Déanann an Coimisiún Eorpach bearta foraoisithe a cheadú i gClár Foraoiseachta 2023 - 2027
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D agus an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara atá freagrach as Foraoiseacht, Seanadóir Hackett Pippa Hackett fógra an Choimisiúin Eorpaigh inniu go bhfuil formheas Státchabhrach deonaithe acu don scéim Foraoisithe faoi Chlár Foraoiseachta Nua atá ag Éirinn. Is infheistíocht €1.3 billiún í an Clár Foraoiseachta ag an Rialtas i bhforaoiseacht in Éirinn don chéad chúig bliana eile ó 2023-2027 inar ceanglaíodh formheas Státchabhrach ón gCoimisiún.
Dúirt an tAire Hackett, ag cur fáilte roimh an gcinneadh,
“is garsprioc an-suntasach í formheas an Choimisiúin roimh ár gclár foraoisithe inár bhfís fhadtéarmach go dtí 2050 chun ár gcumhdach foraoise a mhéadú mar chuid chriticiúil den Phlean Gníomhaíochta Aeráide an Stáit. Is é an Clár Foraoiseachta €1.3 billiún nua ná an clár leis an maoiniú is fearr agus an clár is neamhdhíobhálaí don chomhshaol i Stair an Stáit. Dearadh é ionas go dtabharfaidh crainn agus iad curtha deiseanna d'ioncaim feirme, d'aeráid, do bhithéagsúlacht, do cháilíocht an uisce, d'áineasa, do gheilleagair thuaithe, agus do tháirgeacht adhmaid atá ar ardchaighdeán le n-úsáid inár dtithe agus i bhfoirgnimh eile na todhchaí.”
Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, trácht:
“Tá feirmeoirí go hiomlán lárnach do rath ár straitéis foraoiseachta iomlán. Ag léiriú an mhian sin, tá ár gClár Foraoiseachta nua deartha chun feirmeoirí a tharraing agus a chúiteamh roimh aon úinéirí talún eile. Is é beartas an Rialtais seo ná an deis is mó a chur ar fáil d'fheirmeoirí chun leas a bhaint as íocaíochtaí foraoiseachta is féidir leis an gclár seo a sholáthar.
Tuigim go hiomlán go bhfuil damáiste déanta san earnáil ach tabharfaidh an Clár seo, a ligfidh d'fheirmeoirí préimheanna 20 bliain a fháil ar ráta bliantúil 66% níos airde ná cláir a bhí ann roimhe seo, an earnáil ar ais agus tabharfaidh an clár tacaíocht dár spriocanna gníomhaithe ar son na haeráide.”
Tá préimheanna nua curtha ar fáil ag an gClár seo méadaithe le haghaidh crainn a chur suas go dtí €1,142 in aghaidh an heicteáir ag brath ar an gcineál foraoise, chomh maith le síneadh ama a chur leis an tréimhse préimhe ó 15 go 20 bliain d'fheirmeoirí. Gheobhaidh daoine eile préimheanna ar feadh 15 bliana. Cuireann sé réimse leathan de roghanna plandaithe agus tá na rátaí 46%-66% níos airde ná an Clár Foraoiseachta roimhe seo. Is é €1.3 billiún an buiséad iomlán don Chlár Foraoiseachta 2023 – 2027. Áiríonn sé seo deontais bhunaithe d'fhoraoisiú chomh maith le híocaíochtaí préimhe bliantúil do 20 bliain d'fheirmeoirí a gcláraíonn don Chlár idir 2023 agus 2027, agus 15 bliana do neamh-fheirmeoirí a gcláraíonn.
Lean an tAire ar aghaidh
“Is í ár dtosaíocht anois ná staidéar a dhéanamh ar shonra cinnidh an Choimisiúin, an Measúnú Timpeallachta Straitéiseach agus an Próiseas Measúnaithe Cuí a chríochnú agus an scéim foraoisithe a oscail d'iarratais nua sna seachtainí atá romhainn. Déanfaidh mo Roinn sraith ceardlainne traenála agus faisnéise do gheallsealbhóirí ionas go mbeidh gach duine ag cur iarratais isteach ar an eolas faoi bhuntáistí an Chláir nua, chomh maith le téarmaí agus coinníollacha an Chláir nua de thoradh cinnidh an Choimisiúin.”
Chríochnaigh an tAire Stáit Hackett,
“Cuireadh méid ollmhór de chomhairliúchán poiblí agus geallsealbhóra isteach in ullmhúchán an Chláir Foraoiseachta nua, agus creidim go mbeidh muid ag féachaint siar air sna blianta atá amach romhainn mar chuid thábhachtach de stair foraoiseachta na hÉireann, le cleachtais nua a phríomhshruthú ar nós agrafhoraoiseachta agus foraoiseacht leanúnachais, agus na feirmeoirí ag roghnú foraoisí leathanduilleacha measctha dúchasacha a chur ar scála níos mó ná mar a bhí riamh. Spreagfainn feirmeoirí chun féachaint ar fhoraoiseacht mar rogha chun cuir lena bhfiontar feirmeoireachta atá ann cheana, agus táim ag súil le bheith i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara chun an Chláir seo a dhéanamh mar rath ollmhór.”
Deonú Scéime Foraoisithe 2023-2027 agus Préimhrátaí
Cineál Foraoise | Deontas/ha | Préimh Bhliantúil/ha | Fad Préimheanna d'fheirmeoirí | Fad Préimheanna do neamh-fheirmeoirí | ||||||
FT1 | Foraoisí Dúchasacha | €6,744 | €1,103 | 20 | 15 | |||||
FT2 | Foraoisí d'Uisce* | €6,744 | €1,142 | 20 | 15 | |||||
FT3 | Foraoisí ar Thailte Poiblí**** | €10,544 | n/a | n/a | ||||||
FT4 | Neighb Coill in aice láimhe* * | €10,200 | €1,142 | 20 | 15 | |||||
FT5 | Foraois Éiritheach | €2,500 | €350 | 20 | 15 | |||||
FT6 | Broadleaf, mainly oak and beech | €6,744 | €1,037 | 20 | 15 | |||||
FT7 | Leathanduilleach Éagsúil | €4,314 | €973 | 20 | 15 | |||||
FT8 | Agrafhoraoiseacht | €8,555 | €975 | 10 | 10 | |||||
FT9 | Síolghoirt | €10,000 | €1,142 | 20 | 15 | |||||
FT10 | Foraoiseacht Leanúnachais | €5,421 | €912 | 20 | 15 | |||||
FT11 | Foraoisí airde measctha: Buaircíneach, 20% leathanduilleacha | €4,452 | €863 | 20 | 15 | |||||
FT12 | Foraoisí airde measctha le sprús go príomha, 20% leathanduilleacha | €3,858 | €746 | 20 | 15 |
Íocfaidh íocaíocht bhreise de €1,000 in aghaidh ha don úinéir talún ar chríochnú plandaithe*
Tá íocaíocht Áiseanna Chomharthaíochta & Shuíocháin, Rianta san áireamh sna deonuithe**
Tá íocaíocht Áiseanna san áireamh sa Dheonú***
CRÍOCH