BAILTE SLACHTMHARA SUPERVALU - SEARMANAS GRADAM RÉIGIÚN AN IARTHUAISCIRT AGUS AN IARTHAIR
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bronnadh gradaim Bailte Slachtmhara SuperValu na bliana seo do réigiún an Iarthuaiscirt agus an Iarthair inné, Dé Luain an 18 Samhain ag searmanas bronnta na nduaiseanna in Ionad Pobail Oakland, An Príomhshráid, Glasloch, Co. Mhuineacháin. Heather Humphreys TD Uasal, an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, agus Eoghan Jones, Bainisteoir Réigiúnach SuperValu, atá ag déanamh urraíochta le fada ar an gcomórtas, a bhronn na gradaim ar bhuaiteoirí Bailte Slachtmhara SuperValu. Bhí Shane Raftery ó Fháilte Ireland ar an stáitse i gcuideachta an Aire chomh maith.
Ag an searmanas, labhair an tAire Humphreys faoi scéim deontais a fógraíodh le gairid a chuirfidh ar chumas coistí Bailte Slachtmhara iarratas a dhéanamh ar dheontas idir €1,000 agus €4,000.
Dúirt an tAire Humphreys :
"Mholfainn go mór do choistí leas a bhaint as an €1.4 milliún i maoiniú deontais atá ar fáil d'fhonn cuidiú leo ullmhú do chomórtas na bliana 2020. Beidh foirm iarratais faighte le gairid ag na coistí ar fad atá incháilithe don deontas agus ba chóir í a chur ar ais chomh luath agus is féidir d'fhonn leas iomlán a bhaint as an maoiniú."
Dúirt an tAire Humphreys chomh maith :
"Le blianta fada, tá pobail ag obair go deonach le Bailte Slachtmhara chun áit a dhéanamh den tír seo a bhfuilimid go léir bródúil as. Tá an oiread measa agam ar na hoibrithe deonacha atá i láthair anseo anocht agus na hoibrithe eile ar fud na tíre, agus is aitheantas ón Rialtas í an scéim deontais seo ar an méid ollmhór a dhéanann bhur gcoistí gach bliain."
Dúirt an tAire Humphreys :
"Is iontach an rud é deis a bheith agam casadh le grúpaí Bailte Slachtmhara ó ar fud Réigiún an Iarthuaiscirt agus an Iarthair tráthnóna. Níl sna gradaim seo ach beart beag ar an iarracht ar fad a dhéanann an t-iliomad oibrí deonacha atá mórtasach as a gcuid bailte agus a bhíonn ag obair gan stad lena gcuid comharsanachtaí a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos neamhdhíobhálaí don timpeallacht anois agus do na glúnta atá le teacht. Tugaimid aitheantas chomh maith do na grúpaí Bailte Slachtmhara eile nach bhfuil anseo inné ach atá chomh díograiseach céanna d'fheabhas a chur ar a gcuid comharsanachtaí féin gach bliain ach nach bhfuil aitheantas foirmeálta bainte amach acu air sin i gcomórtas na bliana seo. Maith sibh as an obair ar fad a dhéanann sibh agus tá súil againn go mbeidh sibh anseo in éineacht linn an bhliain seo chugainn.”
Ghabh an tAire buíochas chomh maith le príomhurraitheoir na mBailte Slachtmhara SuperValu :
"Le 28 mbliana, tá an príomhurraitheoir, SuperValu páirteach sa gcomórtas seo ar bhonn áitiúil agus náisiúnta. Tá cúnamh tugtha ag SuperValu don chomórtas a bheith faoi rath agus fás agus leanann de thiomantas ceart a léiriú a bheith ag tacú le pobail áitiúla agus d'oibrigh go dlúth le hoifigigh Roinne d'fhonn comórtas mór-ráchairte a dhéanamh dó sa lá atá inné ann."
Dúirt Eoghan Jones, Bainisteoir Réigiúnach SuperValu :
“bliain mhór eile a bhí sa bhliain 2019 do Bhailte Slachtmhara SuperValu, mar gur ghlac an líon is mó coistí riamh páirt sa chomórtas i mbliana. Tá clár na mBailte Slachtmhara fós ar an tionscnamh pobail agus inbhuaithe is mó in Éirinn agus bíonn tionchar thar a bheith dearfach aige ar ár mbailte agus ar ár sráidbhailte ar fud na tíre".
