AAn Post roghnaithe mar an tairgeoir is fearr le haghaidh conartha seirbhísí íocaíochta airgid sa Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá An Post roghnaithe mar an tairgeoir is fearr don chonradh seirbhísí íocaíochta airgid nua de chuid an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.
Tá idirbhearta conartha ar bun faoi láthair idir an dá chomhlacht agus tá siad le críochnú go luath. Mairfidh an conradh nua – ar fiú thart ar €100 milliún é, ar feadh dhá bhliain, ó 1ú Eanáir 2020 go 31ú Nollaig 2021.
Tá íocaíochtaí leasa airgid na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí á rialú faoi láthair ag Conradh Seirbhísí Airgid na Roinne, atá leis An Post chomh maith. Tháinig an conradh seo i bhfeidhm ar 1 Eanáir 2014 agus tá sé le críochnú ar 31 Nollaig 2019. Bhí ceangal ar an Roinn de réir rialacha soláthair an AE agus náisiúnta tairiscintí a sholáthar go poiblí maidir le conradh seirbhísí íocaíochta airgid nua a sholáthar ó thús na bliana seo chugainn.
Tar éis don tréimhse chonartha dhá bhliain a bheith críochnaithe, tá an rogha ag an Roinn an conradh a athnuachan ar bhonn bliantúil ar feadh ceithre bliana eile.
Dúirt an tAire Doherty:
“I 2018, íocadh beagnach 31 milliún íocaíocht – nó 40% de na híocaíochtaí go léir ag an Roinn - in airgead tirim trí líonra oifigí poist de chuid An Post, a shroich pobail áitiúla ar fud na tíre ar fad. A luaithe is atá an conradh nua sínithe, fanfaidh na socrúcháin atá i bhfeidhm cheana féin mar an gcéanna do gach duine a roghnaigh a n-íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil trí An Post.”
Dúirt Debbie Byrne, Stiúrthóir Bainistíochta de Mhiondíol An Post:
“Fáiltíonn An Post roimh an gcinnteacht soláthartha a chuireann an fógra is déanaí ar fáil atá ina nuacht mhaith do Mháistirí Poist agus ár gcustaiméirí. Tá íocaíochtaí airgid thirim le cliaint na Roinne, a chuimsíonn pinsin agus Sochar Linbh, ina ghné thábhachtach do ghnó oifigí poist agus sampla soiléir de luach líonra na n-oifigí poist maidir le seirbhísí rialtais a chur ar fáil do phobail áitiúla. Táimid ag súil le hobair leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí sa dá bhliain atá amach romhainn.”
Sonraí Teagmhála na Preasoifige
R-phost: press.office@welfare.ie
Teil: 01 704 3082
Twitter: @welfare_ie
Instagram: instagram.com/social.protection