Cuireann an tAire Catherine Martin fáilte roimh mhaoiniú nua €7.2m do theilfís agus raidió na hÉireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann an tAire Catherine Martin fáilte roimh mhaoiniú €7.2m Fuaime agus Físe a d'fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann le déanaí. Bainfear úsáid as an maoiniú seo chun 104 tionscadal a léiriú bunaithe ar chultúr, ar oidhreacht agus ar eispéireas na hÉireann, ar cheisteanna idirnáisiúnta a théann i bhfeidhm ar stát na hÉireann, ar litearthacht na meán agus ar litearthacht dhaoine fásta. Ar an iomlán, craolfar tionscadail ar 32 chainéal éagsúla: craoltóirí pobail, tráchtála agus seirbhíse poiblí san áireamh. Tá an maoiniú €1.4m ar chuir an tAire ar fáil d’Údarás Craolacháin na hÉireann chun cabhrú leis an earnáil cheoil bheo sa bhabhta seo chomh maith.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire:
“I mí na Nollag na bliana seo caite, chuir mé maoiniú €1.4m ar fáil d’Údarás Craolacháin na hÉireann chun tacú lenár n-earnáil cheoil bheo, a chuir COVID-19 isteach go mór uirthi. Caithfidh ceoltóirí a bheith in ann a gcuid ceoil a sheinm os comhair lucht éisteachta, agus táim an-sásta gur chuir Údarás Craolacháin na hÉireann a chéad bhabhta maoinithe ceoil bheo i gcrích mar aon leis an mbabhta ginearálta don earnáil chlosamhairc. Maoineofar ocht dtionscadal ceoil bheo ar an iomlán, ‘Foster & Allen – Lost in Music’, ‘Irish Music Month’ agus ‘Seisiúin sa Black Gate’ san áireamh. Sna tionscadail seo, éisteoimid le réimse leathan ceoltóirí, ceoltóirí cáiliúla agus nua araon, le stíleanna éagsúla. Tá an-áthas orm a thabhairt faoi deara go dtabharfar tacaíocht do roinnt mhaith ban-ealaíontóirí, chomh maith.”
Chuir an tAire fáilte roimh chur chun cinn na mban i róil cheannaireachta cruthaitheachta, ag tabhairt faoi deara go bhfuil ceithre ról thábhachtacha ag mná i naoi gcinn de na 22 thionscadal faoin gcatagóir seo, gur mná atá i níos mó ná leath de cheithre thionscadal eile.
Dúirt an tAire:
“Creidim go diongbháilte i gcur chun cinn na héagsúlachta agus an chomhionannais inscne, agus, i dtaca leis seo, tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil Údarás Craolacháin na hÉireann tar éis tionscadail faoi leith a chur san áireamh faoina Phlean Gnímh Inscne ‘Mná i Róil Cheannaireachta Cruthaitheachta’, a dhíríonn ar líon na mban i bpríomhróil chruthaitheachta – léiritheoir, stiúrthóir, scríbhneoir, stiúrthóir na grianghrafadóireachta agus eagarthóir – mar bheart chun tacú le níos mó comhionannais inscne sa tionscal. Cuirim fáilte roimh an bhforbairt seo agus is féidir linn torthaí an tionscnaimh a fheiceáil i líon mór na léiriúcháin ardchaighdeáin le mná sna príomhróil chruthaitheachta, le tionscadail ar nós ‘Our Unique Tales, ‘Irish Women in Harmony’ agus ‘The Glorious Heresies’.”
Nótaí
Tagann an babhta maoinithe seo tar éis €2.58 a leithdháileadh don earnáil raidió tráchtála neamhspléach i mí Aibreáin 2021. Tá sonraí iomlána na dtionscadail rathúla ar fáil ar láithreán gréasáin Údarás Craolacháin na hÉireann ar www.bai.ie
Tá sé beartaithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann babhtaí eile a reáchtáil níos déanaí i mbliana agus fógrófar sonraí na mbabhtaí seo de réir mar a sheoltar iad.