Seolann an tAire Ryan ciste €27 milliún le haghaidh Gníomhú Pobail ar son na hAeráide le linn dó cuairt a thabhairt ar an gCabhán
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, tús láidir leis an mbliain 2024 ó thaobh gníomhú ar son na haeráide de inniu nuair a sheol sé an ciste is déanaí €27 milliún atá curtha i leataobh d’eagraíochtaí áitiúla atá ag obair chun pobail ísealcharbóin a thógáil, rud atá ar cheann amháin de na cistí is mó dá chineál riamh.
Sheol an tAire an ciste ollmhór le linn dó cuairt a thabhairt ar Chontae an Chabháin. Cuimsíonn an ciste leithdháileadh náisiúnta €24 mhilliún ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, mar aon le leithdháileadh €3 mhilliún ó Chiste an Rialtais um Oileán Comhroinnte chun tacú le tionscnaimh thrasteorann agus uile-oileáin um ghníomhú pobail ar son na haeráide.
Faoin gclár suaitheanta cistiúcháin aeráide, a riarfaidh údaráis áitiúla é, féadfar suimeanna is fiú suas le €100,000 a sholáthar do thionscadail mhóra áitiúla ar feadh tréimhse 18 mí. Ós rud é nach bhfuil gach tionscadal áitiúil ar aon mhéid, beidh an ciste solúbtha go leor chun suimeanna níos lú a sholáthar, de réir mar is gá, do chláir bheaga agus mheánmhéide um ghníomhú áitiúil.
Beidh ar na tionscadail a roghnófar lena gcistiú faoi na cláir rannchuidiú le spriocanna náisiúnta aeráide agus fuinnimh ar fud na gcúig théama seo a leanas:
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Ryan:
"Táim ag tabhairt cuairt ar údaráis áitiúla agus ar ghrúpaí áitiúla um ghníomhú ar son na haeráide ar fud na tíre le 18 mí anuas agus, bunaithe ar na cuairteanna sin, cosúil leis an gcuairt seo inniu ar an gCabhán, tá sé soiléir gurb iad pobail áitiúla na nithe a bhrúnn gníomhú cruthaitheach agus cuimsitheach ar son na haeráide chun cinn ar fud na hÉireann i ndáiríre. I gcás gníomhú ar son na haeráide, tá áit ar an ní is tábhachtaí. Ní ionann na nithe a n-éiríonn leo agus a theastaíonn do phobal cósta agus na nithe a n-éiríonn leo agus a theastaíonn do phobal i lár na tíre, mar shampla.
"Trí chistiú a leithdháileadh trí údaráis áitiúla, is féidir linn a chinntiú gurb iad na daoine agus na pobail sa limistéar lena mbaineann a dhearfaidh na réitigh aeráide a fhorbrófar i réigiúin agus contaetha éagsúla agus go mbeidh na réitigh sin spriocdhírithe ar riachtanais shonracha na ndaoine agus na bpobal sin, ag gníomhú dóibh faoi stiúir a gcomhordaitheoirí tiomnaithe um ghníomhú ar son na haeráide. Is ciste forbartha pobail agus ciste aeráide araon é an ciste seo, áit a gcuirfear lena láidre atá bailte agus sráidbhailte agus lena athléimní atá siad in aghaidh thionchar an athraithe aeráide. Rud tábhachtach eile is ea go gcuirfidh an ghné Oileáin Chomhroinnte den chlár ar chumas pobal obair le chéile ar fud oileán na hÉireann, chun cabhrú lenár spriocanna coiteanna aeráide a bhaint amach ó Thuaidh agus ó Dheas."
Dúirt Eoin Doyle, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae an Chabháin:
"Mar thoradh ar an gCiste nua um Ghníomhú ar son na hAeráide, infheisteofar €439,000 i bpobail ar fud Chontae an Chabháin chun tionscadail áitiúla um ghníomhú ar son na haeráide a chur chun feidhme. Is ciste substaintiúil é a bhfuil fáilte mhór roimhe agus lena dtabharfar tacaíocht airgeadais do ghrúpaí agus eagraíochtaí neamhbhrabúis chun tabhairt faoi bhearta riachtanacha um ghníomhú ar son na haeráide ar mhaithe le haistriú chuig pobail ísealcharbóin. A bhuí leis an leithdháileadh náisiúnta breise €3 mhilliún le haghaidh Gníomhú Oileáin Chomhroinnte ar son na hAeráide, tacófar arís eile le pobail ar an gCabhán obair i gcomhar le pobail i dTuaisceart Éireann chun rannchuidiú comhchoiteann a dhéanamh le spriocanna aeráide agus fuinnimh ar fud an oileáin."
Táthar ag glacadh le hiarratais ar an gCabhán agus ar fud a lán contaetha eile anois ó ghrúpaí pobail agus deonacha atá ag iarraidh níos mó a dhéanamh ina bpobail chun borradh a chur faoi ghníomhú ar son na haeráide i gcomhpháirt lena n-údaráis áitiúla. A bhuí leis an ngné Oileáin Chomhroinnte den chlár, cuirfear ar chumas eagraíochtaí tionscadail trasteorann agus uile-oileáin um ghníomhú ar son na haeráide a sheoladh i gcomhpháirt le pobail agus eagraíochtaí i dTuaisceart Éireann.
Tá Oifigeach tiomnaithe um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide ag gach údarás áitiúil anois, ar duine é/í a chabhróidh le grúpaí leasmhara iarratas a dhéanamh, a sholáthróidh treoir ar an gclár agus a chabhróidh le gníomhú áitiúil a mheaitseáil le cistiú oiriúnach.
Ba cheart do ghrúpaí ar spéis leo iarratas a dhéanamh teagmháil a dhéanamh lena n-údarás áitiúil chun labhairt leis an Oifigeach um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide faoin gclár roimh an spriocdháta le haghaidh iarratas i dtús mhí an Mhárta.
CRÍOCH
Bunaíodh an Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide ar bhonn reachtúil sa bhliain 2020 chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail, tionscnaimh agus taighde a rannchuidíonn le spriocanna aeráide agus fuinnimh na hÉireann a bhaint amach. Leis an gciste, tacaítear freisin le tionscadail agus tionscnaimh atá i réigiúin den Stát, agus atá in earnálacha den gheilleagar, a ndéanann an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin difear dóibh. Cuirtear acmhainní ar fáil don chiste ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear íocaíochtaí chun astaíochtaí ó eitiltí oifigiúla a fhritháireamh, agus ó fháltais ón tobhach a íoctar leis an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) i ndáil le diúscairtí iomchuí táirgí peitriliam, tar éis ceanglais chistiúcháin NORA a chomhlíonadh.
Tá Snáithe 1 ina chuid den Chlár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide a seoladh sa bhliain 2021 agus lena n-infheisteofar €61.5 milliún ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide i dtionscadail agus tionscnaimh um ghníomhú pobail ar son na haeráide, agus i bhforbairt acmhainne, thar roinnt blianta. Tá Snáithe 1 ina chuid den chéad chéim ar lena linn a leithdháileadh €30 milliún ar fud dhá shnáithe. Áiríodh le Snáithe 2 den Chlár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide €5 mhilliún le haghaidh glao oscailte, ar bhainistigh Pobal é, le haghaidh tionscadail oideachais, tionscadail forbartha acmhainne agus tionscadail um fhoghlaim trí ghníomhaíocht, mar aon le leithdháileadh €1 mhilliún ar Éire Ildánach don Chlár um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide. Tá an dá shruth cistiúcháin sin faoi shnáithe 2 dúnta agus á soláthar anois. Leithdháileadh €31.5 milliún ar an dara céim den chlár.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoin gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Is féidir faisnéis faoin gclár a fháil ar shuíomh gréasáin gach údaráis áitiúil, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Tabharfaidh Snáithe 1a — ‘Gníomhú Pobail ar son na hAeráide le haghaidh Oileán Comhroinnte’ — atá á chistiú faoi Chiste an rialtais um Oileán Comhroinnte aghaidh ar na cúig théama chéanna a dtugtar aghaidh orthu i Snáithe 1 (fuinneamh pobail, taisteal, bia agus dramhaíl, siopadóireacht agus athchúrsáil, agus gníomhú áitiúil ar son na haeráide agus ar son an chomhshaoil) agus beidh bonn soiléir Thuaidh/Theas aige, áit a nglacfar cur chuige comhpháirtíochta trasteorann agus a mbainfear tionchar trasteorann amach. Ar an tslí sin, cuirfear ar chumas pobal agus Údarás Áitiúil tionscadal trasteorann a chur ar aghaidh i gcomhpháirt le heagraíochtaí i dTuaisceart Éireann. Is chun tionscadail a sholáthar i dTuaisceart Éireann a bhronnfar 50% ar a laghad den chistiú faoi Shnáithe 1a.
Leis an gCiste um Oileán Comhroinnte, soláthraítear acmhainní imfhálaithe ionas gur féidir na gealltanais infheistíochta uile-oileáin a thug an rialtas faoi Chlár an Rialtais agus faoin bPlean Forbartha Náisiúnta a chomhlíonadh.
I mí Iúil 2022, leithdháil an rialtas suim €3 mhilliún ón gCiste ar Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide le haghaidh Oileán Comhroinnte. Úsáidfear an cistiú sin chun tacú le tionscadail trasteorann nó uile-oileáin a mbeidh bonn soiléir Thuaidh/Theas acu agus a rannchuideoidh le spriocanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach ar oileán na hÉireann.
Cuimseoidh gach tionscadal comhpháirtí amháin ar a laghad ó Thuaisceart Éireann, agus is chun tionscadail a sholáthar i dTuaisceart Éireann a bhronnfar 50% ar a laghad den chistiú.
Tá tuilleadh faisnéise faoi Thionscnamh Oileáin Chomhroinnte an Rialtais agus faoina Chiste um Oileán Comhroinnte ar fáil ag https://www.gov.ie/sharedisland .
Imríonn údaráis áitiúla ról ríthábhachtach sa bheartas aeráide a chur ar aghaidh ar an leibhéal áitiúil. Le hAcht na hÉireann um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, ceanglaítear ar údaráis áitiúla Plean Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide a ullmhú chun spriocanna náisiúnta laghdú astaíochtaí a chomhlíonadh agus chun athléimneacht a fhorbairt in aghaidh thionchair an athraithe aeráide. Leis na pleananna údaráis áitiúil um ghníomhú ar son na haeráide, cabhrófar le húdaráis áitiúla aghaidh a thabhairt, ar bhealach comhtháite, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhaolú agus ar an oiriúnú don athrú aeráide agus neartófar an t-ailíniú idir an beartas náisiúnta aeráide agus gníomhú áitiúil éifeachtach ar son na haeráide a sholáthar. Tar éis tréimhse comhairliúcháin phoiblí fhairsing, foilseofar Plean Chontae an Chabháin um Ghníomhú ar son na hAeráide i mí Feabhra 2024. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin bPlean Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide, téigh chuig suíomh gréasáin Chomhairle Contae an Chabháin.
Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024, a seoladh i mí na Nollag 2023, an tríú nuashonrú bliantúil ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide ó Éirinn, agus é ar an dara nuashonrú den sórt sin a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021. Cheadaigh an Rialtas an Plean, faoi réir Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Chuí, agus tosófar comhairliúchán poiblí ar an bPlean go luath sa bhliain 2024.
Leagtar gníomhartha, bearta agus beartais ar fud roinnt réimsí amach sa phlean, lena n-áirítear gníomhartha, bearta agus beartais i sé earnáil ríthábhachtacha ardtionchair:
Déanann an Comhordaitheoir um Ghníomhú ar son na hAeráide bainistiú ar an ngníomhú ar son na haeráide ar bhonn inmheánach laistigh de gach údarás áitiúil, ar fud na hearnála údaráis áitiúil, agus ar an leibhéal réigiúnach trí na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide. Ceann amháin de na príomhfheidhmeanna atá ag an gComhordaitheoir um Ghníomhú ar son na hAeráide is ea faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo spriocanna a bhaint amach. Cuireann sé sin feabhas suntasach ar an mbonn fianaise náisiúnta ar an bPlean náisiúnta Gníomhaithe ar son na hAeráide a sholáthar. Is féidir an bonn fianaise sin a bhailítear ar an leibhéal údaráis áitiúil cur leis na struchtúir náisiúnta rialachais le haghaidh an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide a sholáthar.
Áirítear iad seo a leanas le roinnt de na príomhróil atá ag an gComhordaitheoir um Ghníomhú ar son na hAeráide, ach gan a bheith teoranta dóibh: gníomhú mar phointe fócasach don oiriúnú don athrú aeráide agus don mhaolú ar an athrú aeráide laistigh den údarás áitiúil; ionchuir theicniúla a sholáthar ar thograí cistiúcháin don oiriúnú don athrú aeráide agus deiseanna cistiúcháin a shainaithint; obair i gcomhar leis na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide chun spriocanna na ndoiciméad dar teideal ‘Gníomhú Éifeachtach ar son na hAeráide a Chur i gCrích faoi 2030’ agus ‘An Chairt um Ghníomhú ar son na hAeráide’ a chomhlíonadh; agus beartais agus doiciméid náisiúnta a bhaineann leis an athrú aeráide, gníomhartha oiriúnaithe agus cás-staidéir, etc., a athbhreithniú, a thiomsú agus a dháileadh.
Aithníonn an earnáil údaráis áitiúil gur gá béim chomhsheasmhach a chur ar acmhainn inmheánach a fhorbairt agus ar athrú a éascú i gcultúr eagraíochtúil chun tacú lenár bpobail, le fiontair áitiúla agus leis an mórearnáil phoiblí uaillmhianta beartais aeráide a chomhlíonadh. Mar aon le tacú leis an gComhordaitheoir um Ghníomhú ar son na hAeráide straitéisí agus beartais um ghníomhú ar son na haeráide a dhearadh agus a sholáthar, brúnn an tOifigeach um Ghníomhú ar son na hAeráide tionscnaimh um athrú eagraíochtúil chun cinn. Éascaíonn sé sin soláthar éifeachtach agus, an tráth céanna, forbraíonn sé acmhainn ar fud na gcomhpháirtíochtaí lena n-oibríonn údaráis áitiúla.
Áirítear iad seo a leanas le roinnt de na príomhróil atá ag an Oifigeach um Ghníomhú ar son na hAeráide, ach gan a bheith teoranta dóibh: cabhrú leis an gComhordaitheoir um Ghníomhú ar son na hAeráide straitéisí, pleananna agus beartais um ghníomhú ar son na haeráide a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar fud an údaráis áitiúil; tacú le foirne tionscadail agus le comhaltaí tofa a chinntiú go mbeidh gach gníomhaíocht ar leibhéal an údaráis áitiúil aeráid-díonach; agus tacaíocht agus comhairle a thabhairt do gach roinn maidir le nithe a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide.