Fáiltíonn an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí roimh mhaoiniú an Phlean Gheimhridh do ghrúpaí leochaileacha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Stáit Frank Feighan, ar a bhfuil freagracht as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí inniu roimh mhaoiniú breise de €5.5 milliún inniu chun seirbhísí sláinte a fheabhsú do dhaoine atá gan dídean agus ar andúiligh iad mar chuid de Phlean Geimhridh FSS.
Dúirt an tAire Feighan:
“Chuir COVID-19 béim ar leochaileacht daoine atá gan dídean agus ar andúiligh iad. Is grúpa iad le riachtanais chasta sláinte. Leanfaidh Plean Geimhridh FSS leis na bearta cosanta sláinte poiblí a forbraíodh le linn COVID-19 don daonra gan dídean atá leochaileach ó thaobh míochaine. Leathnófar seirbhísí Dochtúirí Teaghlaigh freisin do dhaoine atá ina gcónaí i gcóiríocht éigeandála i mBaile Átha Cliath agus in ionaid réigiúnacha. Is é an tríú tosaíocht ná leanúnachas cúraim a sholáthar do dhaoine atá gan dídean a bhféadfadh cóireáil éigeandála ospidéil a bheith ag teastáil uathu i rith míonna an gheimhridh."
Tá athchóiriú samhlacha cúraim agus úsáid seirbhísí pobail agus seirbhísí faoi stiúir paraimhíochaineoirí, lena n-áirítear seirbhísí andúile agus seirbhísí do dhaoine gan dídean, oiriúnach go hiomlán d'fhís Sláintecare agus is cuid thábhachtach den Phlean Geimhridh iad.
Dúirt an tAire Feighan:
“Is é an Plean Geimhridh an chéad chéim maidir le tiomantas sa Chlár Rialtais a chomhlíonadh chun maoiniú FSS a mhéadú d’idirghabhálacha spriocdhírithe do dhaoine atá gan dídean agus gur andúiligh iad."
CRÍOCH