Dúirt an tUasal Jones chomh maith :
"Tá SuperValu thar a bheith mórtasach as a bheith ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas Bailte Slachtmhara le beagnach 30 bliain anois. I rith na tréimhse sin, tá an fás agus an t-athrú atá tagtha ar an gcomórtas go dtí leibhéal nárbh fhéidir le haon duine a mheas feicthe againn dúinn féin. Le blianta beaga anuas, tá béim níos mó ag comórtas Bailte Slachmhara SuperValy ar inbhunaitheacht, bithéagsúlacht agus ar chaomhnú. Trí oibriú i gcomhar, táimid ag glacadh céimeanna tábhachtacha chun ár dtimpeallacht nádúrtha a chosaint anois agus amach anseo. Déantar é sin ar fad trí dhúthrachtacht agus dhíograiseacht na ngrúpaí Bailte Slachtmhara agus mhiondíoltóirí SuperValu ar fud na tíre. Bíonn tionchar thar a bheith dearfach ag an obair ar fad gan staonadh seo ar ár gcuid pobal".
Tá spéis i bhfad níos mó i gcomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu le blianta beaga anuas agus chuir an líon is mó pobal riamh isteach ar an gcomórtas sa bhliain 2019. Tá an comórtas ar siúl ó 1958 agus is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail atá ina bhun. Tá SuperValu ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas ón mbliain 1992.
Is é Glasloch i gCo. Mhuineacháin a bhuaigh an comórtas réigiúnach agus tá liosta iomlán de bhuaiteoirí an lae inné leis seo.
Baile is Slachtmhaire na hÉireann - urraithe ag SuperValu
Buaiteoir | Contae | Duais |
Glasloch | Muineachán | Baile is Slachtmhaire na hÉireann |
Baile is Slachtmhaire na hÉireann - urraithe ag SuperValu
Buaiteoir | Contae | Duais |
Glasloch | Muineachán | Sráidbhaile is Slachtmhaire na hÉireann |
Baile Mór is Slachtmhaire na hÉireann - urraithe ag SuperValu
Buaiteoir | Contae | Duais |
Cathair na Mart | Maigh Eo | Baile Mór is Slachtmhaire na hÉireann |
Gradam Réigiúnach an Iarthuaiscirt agus an Iarthair 2019 – urraithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.
Buaiteoir | Contae | Duais |
Glasloch | Muineachán | Gradam Réigiúnach an Iarthuaiscirt agus an Iarthair |
Buaiteoir Boinn an Iarthuaiscirt agus an Iarthair 2019 - urraithe ag SuperValu
Buaiteoir | Contae | Duais |
Bun Cranncha | Dún na nGall | Bonn Óir |
Caisleán an Bharraigh | Maigh Eo | Bonn Óir |
Baile Mhic Oireachtaigh | Ros Comáin | Bonn Óir |
Carraig Mhachaire Rois | Muineachán | Bonn Óir |
Cora Droma Rúisc | Liatroim | Bonn Óir |
Cúil Áine/Ceathrú na Cloiche | Sligeach | Bonn Óir |
Glasloch | Muineachán | Bonn Óir |
Céideadh | Ros Comáin | Bonn Óir |
Leitir Ceanainn | Dún na nGall | Bonn Óir |
Ros Comáin | Ros Comáin | Bonn Óir |
Cathair na Mart | Maigh Eo | Bonn Óir |
An Mhainistir | Gaillimh | Bonn Airgid |
Baile Átha Luain | Co. na hIarmhí | Bonn Airgid |
An Cabhán | An Cabhán | Bonn Airgid |
Lár Cathrach na Gaillimhe | Gaillimh | Bonn Airgid |
Baile an Mhuilinn | Gaillimh | Bonn Airgid |
Muineachán | Muineachán | Bonn Airgid |
Sligeach | Sligeach | Bonn Airgid |
Béal an Átha | Maigh Eo | Bonn Cré-Umha |
Baile na hAbhann | Co. na hIarmhí | Bonn Cré-Umha |
Baile an Tobair | Ros Comáin | Bonn Cré-Umha |
Béal an Mhuirthead | Maigh Eo | Bonn Cré-Umha |
Carraig Airt | Dún na nGall | Bonn Cré-Umha |
Cluain Tuaiscirt | Ros Comáin | Bonn Cré-Umha |
Drumod | Liatroim | Bonn Cré-Umha |
Na Gleannta | Dún na nGall | Bonn Cré-Umha |
An Mhala Raithní | Maigh Eo | Bonn Cré-Umha |
Ráth Bhoth | Dún na nGall | Bonn Cré-Umha |
Tearmann Bearaigh | Dún na nGall | Bonn Cré-Umha |
Gradaim Contae 2019 - urraithe ag SuperValu
