Ráiteas ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD maidir le tabhairt i gcrích na Cainteanna Mairteola
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia & Mara, Michael Creed TD, inniu go bhfuil comhaontú bainte amach idir Ionadaithe ón Tionscal Mairteola agus Eagraíochtaí Feirme (IFA, ICMSA, ICSA, Macra na Feirme, INHFA, an Beef Plan Movement agus Independent Farmers) maidir le comhaontú dhá shraith chun Earnáil Mairteola na hÉireann a athchóiriú.
Tá roinnt idirghabhála i gceist leis an gComhaontú a mbainfidh táirgeoirí mairteola leas astu ar an bpointe, chomh maith le réimse de bhearta straitéiseacha a mbeidh sé mar aidhm leo dul i ngleic le neamhchothromaíocht struchtúrtha san earnáil.
Dúirt an tAire agus é ag deimhniú sonraí an Chomhaontaithe "bainfidh táirgeoirí mairteola leas láithreach as méadú ar réimse bónas, lena n-áirítear:
Bunófar Tascfhórsa an Mhargaidh Mairteola chun ceannaireacht a chur ar fáil chun cosán inbhuanaithe a fhorbairt do thodhchaí na hearnála mairteola i ndáil le hinbhuanaitheacht gheilleagrach, timpeallachta agus shóisialta. Duine a bheidh ceaptha ag an Aire a dhéanfaidh cathaoirleacht neamhspleách ar an Tascfhórsa, agus beidh an DAFM, gníomhaireachtaí cuí Stáit agus ainmnithe ó eagraíochtaí feirme agus ón tionscal feola air. Déanfaidh an Tascfhórsa soláthair do struchtúr láidir forfheidhmiúcháin do na gealltanais atá sa Chomhaontú seo, chomh maith le sceidil ama agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara. Ina theannta sin, cuirfear ardán cuí le haghaidh rannpháirtíocht straitéiseach le príomhpháirtithe leasmhara mar miondíoltóirí, údaráis rialála etc ar fáil le Tascfhórsa an Mhargaidh Mairteola.
Is éard a dúirt an tAire maidir leis na hathchóirithe struchtúracha atá comhaontaithe: "Aontaíodh roinnt beart sna réimsí a bhaineann le trédhearcacht an mhargaidh, cur chun cinn na mairteola agus an áit atá ag an bhfeirmeoir sa slabhra soláthair a neartú. Mar shampla:
Socraíonn na bearta a comhaontaíodh bóthar i dtreo soiléireacht níos mó do na páirtithe leasmhara ar fad a bhfuil baint acu leis an slabhra soláthair mairteola, na feirmeoirí ach go háirithe."
Mar fhocal scoir dúirt an tAire "Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúil do gach duine a bhí páirteachas sa phróiseas seo agus as an gcúnamh a thug siad i ndáil le bealach chun cinn a chomhaontú d'earnáil mairteola na hÉireann. Tá súil agam go mbeidh an Comhaontú seo ar an gcéad chéim chun cinn chun comhpháirtíocht níos láidre a bhaint amach san earnáil ríthábhachtach seo do gheilleagar na hÉireann agus faoin Tuath in Éirinn."
Nótaí don Eagarthóir
Comhaontú i ndáil le hEarnáil Mairteola na hÉireann an 15 Meán Fómhair 2019
Baineann an Comhaontú seo, a baineadh amach an 15 Meán Fómhair 2019, i dTeach na Talmhaíochta, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 le hEarnáil Mairteola na hÉireann. Ba chóir an comhaontú seo a léamh in éineacht le cáipéis Bhacastúin 'Conclúidí agus Na Chéad Chéimeanna Eile' dar dáta an 21 Lúnasa.
Sraith a hAon: Leasanna láithreach do na feirmeoirí
Baineann Sraith a hAon den Chomhaontú le roinnt idirghabhála a chuirfidh leas láithreach ar fáil do tháirgeoirí mairteola. Comhaontaíodh na hidirghabhálacha seo a leanas:
Sraith a Dó: Athchóirithe Struchtúracha Straitéiseacha
Leagtar amach i Sraith a Dó den Chomhaontú na bearta straitéiseacha a bhfuil sé mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar neamhchothromaíochtaí struchtúracha san earnáil mairteola.
Grinnscrúdú ar an Margadh
Áireofar i measc na dtionscnamh a bheidh dírithe ar fhaisnéis a fheabhsú feadh an tslabhra soláthair na tuarascálacha seo a leanas a choimisiúnú láithreach, agus iad a bheith curtha i gcló faoi dheireadh na bliana 2019:
Tascfhórsa an Mhargaidh Mairteola
Mar chuid de shraith 1 agus mar bhuntaca faoi Shraith a Dó, bunófar Tascfhórsa don Mhargadh Mairteola chun ceannaireacht a chur ar fáil chun cosán inbhuanaithe a fhorbairt do thodhchaí na hearnála mairteola i ndáil le hinbhuanaitheacht gheilleagrach, timpeallachta agus shóisialta. Duine a bheidh ceaptha ag an Aire a dhéanfaidh cathaoirleacht neamhspleách ar an Tascfhórsa, agus beidh an DAFM, gníomhaireachtaí cuí Stáit agus ainmnithe ó eagraíochtaí feirme agus ón tionscal feola air. Déanfaidh an Tascfhórsa soláthair do struchtúr láidir forfheidhmiúcháin do na gealltanais atá sa Chomhaontú seo, chomh maith le sceidil ama agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara. Ina theannta sin, cuirfear ardán cuí le haghaidh rannpháirtíocht straitéiseach le príomhpháirtithe leasmhara mar miondíoltóirí, údaráis rialála etc ar fáil leis an Tascfhórsa don Mhargadh Mairteola.
