Fógraíonn an tAire Sláinte vacsaín fliú saor in aisce a leathnú dóibh siúd idir 50-64 bliana d’aois
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu go leathnófaí an Clár Vacsaínithe Fliú.
Tá an vacsaín fliú séasúrach agus a thabhairt amach á chur ar fáil saor in aisce do dhaoine fásta 50-64 bliain d’aois don chlár vacsaínithe 2021/2022.
Ós rud é go scaipeann COVID-19, an fliú agus tinnis riospráide eile ag an am céanna, is beart tábhachtach é seo chun an baol go gcuirfidh an fliú brú an gheimhridh ar an gcóras sláinte an séasúr seo a laghdú.
Beidh an vacsaín ar fáil ag Dochtúirí Teaghlaigh agus cógaslanna rannpháirteacha agus is féidir í a thabhairt ag an am céanna le teanndáileog COVID-19.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá lúcháir orm inniu síneadh an chláir vacsaínithe fliú a fhógairt. Tríd an vacsaín fliú séasúrach a chur ar fáil saor in aisce do gach duine fásta 50-64 bliana d’aois, táimid ag cabhrú chun tú a chosaint ar an bhfliú agus a scaipeadh sa phobal a laghdú. Tá sé i gceist ag an síneadh seo, atá ar aon dul le moltaí NIAC, éilimh ar sheirbhísí sláinte le haghaidh tinnis a bhaineann leis an bhfliú a theorannú tuilleadh i rith míonna an gheimhridh."
CRÍOCH
Cuirfear an vacsaín fliú ar fáil saor in aisce in 2021/22 dóibh siúd a leanas:
Daoine 50 bliain d’aois agus níos sine
Daoine atá ag iompar clainne
Leanbh atá idir 2 agus 17 mbliana d’aois
Oibrithe cúram sláinte
Daoine fásta nó leanaí 6 mhí d’aois nó níos sine le bunriocht sláinte fadtéarmach, mar shampla:
Duine a rugadh le siondróm Down
Duine a bhfuil cónaí air i dteach altranais nó i saoráid chúraim fhadtéarmach eile