An Cabhán | An Cabhán | Gradam Contae |
An Cnoc Rua | An Cabhán | Molta go hArd |
Loch Gamhna | An Cabhán | Molta |
Cill na Leice | An Cabhán | Endeavour |
Leitir Ceanainn | Dún na nGall | Gradam Contae |
Bun Cranncha | Dún na nGall | Molta go hArd |
Na Gleannta | Dún na nGall | Molta |
Leitir Mhic an Bhaird | Dún na nGall | Endeavour |
Baile an Mhuilinn | Gaillimh | Gradam Contae |
An Mhainistir | Gaillimh | Molta go hArd |
Muine Mheá | Gaillimh | Molta |
Cill Choirín | Gaillimh | Endeavour |
Cora Droma Rúisc | Liatroim | Gradam Contae |
Drumod | Liatriom | Molta go hArd |
An Chluain | Liatroim | Molta |
An Dúcharraig | Liatroim | Endeavour |
Cathair na Mart | Maigh Eo | Gradam Contae |
An Mhala Raithní | Maigh Eo | Molta go hArd |
Caisleán an Bharraigh | Maigh Eo | Molta |
Leic Ainimhe | Maigh Eo | Endeavour |
Glasloch | Muineachán | Gradam Contae |
Carraig Mhachaire Rois | Muineachán | Molta go hArd |
Muineachán | Muineachán | Molta |
Cill Laobháin | Muineachán | Endeavour |
Céideadh | Ros Comáin | Gradam Contae |
Baile Mhic Oireachtaigh | Ros Comáin | Molta go hArd |
Ros Comáin | Ros Comáin | Molta |
An Múr | Ros Comáin | Endeavour |
Cúil Áine/Ceathrú na Cloiche | Sligeach | Gradam Contae |
Baile idir Dhá Abhainn | Sligeach | Molta go hArd |
Baile an Tóchair | Sligeach | Molta |
Fearann Uí Chearnaigh | Sligeach | Endeavour |
Is iad buaiteoirí an Gradam Endeavour na hiontrálaithe i ngach contae a rinne an dul chun cinn is mó ar scór na bliana 2018
Gradaim Speisialta 2019
Gradam Scoile 2019 - urraithe ag SuperValu
Buaiteoir | Contae | Duais |
Scoil Náisiúnta na hEaglaise | Gaillimh | Buaiteoir Réigiúnach |
Scoil Náisiúnta na hEaglaise | Gaillimh | Buaiteoir Foriomlán |
Gradam Uiscí & Pobail - urraithe ag Iascach Intíre Éireann, Uiscebhealaí Éireann agus ag Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil
Buaiteoir | Contae | Duais |
Baile Dhún na nGall | Dún na nGall | Molta go hArd |
Gleann na Madadh | Gaillimh | Buaiteoir Réigiúnach |
Gradam do Dhúshlán Uirbeach - urraithe ag Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann
Buaiteoir | Contae | Duais |
An Clochán Liath | Dún na nGall | Buaiteoir Náisiúnta |
Gradam Ná Fág Aon Ní i do Dhiaidh - urraithe ag Leave No Trace Ireland
Buaiteoir | Contae | Duais |
Cluain Cearbhán | Maigh Eo | Buaiteoir Náisiúnta |
Gradam Pailneora an Údaráis Áitiúil – urraithe ag na hÚdarás Áitiúla
Buaiteoir | Contae | Duais |
Béal an Mhuirthead | Maigh Eo | Buaiteoir Réigiúnach an Catagóire Baile Beag |
Bun Cranncha | Dún na nGall | Buaiteoir Réigiúnach an Catagóire Baile Mór |
Bun Cranncha | Dún na nGall | Buaiteoir Foriomlán an Catagóire Baile Mór |
Gradam na Forbartha Inmharthana - urraithe ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil
Buaiteoir | Contae | Duais |
Coiste Bailte Slachtmhara An Clochán Liath - Siúl na hAbhann | Dún na nGall | An Dara hÁit |
Ráth Bhoth | Dún na nGall | An Dara hÁit |
Coiste Bailte Slachtmhara Chill Taobháin - Siúlóid Lúibe Chluain Láir | Ros Comáin | An Dara hÁit |
Gradam The Can It - urraithe ag Alupro Ireland
Buaiteoir | Contae | Duais |
Leitir Ceanainn | Dún na nGall | Buaiteoir Náisiúnta |
Gradam na Gaeltachta - urraithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a dhéanfaidh cathaoirleacht ar na cruinnithe.
Buaiteoir | Contae | Duais |
Coiste Bailte Slachtmhara Bhéal an Mhuirthead | Maigh Eo | Molta go hArd |
Coiste Bailte Slachtmhara Charraig Airt | Dún na nGall | Buaiteoir Náisiúnta |