Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Máirt, an 24 Lúnasa 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 1,571* cás deimhnithe de COVID-19.
Amhail 8am inniu, tá 307 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 55 astu siúd san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Thugamar 1,814 cás deimhnithe de COVID-19 le fios sa lá, ar an meán, le 5 lá anuas. Is é ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra 526 cás anois. Ráta fíorard teagmhais é seo de scaipeadh an ghalair inár bpobail.
“Bealach simplí agus éifeachtach leis na slabhraí tarchuir a ghearradh é masc a chaitheamh. Má tá an víreas ort ach mura bhfuil comharthaí ort nó mura bhfuil comharthaí tagtha ort go fóill, is féidir leat an víreas a scaipeadh ar dhaoine eile go fóill. Cabhraíonn maisc aghaidhe leis an mbaol seo a laghdú. Trí mhasc a chaitheamh, cosnaíonn tú na daoine siúd timpeall ort. Thug 94% de daoine le fios in Eanáir 2021 gur chaith siad maisc aghaidhe in áiteanna poiblí, agus thug 93% le fios gur chaith siad maisc aghaidhe i bhFeabhra agus i Márta. Amhail an mhí seo, tá laghdú tagtha ar an bhfigiúr sin anuas go dtí 84%.
“Leanaigí, le bhur dtoil, le masc a chaitheamh i suíomhanna taobh istigh, cosúil le hionaid mhiondíola, ar iompar poiblí agus i mbialanna agus i suíomhanna plódaithe taobh amuigh. Beart simplí ach tábhachtach é seo go fóill ar féidir linn go léir tabhairt faoi le cosc a chur ar an víreas seo scaipeadh inár bpobail.”
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta an FÉSPN:
“Tugann ár samhaltú le fios dúinn gur cheart go mbainimid buaic na toinne reatha d’ionfhabhtuithe is cúis leis an leagan Delta amach go luath. Táimid ag maireachtáil faoi shrianta COVID-19 ar feadh tréimhse fhada ama – tá 542 lá caite anois ó thugamar an chéad chás de COVID-19 in Éirinn le fios. Tuigtear go bhfuil go leor dínn dubh dóite leis na bearta sláinte poiblí a leanaimid a mholadh.
“Ar an drochuair, leanann an galar seo ag teacht chun cinn agus is é an bealach is fearr is féidir linn sinn féin agus a chéile a chosaint ná leanúint lenár seacht ndícheall a dhéanamh chun cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí. Beidh ardleibhéal cosanta in aghaidh scaipeadh an ghalair bainte amach againn a luaithe a bheidh vacsaín faighte ag gach duine dínn atá incháilithe vacsaín COVID-19 a fháil, agus thar aon ní eile, a luaithe a thabharfaimid an sceideal iomlán dáilte chun críche. Cuirfear cosaint ar fáil duit idir 7 agus 14 lá i ndiaidh do chéad dáileoige.”
Dúirt an Dr Michael Power, an Príomhoifigeach Cliniciúil Náisiúnta, Clár Cúraim Chriticiúil FSS agus Sainchomhairleoir i Míochaine Dhianchúraim, Ospidéal Beaumont:
“Tá 55 duine i ndianchúram inár n-ospidéil faoi láthair. Is é cúram criticiúil ár gcosaint dheireanach in aghaidh COVID-19. Tá acmhainn theoranta ag ár n-aonaid dianchúraim go léir – nuair a bhíonn leapacha san aonad dianchúraim ag teastáil ó othair ar a bhfuil COVID-19, laghdaíonn sé an méid a bhíonn ar fáil sa chóras d’othair eile óna dteastaíonn cúram criticiúil.
“Is é an bealach is fearr is féidir linn go léir ár n-acmhainn chúraim chriticiúil agus ár seirbhís sláinte a chosaint ná ár gcláir vacsaínithe a chríochnú a luaithe agus is féidir agus leanúint ag cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí. Déanaigí gach rud is féidir libh, le bhur dtoil, lena sheachaint an galar seo a tharchur chuig bhur dteaghlach, bhur gcairde, bhur gcomhghleacaithe agus chucu siúd i do phobal.”
Dúirt an Dr Cillian De Gascún, Víreolaí Leighis agus Stiúrthóir na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris:
“Tá cúram criticiúil á sholáthar do thart ar 60% de dhaoine ar a bhfuil COVID-19 agus daoine iad atá incháilithe le vacsaín a fháil. Meabhraíonn seo go géar dúinn go léir ár vacsaíní COVID-19 a fháil a luaithe a bhímid incháilithe amhlaidh a dhéanamh.
“Murar chláraigh sibh go fóill, déan sin, le bhur dtoil agus cinntigh go bhfaigheann sibh an dá dháileog de bhur vacsaín. Leanaigí oraibh de bheith airdeallach agus sluaite móra a sheachaint, nuair is féidir. Má bhíonn sibh ag freastal ar imeacht, cuimhnígí bhur bhfad a choimeád amach ó dhaoine eile, masc a chaitheamh agus mura mbraitheann sibh sábháilte, fágaigí an áit.”
CRÍOCH