Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: An tAire Humphreys chun beagnach milliún euro maoiniú Covid a sholáthar faoin gClár Athghiniúna Fiontar Sóisialta
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, inniu go gcuirfear €945,000 ar fáil chun tacú leis na céadta Fiontar Sóisialta ar fud na tíre.
Bronnadh an maoiniú ar 12 Cuibhreannas de Chuideachtaí Forbartha Áitiúla faoi Chlár Athghiniúna Fiontar Sóisialta Covid-19.
Beidh ról lárnach ag na LDCanna maidir le tacaíochtaí oiliúna agus meantóireachta a sholáthar do thart ar 500 Fiontar Sóisialta - ag cabhrú leo a gcuid oibríochtaí a neartú agus a gcuid seirbhísí a fheabhsú tar éis Covid-19.
Ag fógairt an mhaoinithe di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Chuir paindéim COVID-19 béim ar an ról sárluachmhar atá ag Fiontair Shóisialta ina bpobail. Ar fud na hÉireann le linn na paindéime seo, chuir Fiontair Shóisialta go mór le réimsí mar mheabhairshláinte, uilechuimsitheacht shóisialta agus an geilleagar ciorclach.
“I mí Feabhra, d’fhógair mé glao ar thograí dar luach €800,000 ó Chuideachtaí Forbartha Áitiúla chun tacaíochtaí a sholáthar d'fhonn cabhrú le fiontair shóisialta ina dtéarnamh ó Covid-19.
“I bhfianaise leibhéal ard suime agus cáilíochta na n-iarratas, chinn mé an leithdháileadh seo a mhéadú go €945,000, a rachaidh chun leasa 12 thionscadal ar leith agus na céadta Fiontar Sóisialta."
Dúirt an tAire Humphreys:
“Cuirfidh an clár, a mhaoinítear trí Chiste Cuntais Díomhaoine mo Roinne, oiliúint agus meantóireacht saor in aisce ar fáil do bhainisteoirí, stiúrthóirí agus baill foirne fiontar sóisialta ar fud na tíre.
“Meastar go mbainfidh níos mó ná 550 fiontar sóisialta leas as na tacaíochtaí seo i rith na bliana seo chugainn, a chuirfidh lena gcumas i réimsí mar phleanáil straitéiseach, nuálaíocht dhigiteach, forbairt acmhainne agus rialachas."
“Tógann Clár Athghiniúna Fiontar Sóisialta COVID-19 ar scéimeanna rathúla d’Fhiontair Shóisialta arna maoiniú ag mo Roinn le blianta beaga anuas, mar an Scéim Oiliúna agus Meantóireachta agus an Scéim um Dheontais Chaipitil Bheaga d’Fhiontair Shóisialta.
“Cuireann an fógra seo béim ar mo thiomantas tacú le Fiontair Shóisialta agus an Beartas Náisiúnta maidir le Fiontraíochta Sóisialta 2019-2022 a d’fhoilsigh mo Roinn in 2019 a sheachadadh.
“Cuireann rolladh amach réigiúnach na scéime go dearfach leis an tiomantas faoi Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann maidir le sraith beart nua a sholáthar chun tacú le forbairt Fiontar Sóisialta faoin tuath agus chun cur le cruthú post go háitiúil.
“Déanfaidh na Cuideachtaí Forbartha Áitiúla an clár a sheachadadh ar bhonn réigiúnach agus déanfaidh Líonra Forbartha Áitiúil na hÉireann (ILDN) é a bhainistiú thar ceann na Roinne."
Ag fáiltiú dó roimh na leithdháiltí dúirt Príomhfheidhmeannach ILDN, Joe Saunders:
“Cuirim fáilte mhór roimh fhógra maoinithe an lae inniu agus leithdháileadh méadaithe na dtacaíochtaí a bhfuil géarghá leo d’Fhiontair Shóisialta mar chuid de théarnamh COVID19. Cuireann an fógra seo béim ar an gcomhoibriú idir DRCD agus an ILDN agus cuideoidh sé go mór lenár líonra fairsing Cuideachtaí Forbartha Áitiúla chun tacú le Fiontair Shóisialta ar fud na tíre."
Tá sonraí iomlána na gcuibhreannas a fhaigheann maoiniú faoi Chlár Athghiniúna Fiontar Sóisialta COVID-19 ar fáil ar láithreán gréasáin: anseo.
