Ráiteas ón Aire Catherine Martin ar fhoilsiúchán RTÉ tuairisc Grant Thornton ar “Toy Show The Musical”
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Léiríonn an tuairisc ar “Toy Show The Musical”, a d’fhoilsigh RTÉ inné, lochtanna suntasacha sa mhaoirseacht rialachais, sa bhainistíocht airgidis, agus i ngnásanna smachta cuí i leith an togra seo. Is fianaise breise í ar an gcaidreamh mífheidhmiúil is cosúil a bhí ann idir an bhFeidhmeannach agus an Bord in RTÉ ag an am.
Baineann an tuairisc seo le togra amháin. Cuirfidh sé, áfach, leis na sainscrúduithe neámhspleácha a d’fhógair mé, le toil an Rialtais, mí Iúil seo caite. Tá na hathbhreithnithe seo ag déanamh scrúduithe ar cheisteanna leithne in RTÉ, ina measc rialachas corparáideach agus an cultúr san eagraíocht. Tá súil agam na tuairiscí sin a fháil ag deireadh na míosa seo chugainn. Tabharfaidh siad soiléireacht tábhachtach ar na nithe a d’imigh in aimhréidh roimhe seo; agus beidh a gcuid moltaí riachtanach san iarracht leanúnach athchóiriú a dhéanamh ar RTÉ agus muinín an phobail a athtógáil sa chraoltóir náisiúnta.
Tá an-mhachnamh déanta agam ar an ábhar seo, agus é pléite agam le Cinnirí an Chomhrialtais. Tá sé mar phríomhaidhm agamsa, agus ag an Rialtas, leas an phobail a lárnú in aon chinneadh a tógtar maidir le RTÉ agus na meáin seirbhíse poiblí – cuid lárnach dár sochaí agus dár ndaonlathas.
Cé nach bhfuilim ag iarraidh teacht roimh thorthaí agus conclúidí deiridh na sainscrúduithe neamhspleácha, creidim gur cóir don Bhord reatha fanacht i bhfeidhm go fóill, chun feidhmiú laethúil cuí na heagraíochta a éascú, chun leanúint leis an bpróiseas athchóirithe agus athtógáil muiníne, agus chun freagracht a léiriú roimh iniúchadh an Oireachtais.
Tabharfaidh seo seasmhacht agus cinnteacht do RTÉ ag am ríthábhachtach agus an craoltóir ag cur críoch lena stráitéis don chéad cúig bliana eile. Creidim gur chun leasa na meithle oibre agus na heagraíochta é seo, ar an iomlán. Tá athrú suntasach tagtha i dtaobh déine na maoirseachta rialachais, chomh maith le neartú ar an ngaol idir an Bord agus an Fhoireann Eatramhach Ceannasaíochta ó ceapadh an Cathaoirleach reatha.
Aithním tráchtanna na mball Coiste le déanaí maidir leis an ngá go mbeadh baill Bhoird freagrach. Aontaím go bhfuil sé tabhachtach go leanann an fhreagracht seo ar aghaidh os comhair an Oireachtais agus obair thábhachtach an Choiste Oireachtais um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin ag dul ar aghaidh, mar aon le hobair an Choiste um Chuntais Phoiblí. Bhuail mé le Cathaoirleach Bhoird Bhainistíochta RTÉ, agus labhair mé leis an Ard-Stiúrthóir, agus gealladh a gcuid coimhoibrithe dom ar an ábhar seo.