Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 13 Aibreán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 31 othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil:
Tá 365 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Léiríonn achoimre ar na 365 bás go léir a chuir an HPSC ar fáil an méid seo a leanas:
Amhail 11.15am Dé Luain an 13 Aibreán, cuireadh na cásanna seo a leanas in iúl don HPSC:
Agus na figiúirí is déanaí ón nGearmáin san áireamh, tá 10,647 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Taispeánann taighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte go bhfuil an céatadán den daonra a bhraitheann go bhfuil an chuid is measa den phaindéim againn anois tar éis ardú go suntasach ó 11% an 16 Márta go 37% inniu, cé go mbraitheann 55% go bhfuil an chuid is measa fós romhainn.
Léiríonn an suirbhé ar líne ionadaíoch náisiúnta ar 1,270 duine fásta a rinneadh inniu, a dhéantar dhá uair sa tseachtain, an méid seo a leanas:
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá an lá inniu suntasach ó thaobh thaithí na hÉireann ar COVID-19 mar a fheicimid go sáraíonn líon na gcásanna deimhnithe 10,000.
“Léiríonn líon na gcásanna pobail de COVID-19 an fáth go bhfuil gá leis na bearta sláinte poiblí atá i bhfeidhm againn faoi láthair. Tuigim go bhfuil na srianta reatha dian, go háirithe le linn deireadh seachtaine saoire bainc nuair a bhuaileann an chuid is mó dínn le teaghlaigh agus le cairde go hiondúil ach iarraim ar an bpobal leanúint ag obair linn agus na treoirlínte atá i bhfeidhm a leanúint.
“Beidh na trí seachtaine amach romhainn ríthábhachtach do scéal COVID-19 na hÉireann agus trí oibriú le chéile tugaimid an deis is fearr dúinn féin an scaipeadh a mhoilliú agus saol daoine a shábháil."
Léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Sathairn an 11 Aibreán (9,484 cás) – agus torthaí na Gearmáine a fuarthas go dtí sin san áireamh:
CRÍOCH
Líon iomlán na gcásanna | 9484 |
Líon iomlán san ospidéal | 1849 |
Líon iomlán a tugadh isteach san ICU | 268 |
Líon iomlán na mbásanna | 362 |
Líon iomlán na n-oibrithe cúram sláinte | 2489 |
Líon na gcnuasach curtha in iúl | 401 |
Aois airmheánach | 48 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 11 Aibreán.
Inscne | Líon | mar % den Iomlán |
Baineann | 5115 | 53.9 |
Fireann | 4225 | 44.5 |
Anaithnid | 144 | 1.1 |
Iomlán | 9484 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 11 Aibreán.
Aoisghrúpa | Líon | mar % den Iomlán |
<1 | 19 | 0.2 |
1 - 4 | 29 | 0.3 |
5 - 14 | 67 | 0.7 |
15 - 24 | 598 | 6.3 |
25 - 34 | 1647 | 17.4 |
35 - 44 | 1757 | 18.5 |
45 - 54 | 1812 | 19.1 |
55 - 64 | 1411 | 14.9 |
65+ | 2123 | 22.4 |
Anaithnid | 21 | 0.2 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 11 Aibreán.
Tarchur pobail | 66% |
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe | 27% |
Taisteal Thar Lear | 7% |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 11 Aibreán.
Tabhair ar aird:
Sa chás go bhfaigheann duine toradh deimhneach ar a dtástáil le haghaidh COVID-19 agus nach raibh sé/sí thar lear nó nach raibh teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur pobail air sin.
Sa chás gur féidir duine toradh deimhneach do COVID-19 a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur logánta air sin.
Aoisghrúpa | Líon na gcásanna | Céatadán den iomlán |
<5 | 11 | 0.6 |
5 - 14 | 5 | 0.3 |
15 - 24 | 44 | 2.4 |
25 - 34 | 125 | 6.8 |
35 - 44 | 150 | 8.1 |
45 - 54 | 272 | 14.7 |
55 - 64 | 287 | 15.5 |
65+ | 953 | 51.5 |
Anaithnid | 2 | 0.1 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 11 Aibreán.
Ceatharlach | 38 | 0.4% |
An Cabhán | 222. | 2.3% |
An Clár | 98 | 1% |
Corcaigh | 730 | 7.7% |
Dún na nGall | 225 | 2.4% |
Baile Átha Cliath | 5006 | 52.8% |
Gaillimh | 197 | 2.1% |
Ciarraí | 200 | 2.1% |
Cill Dara | 404 | 4.3% |
Cill Chainnigh | 136 | 1.4% |
Laois | 88 | 0.9% |
Liatroim | 32 | 0.3% |
Luimneach | 252 | 2.7% |
Longfort | 56 | 0.6% |
Lú | 195 | 2.1% |
Maigh Eo | 194 | 2% |
An Mhí | 289 | 3% |
Muineachán | 95 | 1% |
Uíbh Fhailí | 133 | 1.4% |
Ros Comáin | 39 | 0.4% |
Sligeach | 45 | 0.5% |
Tiobraid Árann | 200 | 2.1% |
Port Láirge | 73 | 0.8% |
An Iarmhí | 213 | 2. 2% |
Loch Garman | 52 | 0.5% |
Cill Mhantáin | 272 | 2.9% |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 11 Aibreán.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.