Is gnóthais iad fiontair shóisialta a oibríonn go príomha chun saol daoine a fheabhsú. Is é a bpríomhchuspóir tionchar sóisialta, sochaíoch nó comhshaoil a bhaint amach. Cosúil le gnóthais eile, tugann fiontair shóisialta faoin a gcuspóirí trí thrádáil in earraí agus seirbhísí ar bhonn leanúnach. Déantar na barrachais a ghineann fiontair shóisialta a athinfheistiú áfach chun a gcroíchuspóirí sóisialta a bhaint amach, seachas brabús a uasmhéadú dá n-úinéirí.
Is minic a oibríonn siad chun tacú le grúpaí faoi mhíbhuntáiste mar dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, daoine faoi mhíchumas, an lucht siúil, srl., nó chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna mar bhochtaineacht bia, tithíocht shóisialta, nó cúrsaí comhshaoil.
Sheol an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an chéad Bheartas Náisiúnta Fiontar Sóisialta d’Éirinn 2019-2022 in Éirinn an 18 Iúil 2019, agus é mar aidhm aige timpeallacht chumasúcháin a chruthú d’fhiontar sóisialta chun fás agus cur níos iomláine le dul chun cinn sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann.
Tá an Beartas dírithe ar thrí phríomhchuspóir:
1. Feasacht ar Fhiontar Sóisialta a Thógáil
2. Fiontar Sóisialta a Fhás agus a Neartú
3. Ailíniú Beartais Níos Fearr a Bhaint Amach
Déanfaidh Cuideachtaí Forbartha Áitiúla (LDCanna) Clár Athghiniúna Fiontar Sóisialta COVID-19 a sheachadadh, ag gníomhú i gcuibhreannais de dhá LDC nó níos mó ar leibhéal réigiúnach. Soláthrófar deontais suas le €80,000 do gach cuibhreannas rathúil d'fhonn an clár a sheachadadh.
Déanfaidh Líonra Forbartha Áitiúil na hÉireann an clár a riaradh thar ceann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail.
Is é CLG Líonra Forbartha Áitiúil na hÉireann (ILDN) an comhlacht ionadaíoch do na 49 Cuideachta Forbartha Áitiúla ar fud na hÉireann. Is comhpháirtíochtaí il-earnálacha faoi stiúir oibrithe deonacha iad LDCanna, a sholáthraíonn forbairt pobail agus tuaithe ó pheirspictíocht ón mbun aníos
Tacaíonn an ILDN leis na LDCnna chun a lán clár mar LEADER agus an Clár Gníomhachtaithe Pobail um Uilechuimsitheacht Shóisialta (SICAP) a sheachadadh, le gach LDC ag feidhmiú níos mó ná 20 clár ar leith ar an meán. Soláthraíonn an cur chuige comhtháite a ghlacann LDCanna bealach cuimsitheach agus inrochtana do dhaoine agus do ghrúpaí pobail leas a bhaint as tacaíochtaí fostaíochta, deontais fiontar, uilechuimsitheacht shóisialta, oiliúint, chomh maith le tacaíochtaí comhshaoil agus folláine.
Soláthraíonn na hAchtanna um Chuntais Dhíomhaoine 2001-2012, mar aon leis an Acht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe 2003, creat chun cuntais neamhéilithe a riaradh in institiúidí creidmheasa (m.sh. bainc, cumainn foirgníochta agus An Post) agus beartais árachais saoil neamhéilithe i ngnóthais árachais.
Is é príomhchuspóir na reachtaíochta sealbhóirí cuntas nó beartas a athaontú lena gcistí in institiúidí creidmheasa nó i ngnóthais árachais agus ina leith sin, éilítear ar na comhlachtaí sin céimeanna a ghlacadh chun úinéirí cuntas díomhaoin agus polasaithe árachais saoil neamhéilithe a aithint agus teagmháil a dhéanamh leo.
D’fhonn úsáid a bhaint as na cistí neamhúsáidte i gcuntais dhíomhaoine agus i bpolasaithe neamhéilithe ar an mbealach is fearr, thug an reachtaíocht scéim isteach freisin chun cistí nach dócha go n-aisíocfar iad a íoc ó chuntais dhíomhaoine agus ó bheartais neamhéilithe chun críocha bearta chun cuidiú le:
1. forbairt phearsanta agus shóisialta daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta;
2. forbairt oideachasúil daoine atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil; nó
3. daoine faoi mhíchumas.
Oibríonn Fiontair Shóisialta ar go leor bealaí chun cabhrú le daoine sna catagóirí seo.