Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí- 2 Márta 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú inniu gur idir measartha agus ard atá an baol go mbeidh tarchur forleathan marthanach COVID-19 ann san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe sna seachtainí atá romhainn.
Tá Éire i gcéim an tsrianta go fóill. Tá cás deimhnithe amháin ar leithlis faoi láthair agus tá rianú teagmhála á dhéanamh ina leith.
Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile an athuair Dé Máirt an 3 Márta chun meastóireacht a dhéanamh ar an staid idirnáisiúnta a bhíonn ag athrú agus chun ullmhacht leanúnach na hÉireann a bhreithniú.
Moltar do gach duine den phobal cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí seo a leanas;
Cinneadh meánscoil ar leith a dhúnadh ar feadh na tréimhse goir le haghaidh Covid-19, is é sin 14 lá, tar éis cás deimhnithe Covid-19 a shainaithint in oirthear na tíre Dé Sathairn an 29 Feabhra.
Eisíodh litir ón bPríomhoifigeach Míochaine chuig tuismitheoirí gach linbh scoile ar fud na tíre inniu. Luaitear i gcuid amháin den litir sin;
“Cinneadh réamhchúramach is ea an cinneadh chun an scoil a dhúnadh ar feadh 14 lá. Rinneadh an cinneadh sin toisc go bhféadfadh go raibh teagmháil dhíreach ag daltaí agus múinteoirí leis an gcás deimhnithe.
“Maidir le siblíní nach bhfreastalaíonn ar an scoil lena mbaineann, tuismitheoirí agus daoine eile den phobal, ní fhéachtar orthu mar dhaoine a raibh teagmháil acu leis an gcás agus is féidir leo leanúint ar aghaidh lena ngnáthamh laethúil.”
Moltar do dhaoine den phobal cloí le comhairle ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ón Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte chun a sláinte féin a chosaint.
CRÍOCH
Príomhtheachtaireachtaí Sláinte:
· Bhí siomptóim éadroma ar níos mó ná 80% de dhaoine a tholg an víreas agus tháinig a bhformhór slán as laistigh de dhá sheachtain nó trí seachtaine. Cé go raibh siomptóim níos troime ar 20% de dhaoine, ba ina seanaois a bhí an chuid is mó de na daoine sin (daoine os cionn 60 bliain d’aois a raibh fadhbanna sláinte eile acu, e.g. galar croí).
· Mar a tharlaíonn i gcás fliú, is iad daoine scothaosta agus daoine a bhfuil buntinneas orthu na daoine atá sa bhaol is mó.
· Ní cosúil go bhfuil Covid-19 chomh haicídeach le galair áirithe eile - cé gur minic a tharchuireann duine a bhfuil an bhruitíneach air/uirthi an víreas chuig 14 dhuine eile, mar shampla, meastar nach dtugtar Covid-19 ar aghaidh ach do bheirt nó triúr.
· Leatar Covid-19 trí dhlúth-theagmháil leis na sreabháin choirp ó dhuine ionfhabhtaithe (e.g. braonáin ó chasacht nó sraoth a dhéanamh) nó trí dhromchlaí a ndearna duine ionfhabhtaithe casacht nó sraoth orthu a thadhall.
· Tugtar le fios san fhaisnéis reatha go bhféadfadh víreas Covid-19 maireachtáil ar feadh roinnt uaireanta. Is féidir le dífhabhtáin shimplí tí an víreas a mharú, áfach.
Is é an rud is tábhachtaí is féidir linn a dhéanamh chun sinn féin a chosaint ar Covid-19 ná ár lámha a ní go rialta agus cloí le dea-shláinteachas casachta/sraotha.
Tagann na háiteanna seo a leanas faoin sainiú cáis ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí: an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Chóiré Theas, an Iaráin, ceithre réigiún i dtuaisceart na hIodáile (an Lombaird, Veneto, Emilia-Romagna agus Píodmant) agus mórthír na Síne.
Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim Covid-19 (Coróinvíreas) le brath.
Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:
Is féidir le Covid-19 (Coróinvíreas) a bheith ina chúis le tinnis níos troime freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:
Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar Covid-19 (Coróinvíreas):
Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe:
CRÍOCH