Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Máirt, an 5 Bealtaine 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 23 duine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.
Tá 1,339* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail 11am Dé Máirt, an 5 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 211 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 21,983 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Domhnaigh, an 3 Bealtaine (21,659 cás), an méid seo a leanas le fios:
Amhail meán oíche Dé Luain, an 4 Bealtaine, rinneadh 214,761 tástáil. Le seachtain anuas, rinneadh 61,707 tástáil agus astu seo, bhí toradh dearfach ag 2,280, a bhronnann ráta dearfachta 3.7%.
Dúirt an Dr Cillian de Gascún, Cathaoirleach Shainghrúpa Comhairleach an FÉSPN:
"Is dea-chomhartha é go bhfuil laghdú ag teacht ar an ráta dearfachta. Anuas ar an ardleibhéal tástála atá á dhéanamh anois againn, ábhar misnigh dúinn é go bhfuil an galar á chur faoi chois againn de réir a chéile.”
Chas an Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta ar a chéile inniu (Dé Máirt, an 5 Bealtaine) chun leanúint lena n-athbhreithniú leanúnach ar fhreagairt na hÉireann do COVID-19.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"De réir mar a oibríonn Éire chun na srianta a laghdú, tá sé ríthábhachtach go leanaimid ar aghaidh leis an dul chun cinn a dhéanamh atá déanta ag ár dtír le roinnt seachtainí anuas.
"Galar an-tógálach é seo. Scaiptear go fairsing i sluaite é. Is féidir é a scaipeadh chomh forleathan sin go mbeadh deacracht ag ár seirbhís sláinte freagairt dó.
"Cé go bhfuil sé i gceist againn teacht as na srianta a leagadh le déanaí go sábháilte, níor cheart do dhuine ar bith dínn a ligean i ndearmad go bhfuil an víreas seo inár bpobal go fóill. Tá an baol céanna ann go dtiocfaidh breoiteacht thromchúiseach ar na daoine siúd a dtiocfaidh an galar orthu a bhí rompu ag tús na paindéime seo."
CRÍOCH
*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 3 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 1,339 bás.