Statement from the National Public Health Emergency Team - Dé Céadaoin an 17 Márta 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 17 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh naonúr díobh sin i mí an Mhárta, ceathrar mí Feabhra agus ceathrar i mí Eanáir nó níos luaithe.
81 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 51 - 94 an raon aoise.
4,566* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche, Dé Máirt 16 Márta, cuireadh 557 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.
228,215** cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Amhail 8am inniu, tá 350 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 83 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 19 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 14 Márta, bhí 617,050 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 5 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 228,215 cás deimhnithe é seo.
**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.
Contae | Cásanna an lae inniu** (go meán oíche 16 Márta 2021) | Meán Gluaiseachta 5 lá de Chásanna Nua~ | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 16 Márta 2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 16 Márta 2021) |
Éire | 557 | 481 | 148 | 7,048 |
Uíbh Fháilí | 15 | 18 | 339.9 | 265 |
An Longfort | 5 | 3 | 318.1 | 130 |
Cill Dara | 58 | 40 | 236.4 | 526 |
Baile Átha Cliath | 229 | 199 | 222.9 | 3,003 |
An Mhí | 31 | 28 | 215.8 | 421 |
Dún na nGall | 34 | 24 | 160.8 | 256 |
Lú | 10 | 11 | 145.1 | 187 |
Ceatharlach | 10 | 8 | 142.3 | 81 |
An Iarmhí | 14 | 11 | 141.9 | 126 |
Luimneach | 12 | 9 | 128.3 | 250 |
Tiobraid Árann | 24 | 19 | 124.7 | 199 |
Gaillimh | 20 | 24 | 115.1 | 297 |
Ros Comáin | 8 | 6 | 114.7 | 74 |
Port Láirge | 6 | 8 | 103.3 | 120 |
Maigh Eo | <5 | 5 | 98.1 | 128 |
Cill Mhantáin | <5 | 8 | 95.5 | 136 |
Loch Garman | 11 | 13 | 89.5 | 134 |
Sligeach | 9 | 4 | 88.5 | 58 |
Muineachán | <5 | 2 | 81.5 | 50 |
An Cabhán | 13 | 5 | 78.8 | 60 |
Laois | 6 | 4 | 77.9 | 66 |
An Clár | <5 | 4 | 57.2 | 68 |
Ciarraí | 10 | 6 | 54.8 | 81 |
Corcaigh | 10 | 17 | 50.3 | 273 |
Cill Chainnigh | 6 | 3 | 47.4 | 47 |
Liatroim | <5 | 1 | 37.4 | 12 |
~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.