a bheith in ann iad féin a choinneáil ag imeacht trí obair ealaíon amháin.
- Tháinig méadú níos mó ná leathphointe ar shásamh saoil, tomhaiste ar scála idir a haon agus a deich, d'fhaighteoirí an BIE i gcomparáid leis an riailghrúpa.
- Laghdaigh an dúlagar agus an imní a bhí ann sna 4 seachtaine roimhe sin beagnach 10 bpointe céatadáin d'fhaighteoirí an BIE i gcomparáid leis an riailghrúpa.
- Bhí 3.6 pointe céatadáin níos lú seans ann gur mhothaigh faighteoirí an BIE dúlagar nó imní “an t-am ar fad” i gcomparáid leis an riailghrúpa.
- Bhí 19.2 pointe céatadáin níos lú seans ann go n-éireodh le faighteoirí an BIE greim a choinneáil faoin bhfiacail le deacracht ar bith i gcomparáid leis an riailghrúpa.
- Tháinig laghdú 18.5 pointe céatadáin ar an Ráta Bochtaineachta Éigeantaí, tomhaiste ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, d'fhaighteoirí an BIE i gcomparáid leis an riailghrúpa.
- Tháinig laghdú ar bhochtaineacht ábharach d'fhaighteoirí an BIE ar fud 11 tháscaire an tSuirbhé maidir le hIoncam agus Cúinsí Maireachtála (SICM) ar fad, idir -3 phointe céatadáin agus -19 pointe céatadáin.
- Chaith faighteoirí an BIE €353 níos mó gach mí ar threalamh agus ábhair, €18 níos mó ar fhógraíocht agus ar mhargaíocht, €34 níos mó ar spásanna oibre, agus €24 níos mó ar thaisteal oibre i gcomparáid leis an riailghrúpa.