Foilsítear Tuarascáil 2019 an Chórais Náisiúnta um Fhaireachán ar Thruailliú Foilsítear Tuarascáil 2019 an Chórais Náisiúnta um Fhaireachán ar Thruailliú Bruscair
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Léirigh Tuarascáil 2019 an Chórais Náisiúnta um Fhaireachán ar Thruailliú Bruscair méadú ar thruailliú bruscair ó 2018 go 2019:
Ag labhairt dó inniu faoi thorthaí na tuarascála, dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD:
“Baineann níos mó ná an ceathrú cuid dár dtruailliú bruscair le pacáistiú agus bruscar a bhaineann le bia, mar sin tá sé níos tábhachtaí ná riamh go gcuirfí i bhfeidhm na bearta a moladh faoin bPlean Gníomhaíochta Dramhaíola le hAghaidh Geilleagar Ciorclach a fógraíodh le deireanaí. Ní hamháin go gcaithfear an dramhaíl a tháirgimid a bhainistiú, caithfimid an méid dramhaíola a ghinimid ar an gcéad dul síos a laghdú. Sin an fáth a bhfuilimid tiomanta dár ndramhaíl bhia a laghdú faoina leath faoi 2030, scéim éarlaise agus tabhairt ar ais le haghaidh buidéil phlaisteacha agus cannaí, cosc a chur ar phlaistigh aonúsáide áirithe ó mhí Iúil 2021, agus tobhach a ghearradh ar chupáin indiúscartha. Cuirfimid tobhach aisghabhála dramhaíola i bhfeidhm chun athchúrsáil a spreagadh, agus cinnteoimid go bhfuil an pacáistiú ar fad in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte faoi 2030.
“Tá tiománaithe agus coisithe ag dul thar bráid freagrach as 64% den truailliú bruscair, mar sin caithfimid machnamh a dhéanamh ar ár bhfreagrachtaí pearsanta, go háirithe anois agus muid i lár paindéim dhomhanda. Deirtear go bhfuil maisc aonúsáide tar éis cur lenár bhfadhbanna bruscair le cúpla mí anuas agus d’éileoinn ar gach duine a maisc aonúsáide a chaitheamh i mbosca bruscair dúnta agus de réir threoir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, nó masc aghaidh in-athúsáidte a úsáid. Tréaslaím le comh-iarrachtaí na nÚdarás Áitiúil, Grúpaí Pobail, coistí Bailte Slachtmhara agus oibrithe deonacha atá riachtanach chun dul i ngleic lenár bhfadhb bruscair.”
Faoin gcóras faireacháin náisiúnta, tomhaistear a mhéad agus a dhéine atá an truailliú bruscair trí Innéacs Truaillithe Bruscair a úsáid, ar scála ó 1 go 5:
1 Gan truailliú nó gan bhruscar
2 Beagán truaillithe
3 Measartha truaillithe
4 An-truaillithe
5 Uafásach truaillithe
Leagann torthaí na Tuarascála béim ar an ngá atá le tionscadail ar nós Scéim na nDeontas um Fheasacht in aghaidh an Bhruscair agus Graifítí a chabhraíonn le feasacht a mhéadú ar fhadhb an bhruscair go háitiúil agus le teacht ar réitigh áitiúla ar fhadhbanna áitiúla. Cuireadh €744,739 ar fáil d’údaráis áitiúla chun tabhairt faoi thionscnaimh feasachta agus oideachais don phobal ar an leibhéal áitiúil i dtaca le bruscar agus graifítí. Féadfaidh gach údarás áitiúil tionscadail oiriúnacha feasachta in aghaidh an bhruscair a roghnú agus na leithdháiltí deontais ina gceantar féin a chinneadh. Ba cheart go bhféachfadh na tionscadail/gníomhaíochtaí roghnaithe le feasacht agus oideachas a mhéadú don phobal i dtaca le bruscar, lena n-áirítear salú madraí, agus graifítí.
Tacaíonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide le cláir méadaithe feasachta ar an gcomhshaol, lena n-áirítear Clár na Scoileanna Glasa, a bhfuil mar aidhm leis oideachas a chur ar dhaoine óga. Tacaímid freisin, trí urraíocht, le hobair grúpaí áitiúla trí Ghlantachán Náisiúnta Earraigh an Taisce. Is féidir le gach duine againn páirt a ghlacadh i mbaint amach ár spriocanna faoi Sprioc Forbairt Inbhuanaithe 12 – Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach.
CRÍOCH
Is uirlis bainistíochta comhshaoil é an Córas Náisiúnta um Fhaireachán ar Thruailliú Bruscair a chuireann ar chumas na n-údarás áitiúil dul i ngleic le bruscar níos éifeachtaí, trí chreat le haghaidh féinmheasúnú comhsheasmhach agus cruinn a chur ar fáil. Cuireann suirbhéanna an chórais náisiúnta sonraí ar fáil lena dtomhaiseann na húdaráis áitiúla:
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ar líne.