Cuireann an tAire Frank Feighan agus Jack Chambers fáilte roimh fhoilsiú an athbhreithnithe ar an bPlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Coirp
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Stáit um Shláinte Phoiblí, Folláine & an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan TD, agus an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers, TD, fáilte i gcomhpháirt inniu roimh fhoilsiú an Athbhreithnithe ar Chur i bhFeidhm an Phlean Náisiúnta Gníomhaíochta Coirp, agus Thuarascáil ar Chur Chun Feidhme 2020.
Tá cur chun cinn na gníomhaíochta coirp ina thosaíocht ag an Roinn Sláinte agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Éire Shláintiúil, Creat le haghaidh Sláinte agus Folláine Feabhsaithe 2013-2025, agus, le déanaí, Plean Gníomhaíochta Straitéiseach Éire Shláintiúil.
Ba léir é sin nuair a foilsíodh Get Ireland Active - an Plean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Coirp (NPAP) in 2016.
Bhí 60 gníomh san NPAP a bhí ceaptha chun leibhéil mhéadaithe gníomhaíochta coirp a chur chun cinn ar fud an daonra, trí níos mó deiseanna a thabhairt do dhaoine a bheith gníomhach agus gníomhaíocht coirp a dhéanamh mar ghnáthchuid den saol laethúil.
Tá cur i bhfeidhm an Phlean á mhaoirsiú ag Grúpa Forfheidhmithe trasearnála faoi chomhchathaoirleacht na Roinne Sláinte agus na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán. Déantar ionadaíocht freisin ar na Ranna Oideachais (DE), Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta & Óige (RLCMLÓ), Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (DHLGH), agus Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD), mar aon le Spórt Éireann, FSS, Cónaidhm Spóirt na hÉireann, an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA) agus an earnáil acadúil.
I measc na bpríomhthionscnamh atá idir lámha tá tacaíocht don chlár Bratach Scoile Gníomhaí, agus príomhthionscnaimh, le tacaíocht ó Éire Shláintiúil trí Spórt Éireann, chun tacú le siúl, rith, rothaíocht, snámh, caitheamh aimsire allamuigh agus comhoibriú leis an earnáil taighde trí Chomhoibriú Taighde um Ghníomhaíocht Coirp na hÉireann (iPARC). Foilsíodh tuarascálacha achoimre ar dhul chun cinn ar chur i bhfeidhm an NPAP do gach bliain ó 2017 – 2020 agus is féidir iad a fháil ag https://www.gov.ie/en/policy-information/b60202-national-physical-activity/
Tar éis próiseas iomaíoch tairisceana, tugadh conradh do Crowe Ireland Advisory chun dréacht-thuarascáil a fhorbairt, a thabhairt chun críche agus a chur i láthair don Ghrúpa Náisiúnta Forfheidhmithe um Ghníomhaíocht Coirp, lena n-áirítear athbhreithniú ar chur i bhfeidhm, anailís ar ábhair bheartais agus taighde agus treoirlínte náisiúnta agus idirnáisiúnta agus aiseolas ó pháirtithe leasmhara.
Léiríonn an tAthbhreithniú a foilsíodh inniu go bhfuil formhór an 60 gníomh curtha i gcrích go hiomlán nó i bpáirt agus soláthraíonn sé anailís mhionsonraithe ar stádas gach gníomhaíochta. Fuarthas amach sa Tuarascáil freisin go bhfuil cumas ceannaireachta agus maoirseachta cruthaithe ag Grúpa Forfheidhmithe an NPAP a chumasaíonn tionchar ag leibhéil idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúla. Is féidir cóip den Athbhreithniú a fháil ag https://www.gov.ie/en/publication/bed30-review-of-the-national-physical-activity-plan/ .
Agus é ag labhairt faoi thorthaí na Tuarascála, dúirt Frank Feighan TD, an tAire Stáit um Shláinte Phoiblí, Folláine & an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí:
“Táim an-sásta le torthaí an Athbhreithnithe seo, ina dtugtar aitheantas d'éachtaí suntasacha an Phlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Coirp (NPAP) ó foilsíodh é in 2016. Tá go leor le machnamh a dhéanamh san Athbhreithniú freisin ar a bhfuil le baint amach go fóill agus beidh sé seo ina bhuntáiste mór agus muid ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile i ndréachtú NPAP nua."
Dúirt an tAire Chambers:
“Tá áthas orm féin agus ar mo chomhghleacaí an tAire Feighan fáilte a chur roimh fhoilsiú na tuarascála seo. Ba mhaith liom freisin aitheantas a thabhairt don obair iontach atá á déanamh ag na páirtithe leasmhara go léir, ar leibhéal náisiúnta agus áitiúil araon, a chuir an dul chun cinn atá leagtha amach san Athbhreithniú i gcrích. Tá ár dhá Roinn tiomanta d'fheabhas a chur ar leibhéil na rannpháirtíochta i ngníomhaíocht coirp agus i spórt ar fud an daonra agus táimid ag tnúth le dul chun cinn leanúnach sa réimse seo sna blianta amach romhainn."
Cuirtear 28 moladg ar fáil a chuirfidh bonn eolais faoi fhorbairt na chéad chéime eile den NPAP, a chuirfear chun cinn sna míonna amach romhainn.
CRÍOCH