Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta leithdháileadh €10 milliún breise chun seirbhísí meabhairshláinte a fheabhsú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler T.D., inniu go leithdháilfear maoiniú breise €10 milliún do sheirbhísí meabhairshláinte a fuarthas tríd an bpróiseas Meastacháin Athbhreithnithe.
Tá an maoiniú infheistíochta nua seo do 2024 dírithe ar mheabhairshláinte leanaí agus óige, lena n-áirítear na Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (CAMHS) agus sábháilteacht ar líne do leanaí.
Tacóidh an maoiniú breise seo go sonrach le hearcaíocht bhreise inár seirbhísí CAMHS agus le maoiniú do sheirbhísí eile do leanaí agus do dhaoine óga, a leagann béim ar chosc agus ar thacaíochtaí meabhairshláinte luath-idirghabhála. Áirítear leis seo poist bhreise chun Moil CAMHS a leathnú chun dian-idirghabhálacha meabhairshláinte gearra feabhsaithe a chur ar fáil do dhaoine óga le linn géarchéime, chomh maith le foireann bhreise CAMHS ag Ranna Éigeandála a chinntiú chun cabhrú le daoine óga atá i láthair ann rochtain a fháil ar sheirbhísí. Beidh earcaíocht bhreise ann freisin chun sainseirbhísí meabhairshláinte a leathnú tuilleadh do dhaoine óga i réimsí cosúil le ADHD, neamhoird itheacháin agus idirghabháil luath i síocóis.
Leis an leithdháileadh breise €10 milliún a d'fhógair an tAire Butler inniu, déanfar poist bhreise a líonadh ar fud na seirbhísí meabhairshláinte agus tiocfaidh sé sa bhreis ar mhaoiniú do Bhuiséad 2024 do 68 post le haghaidh CAMHS agus do mheabhairshláinte leanaí agus óige. Tógtha le chéile, neartóidh na 130 post nua seo do 2024 foirne CAMHS ar fud na tíre, feabhsóidh siad foirne Mol CAMHS agus forbróidh siad príomhchláir chúraim chliniciúil cosúil le hidirghabháil luath i síocóis, neamhoird itheacháin, ADHD, agus dédhiagnóis.
I measc na bpríomhbheart a chuirfear chun cinn tríd an maoiniú seo, tá:
Tá tús áite á thabhairt ag an Aire Butler freisin do mheabhairshláinte na n-óg agus do shábháilteacht ar líne, le maoiniú tiomnaithe €1 milliún do shábháilteacht ar líne tugtha chun tacú le litearthacht dhigiteach agus cosaint daoine óga ar líne. Áirítear leis sin feachtas náisiúnta nua maidir le sábháilteacht ar líne agus forbairt acmhainní digiteacha do thuismitheoirí agus do dhaoine óga chun tuiscint ar dhochar ar líne a mhéadú agus conas is féidir daoine óga a chosaint tuilleadh.
Dúirt an tAire Butler:
"Is í an phríomhaidhm atá agam leis an maoiniú nua seo a leithdháileadh ná leanúint de rochtain ar sheirbhísí meabhairshláinte leanaí agus óige a fheabhsú, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar liostaí feithimh CAMHS agus sainseirbhísí meabhairshláinte cosúil le neamhoird itheacháin agus ADHD a fheabhsú. Beidh an maoiniú €10 milliún breise atá faighte agam don mheabhairshláinte dírithe ar rochtain ar sheirbhísí a fheabhsú, comhtháthú níos fearr idir sheirbhísí, agus samhlacha nuálacha seirbhíse a leabú. Anuraidh, chonaiceamar tuilleadh leanaí agus daoine óga ag dul chuig na foirne CAMHS, agus tá mé ag díriú ar a chinntiú go leanann sé seo ar aghaidh, le tuilleadh leanaí á bhfeiceáil níos tapúla ag an tseirbhís is oiriúnaí dá riachtanais.
"Tá fíorthionchar ag infheistíocht mhéadaithe. Bhí 12% níos mó coinní CAMHS tairgthe do pháistí agus do dhaoine óga anuraidh. Tá ár liosta feithimh do sheirbhísí CAMHS ag titim i gcónaí, agus beagnach 500 níos lú páistí ag fanacht faoi dheireadh na bliana seo caite. Beidh tuilleadh daoine ag obair ar fud CAMHS mar gheall ar mhaoiniú breise i mbliana, agus beidh daoine óga le feiceáil níos tapúla."
Chuir an tAire Butler leis sin, ag rá:
“Is é an fócas atá agam anois ná seachadadh seirbhíse CAMHS a leathnú, chomh maith le seirbhísí níos leithne do dhaoine óga, agus cur le rolladh amach céimneach dár gCláir Chliniciúla Náisiúnta cosúil le ADHD i nDaoine Fásta, Luath-Idirghabháil i Síocóis agus Neamhoird Itheacháin chuig tuilleadh réigiún den tír.
“Beidh mé ag cinntiú go scaipfear leithdháiltí maoinithe go geografach chuig ceantair sa tír a bhfuil leibhéil riachtanais níos airde acu agus ina bhfuil foirne faoinár gCláir Chliniciúla Náisiúnta fós le bunú".
Tá an infheistíocht atá á fógairt inniu dírithe ar chúnamh a thabhairt do dhaoine aonair le leas a bhaint as raon tacaíochtaí agus seirbhísí chomh gar don bhaile agus is féidir, ag an leibhéal castachta is fearr a fhreagraíonn dá riachtanais agus dá gcúinsí, thar leanúntas seirbhísí meabhairshláinte. Ciallaíonn sé seo rochtain a fháil ar na tacaíochtaí meabhairshláinte a theastaíonn uathu, sa phobal ar an gcéad dul síos, ag an leibhéal is oiriúnaí dá riachtanais. D'fhéadfadh sé seo a bheith i gceist le teiripí comhairleoireachta agus cainte trí thacaíocht a fháil óna bhfoireann meabhairshláinte pobail, nó rochtain ar sheirbhísí níos speisialaithe, suas go dtí tacaíochtaí othar cónaitheach agus cónaithe san áireamh.
I measc na mbeart nua, tá: