Fógraíonn an tAire Joe O’Brien 24 tionscadal atá le cistiú faoin gCiste Éire i gcoinne an Chiníochais 2023
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Stáit um Fhorbairt Pobail, Lánpháirtíocht agus Carthanais, Joe O’Brien, na 24 tionscadal atá le maoiniú de thart ar €1.3m a fháil faoin gCiste Éire i gcoinne an Chiníochais 2023.
Is gné thábhachtach é an Ciste Éire i gcoinne an Chiníochais chun tacú leis an bPlean Gníomhaíochtaí Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais, a foilsíodh an 21 Márta 2023 a chur i bhfeidhm. Eascraíonn an glao maoinithe as Gníomh 2.14 den phlean ina luaitear: ‘‘Maoiniú a chur ar fáil do thionscnaimh náisiúnta agus áitiúla a bhfuil sé mar aidhm acu ciníochas a chomhrac agus comhionannas ciníoch agus comhtháthú pobail a chothú, chun tacú leis an bplean seo a chur i bhfeidhm agus a chuspóirí a bhaint amach’’.
Agus é ag caint ag Páirc Chnocán Uí Dhálaigh, áit a bhfuil An Cumann Peile Boihéamaigh, ceann de na hiarratasóirí ar éirigh leis, suite, dúirt an tAire O'Brien:
“Tá mé iontach sásta torthaí an chéad ghlao maoinithe faoin gCiste Éire i gcoinne an Chiníochais a fhógairt. Is gné thábhachtach é an ciste seo den Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais, agus cabhróidh na gradaim chistíochta a fógraíodh inniu le 24 tionscadal, idir áitiúil agus náisiúnta, le hobair thábhachtach a dhéanamh a thacóidh le cuspóirí an phlean gníomhaíochta. Bhí mé an-tógtha le caighdeán na n-iarratas ar an gciste, agus tá mé ag tnúth go mór leis na tionscadail agus tionscnaimh éagsúla a fheiceáil agus go mbeidh ag éirí leo sa bhliain amach romhainn agus níos faide ná sin”.
Image caption: Minister of State for Community Development, Integration and Charities, Joe O’Brien, at Bohemian Football Club with (L-R) Sean McCabe; Katlyne Armstrong; Jimmy Dignam and Daniel Lambert from Bohemian FC.
DEIREADH//
Nótaí don Eagarthóir
Bhí an Ciste Éire i gcoinne an Chiníochais 2023 oscailte le haghaidh moltaí ón 2 Bealtaine 2023 – 31 Bealtaine 2023. Cuireadh €1,294,291 ar fáil in 2023 chun tacú le tionscadail fhrithchiníochais le maoiniú deontais €50,000 - €100,000 in aghaidh gach tionscadal Scéim A ar éirigh leis agus €5,000 - €10,000 in aghaidh gach tionscadal B ar éirigh leis.