Seolann an tAire O'Brien an chéad Straitéis Náisiúnta Saorálaíochta 2021-2025
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Creat uile-rialtais chun tacú leis an earnáil dheonach
Cúlchiste Deonach nua le bunú chun freagairt go tapa do riachtanais an phobail áitiúil
Is é Dé Sathairn an 5 Nollaig Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe Deonacha
Sheol Joe O'Brien TD, an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, an chéad Straitéis Náisiúnta Saorálaíochta 2021-2025 inniu (5 Nollaig).
Is é aidhm na straitéise an luach ar leith agus an méid a chuireann oibrithe deonacha le sochaí na hÉireann a aithint, tacú leis agus é a chur chun cinn. Téann an tsaorálaíocht chun leasa earnálacha móra an tsochaí i réimsí an oideachais, na n-ealaíon, na hoidhreachta, na sláinte, an spóirt agus chun leasa na ndaoine atá ar an imeall go sóisialta freisin. Taispeánann taighde freisin go bhfuil tionchar dearfach ag an ngníomh deonach ar shláinte agus ar fholláine an oibrí dheonaigh.
Cuireadh an straitéis le chéile i gcomhar leis na hearnálacha pobail dheonacha agus gnó agus cuirfear fís agus plean ar fáil d’oibrithe deonacha agus do na heagraíochtaí sin a bhaineann leas as obair na n-oibrithe deonacha.
Ag seoladh na straitéise, dúirt an tAire O'Brien:
“Bhí traidisiún fada don tsaorálaíocht in Éirinn i gcónaí. Ní raibh an oiread tábhacht leis an tsaorálaíocht obair dheonach inár sochaí riamh agus a bhí le linn an fhreagairt ar Covid-19 le roinnt míonna anuas.
“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le Saorálaíocht Éireann agus Ionad Saorálaíochta Átha Cliath Theas. Bhí ról lárnach ag an dá eagraíocht seo, agus ag na hIonaid Dheonacha go léir, sa fhreagairt dheonach ar Covid-19. Ba mhaith liom, go háirithe, comhghairdeas a dhéanamh le hIonad Saorálaíochta Átha Cliath Theas as a ndámhachtain i gCatagóir Ghrúpa Covid-19 faoi Dhámhachtainí Saorálaíocht Éireann 2020. "
Ag aithint gur inniu Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe Deonacha, lean an tAire air:
“Tá an-áthas orm an straitéis seo a sheoladh ar Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe Deonacha, mar go bhfuil gníomhaíochtaí ar leith sa straitéis chun tacú le saorálaíocht dheonach eiticiúil idirnáisiúnta agus scileanna-bhunaithe.”
Tá 56 gníomh sa straitéis atá le cur i bhfeidhm sna cúig bliana amach romhainn, agus beidh an Rialtas ag obair i gcomhpháirtíocht le oibrithe deonacha, comhlachtaí deonacha, an earnáil pobail agus earnáil dheonach, an pobal gnó agus an pobal corparáideach chun a chuspóirí a bhaint amach.
D’fhógair an tAire freisin, ar an gcéad chéim chun an straitéis a chur i bhfeidhm, go bhfuil maoiniú ceadaithe aige le haghaidh Cúlchiste Deonach nua a bhunú chun freagairt go tapa ar riachtanais an phobail áitiúil. Fógrófar tuilleadh sonraí faoin tionscnamh seo i mí Eanáir 2021.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire
“Is cuid dár misean 'Pobail Níos Láidre agus Níos Sábháilte a Thógáil' é foilsiú na Straitéise Náisiúnta Saorálaíochta seo agus is cuspóir í an Straitéis freisin atá bainte amach i gClár an Rialtais.”
“Teastaíonn uainn go gcabhróidh an straitéis le daoine nua a thabhairt isteach san obair dheonach. Ba mhaith linn timpeallacht agus sraith struchtúir tacaíochta a fhorbairt a éascaíonn na caighdeáin is airde ionas gur féidir le gach duine atá bainteach leis an leas is fearr a bhaint as. Ní mór a rá, thar aon rud eile, go bhfuil an rialtas, trí cheadú agus fhoilsiú na straitéise seo, ag tabhairt aird ar luach na n-oibrithe deonacha agus a thábhachtaí agus atá siad dár bpobail. "
Tionchar na nOibrithe Deonacha
Aidhm na Straitéise
Imlíne na Straitéise
Cúlchiste Deonach