Fáiltíonn an tAire McConalogue agus an tAire Heydon roimh chéim shuntasach i dtreo rochtana ar an gCóiré Theas do Mhairteoil na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as Forbairt Margaidh Nua, Martin Heydon T.D, fáilte inniu roimh chinneadh Chomhthionól Náisiúnta na Cóiré Theas iarratas na hÉireann ar rochtain mhairteola a chur ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile.
Tá rochtain mhairteoil a fháil ina hábhar mór plé ag leibhéil taidhleoireachta, pholaitiúla agus riaracháin ó cuireadh tús leis an bpróiseas seo, go suntasach le linn chuairt an Aire McConalogue ar an gCóiré níos luaithe i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo agus le linn chuairt an Aire Heydon i mí an Mhárta. Nuair a chuirtear an chéim seo i gcrích beidh cead ag údaráis na hÉireann agus na Cóiré dul ar aghaidh chuig na céimeanna deiridh den phróiseas iarratais.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Is cloch mhíle shuntasach í an fhorbairt fhíordhearfach seo maidir le rochtain mhargaidh a bhaint amach do mhairteoil na hÉireann sa mhargadh tábhachtach seo. Ainmníodh an Chóiré Theas mar mhargadh tosaíochta do mhairteoil na hÉireann agus tá mo Roinn gníomhach chun an cuspóir seo a bhaint amach agus sinn ag obair tríd an bpróiseas iarratais an-mhionsonraithe. Agus daonra os cionn 50 milliún duine aici, tá acmhainn ollmhór inti d’onnmhaireoirí Agraibhia na hÉireann chun a lorg a mhéadú i margadh sofaisticiúil na Cóiré. An bhliain seo caite, mhéadaigh onnmhairí agraibhia na hÉireann go dtí luach €75 milliún agus mar sin tá foras caidrimh láidir i bhfeidhm cheana féin agus le mairteoil a chur lenár n-onnmhairí, beidh méadú eile air sin.”
“Tagann an fhorbairt seo i ndiaidh mo rannpháirtíochta i misean trádála uile-Rialtais go dtí an Chóiré Theas a bhí á stiúradh ag an Taoiseach le déanaí. Ba í príomhaidhm an mhisin seo domsa an t-iarratas rochtana do mhairteoil na hÉireann a chur chun cinn. Le linn na cuairte seo, bhí plé dearfach agus torthúil agam leis an Uasal So Byung Hoon, ball den Tionól Náisiúnta agus Cathaoirleach an Choiste Talmhaíochta. Ina theannta sin, d’ardaigh an Taoiseach an cheist le linn an chruinnithe a bhí aige le hUachtarán na Cóiré.”
Ag leanúint ar aghaidh, dúirt an tAire;
“Léiríonn an dul chun cinn atá le feiceáil againn inniu an tábhacht a bhaineann le hidirphlé oscailte agus tairbheach a úsáideann gach bealach teagmhála. Choinnigh ár nAmbasadóir agus an tAtaisé Talmhaíochta i Súl bealaí cumarsáide oscailte agus bhí ról suntasach ag ár gcomhoibriú láidir leis an gCoimisiún Eorpach chun an próiseas seo a chur ar aghaidh.”
“Is iad na céimeanna deiridh atá ag teastáil anois ná comhaontú ar Dheimhniú Sláinte Tréidliachta agus cuairt iniúchta a óstáil chun monarchana a fhaomhadh le haghaidh onnmhairiú. Tá tús curtha ag m’oifigigh le hobair sa dá réimse sin cheana féin agus leanfaidh siad de bheith ag obair go dian lena gcomhghleacaithe sa Chóiré chun dul chun cinn tráthúil a chinntiú.”
Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon T.D, a bhfuil freagracht speisialta air as Forbairt Margaidh Nua:
“Tá áthas orm an fhorbairt seo a fheiceáil a thagann mar thoradh ar theagmháil shuntasach ag leibhéal oifigiúil, taidhleoireachta agus polaitíochta le blianta beaga anuas. Thaistil mé go dtí an Chóiré agus bhuail mé leis an gCathaoirleach So agus leis na ranna Rialtais ábhartha le linn mo chuairte ar Shúl do Lá Fhéile Pádraig i mbliana chun an t-ábhar seo a chur chunn cinn. Fuair mé tuiscint freisin ar mhargadh na Cóiré áit a bhfuil poitéinseal inti do mhairteoil na hÉireann agus mar sin is iontach an rud é an comhad seo a fheiceáil ag dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.”
Dúirt an tAire Heydon:
“Tá leathnú agus éagsúlú margaí do mhairteoil na hÉireann lárnach d’fhorbairt na hearnála agus do luach onnmhairí agraibhia na hÉireann a mhéadú.”
Mar fhocal scoir, dúirt na hAirí go bhfuil
“cáil ar bhia na hÉireann ar fud an domhain as a bheith sábháilte, inbhuanaithe agus den chaighdeán is airde. Tá an t-éileamh ag fás i margadh sofaisticiúil na Cóiré don chineál táirge a bhfuil Éire go hiontach á tháirgeadh agus is deis shuntasach é seo do gach páirtí leasmhar in earnáil na mairteola a thacóidh le forbairt inbhuanaithe leanúnach an tionscail dhúchasaigh is mó atá againn.”
CRÍOCH