Déanfaidh an Tascfhórsa athbhreithniú ar bhearta a chuideoidh le feirmeoirí imeacht ó ainmhithe ar ghrád níos ísle i dtreo ainmhithe i gcatagóirí ardsonraíochta trí nuálaíocht agus teicneolaíocht nua.
Cur chun cinn
Neartóidh Bord Bia ar ghníomhaíocht cur chun cinn i leith mhairteoil na hÉireann ar fud príomh-mhargaí AE agus sa tSín.
Tá an DAFM agus Bord Bia i mbun rannpháirtíochta le Coimisiún an AE maidir le Tásc Geografach faoi Chosaint do mhairteoil na hÉireann a fhorbairt.
Trédhearcacht
Sula ndéanfar Rialachán nua ón AE a chur i bhfeidhm maidir le tuairisciú praghsanna ar fud an AE, cuirfidh an DAFM breis tuairiscithe mionsonraithe ar fáil ar an Aip Beef PriceWatch.
Tabharfar cuireadh do shaineolaithe AE chun an Tascfhórsa a chur ar an eolas ar an modheolaíocht níos leithne atá ag réadlann mhargadh feola an AE.
Iarrfar ar phríomhchustaiméirí tomhaltóra an Tascfhórsa a chur ar an eolas maidir le riachtanais sa mhargadh.
Scrúdóidh an Tascfhórsa samhlacha trédhearcachta i ndlínse eile.
Seolfar próiseas comhairliúcháin maidir leis An Treoir maidir le Cleachtais Trádála Éagóracha (UTP) a thrasuí lena n-áirítear an riachtanas atá le rialaitheoir neamhspleách a bhreithniú.
Tuairisceoidh DAFM a cuid torthaí cigireachta maidir le rangú conablach ar bhonn rialta.
Foilseofar tuarascáil ó shaineolaithe ar rangú meicniúil conablach go luath. Tá córas achomharc do mhonarchana ina ndéantar grádáil de lámh le tabhairt isteach.
Déanfaidh Teagasc athbhreithniú ar an gcóras meá te/fuar.
Cinnteoidh FSAI agus DAFM go beidh forfheidhmiú dian ann i ndáil le dlíthe lipéadaithe an AE.
Áit an fheirmeora sa slabhra soláthair a neartú
Tá DAFM i mbun rannpháirtíocht ghníomhach le roinnt eagraíochtaí a bhfuil sé i gceist acu Eagraíochtaí Táirgthe Mairteola a bhunú amach anseo b'fhéidir agus ag cuidiú leo sa phróiseas iarratais. Cheadaigh an DAFM an chéad PO mairteola an tseachtain seo.
Is margadh ríthábhachtach é an réimse onnmhairithe beo chun cúrsaí iomaíochta a fheabhsú san earnáil. Tá DAFM tiomanta d'fhócas straitéiseach leanúnach chun an trádáil seo a éascú agus a fhorbairt ar bhonn inmharthana, agus aird á tabhairt ar chaighdeáin géara leasa agus sláinte ainmhithe.
Gealltanais éagsúla ón tionscal
Dheimhnigh tionscal na feola go mbeidh feidhm leis an mbunphraghas ag leibhéal na monarchana aonair i gcás bullán agus bodóg beag beann ar aois nó pór.
Ní dhéanfar aon athrú ar theorainn meáchain gan ar a laghad fógra 4 mhí a thabhairt don fheirmeoir.
Beidh sé de cheart ag feirmeoirí teacht a bheith acu ar íomhánna den chonablach.
Cuirfear seirbhísí meá sáinseáin ar fáil, arna iarraidh, a bhféadfadh muirear ainmniúil a bheith i gceist leis.
Deimhniú scríofa maidir téarmaí díolacháin nuair a iarrtar sin.
Is féidir le feirmeoirí socrú gan a bheith páirteach i scéim árachais d'ainmhithe a thugtar chuig monarchana.
Réiteach ar an Díospóid
Tá gach páirtí ag dul i mbun an chomhaontuithe seo le dea-intinn. An rún atá ann gach saincheist atá gan réiteach idir feirmeoirí agus próiseálaithe a réiteach. Aontaímid mar seo a leanas:
Go gcuirfear deireadh le himshuí agus agóidí láithreach agus cinnteoidh gach páirtí sa chomhaontú seo go ndéanfar amhlaidh.
Geallfaidh próiseálaithe mairteola ina dhiaidh sin go dtarraingeofar siar aon nósanna imeachtaí dlí i gcoinne eagraíochtaí feirmeoireachta agus/nó feirmeoirí aonair maidir leis an ábhar seo.
Aontaíonn gach páirtí go dtabharfar aon díospóidí a thitfeadh amach amach anseo a chur faoi bhráid Tascfhórsa an Mhargaidh Mairteola ar dtús d'fhonn an Comhaontú seo a choinneáil slán.
Má mhainníonn aon pháirtí cloí leis na forálacha seo, rachaidh an Comhaontú i léig.
Tiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm a luaithe a bheidh deireadh le agóidí agus le himshuí.
Is iad na páirtithe atá sa chomhaontú seo, arna éascú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an 15 Meán Fómhair 2019:
CRÍOCH