Labhraíonn an tAire McGrath faoi fhoilsiú shonraí na gCuntas Náisiúnta don tríú ráithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (an 1 Nollaig), d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh na Cuntais Náisiúnta Ráithiúla don tríú ráithe den bhliain 2023. Ag labhairt dó faoi na figiúirí, dúirt Michael McGrath TD, an tAire Airgeadais:
“Tháinig laghdú 1.9 faoin gcéad ar OTI sa tríú ráithe i gcomparáid leis an ráithe roimhe, rud atá ag teacht leis an treocht a chonaiceamar i ráithí le déanaí. Mar a aithnítear go forleathan, níl OTI ina thomhas úsáideach maidir le measúnú a dhéanamh ar chaighdeáin mhaireachtála cónaitheoirí intíre, mar gheall ar an ról ollmhór a imríonn an earnáil ilnáisiúnta inár ngeilleagar.
“É sin ráite, is féidir an laghdú a chur síos go mór don laghdú leanúnach san éileamh ar tháirgí cógaisíochta a bhaineann leis an bpaindéim. Is léir go bhfuil dálaí eacnamaíocha domhanda ag maolú freisin, agus thuar an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) an tseachtain seo go mbeadh fás lag ann an bhliain seo chugainn – dá dtarlódh sé sin, d’fheicfí an ráta is ísle fáis dhomhanda ó thús na Géarchéime Airgeadais Dhomhanda, ach amháin i gcás na chéad bhliana den phaindéim.
“Tá dea-scéala ann ó thaobh cúrsaí seachtracha de freisin, áfach. Taifeadadh fás daingean ar onnmhairí seirbhísí, agus an leibhéal is mó riamh á bhaint amach acu.
“Maidir leis an ngeilleagar intíre, bhí Éileamh Modhnaithe Intíre – an mhéadracht is fearr liom – gan athrú sa tríú ráithe, ar lena linn a d’fhritháirigh an fás ar chaiteachas tomhaltóirí agus an laghdú ar chaiteachas infheistíochta a chéile, den chuid ba mhó.
“Is ábhar misnigh é gur tháinig méadú 0.7 faoin gcéad ar chaiteachas pearsanta tomhaltóirí sa tríú ráithe. Agus é cothrom le méadú bliantúil 2½ faoin gcéad, bhí an méadú sin ar aon dul, tríd is tríd, leis na noirm réamhphaindéime. Taobh thiar den fhás leantach ar chaiteachas tomhaltóirí a bhí fás láidir fostaíochta – léirítear i bhfigiúirí a foilsíodh an tseachtain seo caite gur tháinig méadú 27,000 duine sa tríú ráithe ar an líon daoine atá i bhfostaíocht – agus maolú boilscithe, a mhoilligh go 2.3 faoin gcéad i mí na Samhna, an ráta is moille méadaithe ó mhí Iúil 2021.
“Is eol dom go mbíonn brúnna praghsanna ag déanamh difear do chuid mhór teaghlach go fóill, agus leanann an Rialtas le ról lárnach a imirt maidir leo sin a ndéantar an difear is mó dóibh a chosaint. A bhuí leis na bearta a tugadh isteach i mBuiséad 2024, cabhrófar le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh a mbíonn brúnna costas maireachtála ag déanamh difear dóibh go fóill. Tháinig cuid mhaith de na bearta sin i bhfeidhm níos luaithe an tseachtain seo.
“Rud tábhachtach, tháinig fás láidir ar an infheistíocht i dteaghaisí cónaithe nua sa tríú ráithe. Bhí an fás sin cothrom le méadú bliantúil 14 faoin gcéad. Táim ag súil le móiminteam leantach a fheiceáil sa soláthar tithíochta sna míonna atá romhainn, agus tús á chur le beagán faoi bhun 31,000 aonad nua sa dá mhí dhéag suas go mí Dheireadh Fómhair. Ba cheart go gcuirfí na haonaid sin ar fáil an bhliain seo chugainn.”
Críoch
Nóta d’eagarthóirí:
Is ionann éileamh modhnaithe intíre (deiridh), ar athróg ionadach don gheilleagar intíre é, agus suim an tomhaltais phearsanta agus rialtais agus na hinfheistíochta pearsanta agus rialtais, gan infheistíocht i maoin intleachtúil allmhairithe agus in aerárthaí allmhairithe lena léasú a áireamh. Ní áirítear leis ach oiread athruithe ar an luach ar stoic.
Bhí an fás ráithiúil ar chaiteachas tomhaltóirí cothrom le 0.75 faoin gcéad ar an meán sna cúig bliana roimh an bpaindéim.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi fhorbairtí san earnáil cógaisíochta agus faoi phatrúin i dtomhaltas teaghlaigh le déanaí, féach Economic Insights – Geimhreadh 2023 ón Roinn Airgeadais anseo: Economic Insights – Geimhreadh 2023