Airí Airgeadais na hÉireann agus na Breataine ag casadh ar a chéile den tríú huair
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fáilte curtha ag an Aire Donohoe roimh an Seansailéir Javid ar a chéad chuairt oifigiúil chuig Baile Átha Cliath.
Tá Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe na hÉireann, Paschal Donohoe T.D., chun casadh le Seansailéir Státchiste na RA, Sajid Javid MP inniu (Déardaoin) i mBaile Átha Cliath.
Is í seo an tríú huair don bheirt Airí casadh ar a chéile le hocht seachtaine anuas ó ghlac an Seansailéir lena phost nua, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann le caidrimh gheilleagracha idir Éire agus an Ríocht Aontaithe. Déantar luach breis agus €1.3 billiún nó £1.1 billiún in earraí agus seirbhísí a thrádáil idir an RA agus Éire gach seachtain.
Déanfaidh na hAirí plé maidir leis an mBreatimeacht agus ar an tábhacht a bhaineann le caidreamh geilleagrach láidir a chothabháil agus an RA ag fágáil an AE. Chomh maith leis sin, roinnfidh siad a gcuid tuairimí maidir leis na forbairtí idirnáisiúnta is déanaí i gcúrsaí geilleagracha.
Dúirt an tAire Donohoe roimh an teacht le chéile:
“Is pléisiúr atá ann fáilte a chur roimh Sajid Javid go Baile Átha Cliath inniu. Deis atá sa teacht le chéile seo chun tuairimí a roinnt lena chéile maidir leis an mBreatimeacht agus an Comhaontú um Tharraingt Siar agus chun dearcthaí ár ndlúthchairde agus comharsana a chloisteáil, mar aon le haitheantas a thabhairt ag an am céanna gur idir an Ríocht Aontaithe agus an Tascfhórsa a dhéanfar aon idirbheartaíochtaí. Tríd an teacht le chéile seo, cuirtear deis ar fáil chun rannpháirtíocht a mhéadú tuilleadh agus tuiscint a fháil ar dhearcthaí a chéile. Beidh dúshláin ag baint leis na mBreatimeacht don RA agus d'Éirinn, ach táim ag súil leis an gcaidreamh atá eadrainn a fheiceáil ag méadú agus ag neartú sna blianta amach romhainn.”
Dúirt an Seansailéir Javid roimh an gcuairt:
“Comhpháirtí riachtanach is ea Éire don Ríocht Aontaithe, agus táim diongbháilte an caidreamh seo a choinneáil agus a neartú agus muid ag fágáil an AE.
“Trí chainteanna an lae inniu, cuideofar chun feabhas a chur lenár gcomhthuiscint maidir leis na saincheisteanna atá roimh an RA agus Éire - agus is mar gheall ar thuiscint níos fearr a bhíonn torthaí níos fearr ann.
“Tá an dá thír dílis i gcónaí don ghealltanas a rinneadh tacú le Comhaontú Bhéal Feirste (Aoine an Chéasta) nuair a fhágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAE an 31 Deireadh Fómhair.”
CRÍOCH
Grianghraif le teacht ó Julian Behal Photography
Teagmháil:
Deborah Sweeney, Comhairleoir Preasa an Aire Donohoe – 086 858 6878
Aidan Murphy, Preasoifigeach, An Roinn Airgeadais - 085 886 6667
Susan Wilson, Ceannasaí Preasa, Ambasáid na Breataine - 086 022 1545