Plean chun líon na scoláirí san oideachas trí mheán na Gaeilge a dhúbailt á fhógairt ag an Aire McHugh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d'fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D., pleananna chun an chéad pholasaí cuimsitheach maidir leis an oideachas trí mheán na Gaeilge a fhorbairt.
Cuirfidh an polasaí nua creat ar fáil chun oideachas trí mheán na Gaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar i scoileanna agus i suíomhanna luathbhlianta lasmuigh den Ghaeltacht.
Sprioc lárnach é seo sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tógfaidh an polasaí ar a bhfuil bainte amach cheana féin maidir le feidhmiú na ngníomhartha fadréimhseacha sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta.
Dúirt an tAire:
“Tá ról thar a bheith tábhachtach ag naíonraí agus ag scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge maidir le féiniúlacht agus líofacht sa teanga a fhorbairt.
“Aithnítear go hidirnáisiúnta na buntáistí a bhaineann le tumadh iomlán sa teanga sna luathbhlianta agus sa scoil maidir le forbairt iomlán an linbh agus freisin chun cumas i dtaca le teangacha eile a shealbhú.
“Tá tuairim is 60,000 duine óg i scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre go léir agus táim ag iarraidh go leagfar síos sprioc uaillmhianach ina ndéanfar an líon sin a dhúbailt.”
Cuirfidh taighde agus dea-chleachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta i dtíortha eile amhail an Bhreatain Bheag nó Québec bonn eolais faoin obair, chomh maith leis na torthaí tosaigh ón Staidéar Taighde agus Measúnachta ar an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta.
Tionólfaidh an tAire próiseas speisialta comhairliúcháin san earrach agus d’iarr sé go gcuirfí guth na scoláirí agus na dtuismitheoirí san áireamh in aon chomhairliúchán.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire:
“Is seans mór atá anseo foghlaim ó dhaoine eile, deiseanna a thapú agus smaointe a fhorbairt. Baineann dúshlán mór le líon na scoláirí san oideachas trí mheán na Gaeilge a dhúbailt ach is féidir linn aghaidh a thabhairt go díreach ar an uaillmhian sin má leagaimid síos na bunchlocha cearta inár naíonraí.
“Ba cheart dúinn freisin féachaint ar bhealaí le rannpháirtíocht an phobail a mhéadú san oideachas luathbhlianta agus sna scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge.
“Sílim gur gá dúinn freisin féachaint ar dhreasachtaí a mheallfadh scoláirí ó cheantair Ghaeltachta i dtreo na múinteoireachta agus ar an mbealach inar féidir linn cur lena líon siúd a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu chun dul i mbun oibre i suíomhanna oideachais trí mheán na Gaeilge ar fud na hearnála. Ina theannta sin, is féidir linn breithniú a dhéanamh ar an mbealach inar féidir linn deiseanna chun forbairt a dhéanamh ar ghaelscoileanna a fheabhsú.
Déanfar an polasaí a fhorbairt i gcomhar le ranna ábhartha eile amhail an Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Déanfaidh coiste stiúrtha idir-rannach an obair a mhaoirsiú agus tabharfaidh coiste comhairleach ar a mbeidh páirtithe leasmhara ábhartha tacaíocht di.
Arsa an tAire freisin:
“Mar chuid den obair déanfar scrúdú grinn ar pholasaí soiléir a fhorbairt i dtaca le hAonaid lán-Ghaeilge a bhunú i scoileanna atá ann cheana féin agus chomh maith leis sin gaelscoileanna, gaelcholáistí agus aonaid lán-Ghaeilge nua a bhunú mar chuid den phróiseas pátrúnachta nua.
“Ardóidh an polasaí nua seo don oideachas trí mheán na Gaeilge próifíl ár dteanga inár bpobail agus chomh maith leis sin creidim go spreagfaidh sé úsáid laethúil na Gaeilge laistigh agus lasmuigh dár scoileanna.”
Críoch
Tá an polasaí seo á fhorbairt i ndiaidh roinnt céimeanna a bheith glactha sa réimse seo le déanaí.
Féadfar teacht ar pholasaí na Roinne i leith Oideachas Gaeltachta anseo:
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022
Is í príomhaidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta ná tacú le húsáid na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta agus í a chur chun cinn trí sholáthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú i limistéir phleanála teanga na Gaeltachta.
Féadfar teacht ar Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge anseo:
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030
An Roinn Oideachais agus Scileanna Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030
Cúig scoil ainmnithe mar ghaelscoileanna sa phróiseas pátrúnachta:
Tionscadal FCÁT á sheoladh chun teagasc na Gaeilge a chur chun cinn:
Seoladh an Tionscadail Phíolótaigh Ríomh-Mhol Gaeltachta:
Mar chuid den fhógra a rinne an tAire ar an 3 Meán Fómhair 2019 leagadh amach bearta chun rochtain ar an oideachas trí mheán na Gaeilge a mhéadú mar chuid den phróiseas pátrúnachta, lena n-áirítear éileamh suntasach mionlaigh a deimhníodh i bpróisis phátrúnachta a shásamh: https://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachtaí/Preasráitis/preasraitis-2019/PR19-09-03.html
Tugtar achoimre thíos ar na figiúirí maidir le rollú i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht:
Líon na scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge
Bunscoileanna | Líon na Scoileanna | Daltaí |
Suite sa Ghaeltacht | 105 | 7,633 |
Suite lasmuigh den Ghaeltacht | 147 | 37,935 |
Iomlán | 252 | 45,568 |
Iar-bhunscoileanna | Líon na Scoileanna | Scoláirí |
Suite sa Ghaeltacht | 29 | 6,888 |
Suite lasmuigh den Ghaeltacht | 28 | 9,986 |
Iomlán | 57 | 16,874 |
Taighde Ábhartha ar shuíomh gréasáin na Roinne a dhíríonn aird ar an luach a bhaineann le tumoideachas iomlán:
Soláthar Oideachais trí Mhionteangacha: Athbhreithniú ar Thaighde Idirnáisiúnta (2015)
Dréacht-Treoir do Bhunscoileanna Gaeltachta – Tumoideachas: Táscairí Dea-Chleachtais (2018):
Táscairí Dea-Chleachtais don Tumoideachas: Treoir do Bhunscoileanna Gaeltachta
Tá an Treoir seo á foilsiú mar thaca do na bunscoileanna sin a chuir isteach ar an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta (Scéim) ina gcuid iarrachtaí leis na critéir theanga-bhunaithe don tumoideachas atá lárnach sa Scéim a bhaint amach.
Dréacht-Treoir d’Iar-bhunscoileanna Gaeltachta – Tumoideachas: Táscairí Dea-Chleachtais (2018):
Táscairí Dea-Chleachtais don Tumoideachas: Treoir d’Iar-Bhunscoileanna Gaeltachta
Tá an Treoir seo á foilsiú mar thaca do na hiar-bhunscoileanna sin a chuir isteach ar an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta (Scéim) ina gcuid iarrachtaí leis na critéir theanga-bhunaithe don tumoideachas atá lárnach sa Scéim a bhaint amach.