Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh 23 Lúnasa 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Anois tá iomlán de1,777 cás bainteach le COVID-19 in Éirinn.
Ó mheán oíche Satharn 22ú Lúnasa, cuireadh an HPSC ar an eolas faoi 61 cás deimhnithe de COVID-19.
Anois tá iomlán de 27,969 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Tá an FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d'fhéadfadh a bheith ag othair a aithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun leathadh breise a chosc.
Soláthraíonn an eolas cothrom le Deais COVID-19 dáta ar na príomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dochtúir Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis an Roinn Sláinte;
“Tá a fhios agam go mbraithimid go léir gan chumhacht uaireanta i gcoinne COVID-19. Ach nílimid gan chumhacht. Tá réimse uirlisí ar fáil ag gach duine againn – eolas a bheith againn ar na rioscaí, ár lámha a ní, gan teagmháil a dhéanamh lenár n-aghaidheanna, coinneáil i bhfad ó dhaoine go fisiciúil, sluaite a sheachaint, cuairteoirí a theorannú chuig ár dtithe, agus clúdach aghaidhe a chaitheamh. Ach is an uirlis is tábhachtaí ar fad ná ár ndlúthpháirtíocht lena chéile – trí spreagadh a thabhairt dá chéile chun cloí leis na bunbhearta agus trí leanúint ar aghaidh ag gníomhú agus ag oiriúnú le chéile is féidir linn tarchur an víris seo a chur faoi chois arís.”
CRÍOCH