Fógraíonn an tAire Ryan gur aistríodh an fhreagracht as pleanáil mhuirí chuig RCAC
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag teacht sna sála ar chinneadh ón rialtas i mí na Nollag 2023, aistríodh an fhreagracht as córas pleanála muirí na hÉireann go foirmiúil ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (RTRÁO) chuig an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC) inniu.
Tá an t-aistriú bunaithe ar na moltaí a rinne Paul Gallagher SC, iar-Ard-Aighne, inar shainaithin sé an géarghá atá ann rialáil na forbartha agus na gníomhaíochta muirí a chomhdhlúthú agus a chuíchóiriú chun cur leis an gCreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí agus leis an Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí agus éifeacht phraiticiúil a thabhairt don uaillmhian atá ag Éirinn córas pleanála muirí atá nua-aimseartha, oiriúnach don fheidhm agus den chéad scoth a bheith aici.
Is iad seo a leanas na feidhmeanna sonracha atá á n-aistriú chuig an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC):
Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag ullmhú don aistriú le tamall maith anuas. Tá sé beartaithe aici na hacmhainní agus an díriú a sholáthar lena gcumasófar athruithe a dhéanamh láithreach agus dlús a chur le gníomhaíocht. Fuair an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide acmhainní teicniúla suntasacha breise lena gcumasaítear di foireann thiomnaithe réamhphleanála muirí a bhunú. Áireofar leis an bhfoireann ildisciplíneach sin pleanálaithe muirí, saineolaithe ar Chórais Faisnéise Geografaí, éiceolaithe muirí, agus saineolaithe ar mhamaigh agus éin mhuirí.
Ceann amháin de na croífheidhmeanna a bheidh ag an bhfoireann nua sin is ea Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe amach anseo a thabhairt ar aghaidh chun cur leis an bPlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas a foilsíodh le déanaí. Leis na hacmhainní teicniúla breise, cumasófar do RCAC freisin dlús a chur le comhpháirteanna riachtanacha eile den chóras pleanála muirí, amhail treoirlínte reachtúla pleanála muirí, an Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí a chur chun feidhme ina iomláine, agus an stór sonraí muirí amach anseo a dhearadh a theastaíonn go práinneach ó Éirinn le haghaidh pleanáil mhuirí eolach chomhcheangailte.
Foilseoidh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an chéad Ráiteas Beartais reachtúil riamh ó Éirinn maidir le Pleanáil Mhuirí go luath.
Sa Ráiteas Beartais reachtúil seo maidir le Pleanáil Mhuirí:
Cuirfear an Ráiteas Beartais maidir le Pleanáil Mhuirí i bhfeidhm i gcomhthráth le cur i bhfeidhm an Ráitis Beartais Pleanála 2015, rud lena mbuntacaítear le hoibriú an chórais pleanála talún ar fad in Éirinn. Tá sé beartaithe ag an Aire freisin dlús a chur leis an aistriú ón imeall trá chuig an gcóras nua, agus tá sé mar chuspóir againn obair i dtreo an fheidhm imeall trá a chéimniú amach go mór ar fud na bliana 2024. Ar an tslí sin, simpleofar an tírdhreach rialála, tabharfar comhsheasmhacht, agus cinnteofar go mbeidh na próisis atá leagtha amach san Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí i gcroílár an chórais nua.
Tá an Grúpa Comhairleach um Pleanáil Spáis Mhuirí, ar grúpa trasearnála é, á athghníomhachtú faoi láthair. Tiocfaidh sé le chéile an mhí seo chugainn, agus tosóidh sé ag teacht le chéile ar bhonn tráthrialta ansin, agus é ina mheán tábhachtach le haghaidh formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chreata Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí atá ann cheana agus le haghaidh bonn eolais a chur faoi fhorbairt an chéad Chreata Náisiúnta eile.
Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i gceannas ar an obair chun struchtúr trasrialtais a bhunú freisin chun na ranna agus na gníomhaireachtaí uile a bhfuil sainchúram muirí orthu a thabhairt le chéile. Déanfaidh an grúpa nua sin socrú do bheartais mhuirí agus an infheistíocht Stáit san earnáil mhuirí a ailíniú le chéile, agus ceannaireacht agus formhaoirseacht á soláthar aige ar bhonn uile-Rialtais.
Ag fáiltiú dó roimh aistriú foirmiúil an lae inniu, dúirt an tAire Ryan:
"Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh na feidhmeanna criticiúla nua seo de chuid mo roinne. Mar náisiún, bímid ag leagan díriú méadaitheach ar ár bhfarraigí de réir mar a théimid sa tóir ar réitigh inbhuanaithe ar na dúshláin atá romhainn. Ba mhaith liom a chinntiú go mbeidh againn córas nua-aimseartha pleanála muirí lena mbainfear dea-thorthaí amach do gach geallsealbhóir agus lena dtacófar le húsáidí inbhuanaithe a bhaint as ár bhfarraigí ar fud an tsainchúraim is leithne gníomhaíochtaí atá leagtha amach sa Chreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí.
"Agus sinn ag cur leis an obair a rinne ár gcomhghleacaithe sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus leis an tiomantas a léirigh an tAire Darragh O’Brien agus an iarracht a chuir sé isteach, tá sé mar aidhm agam agus ag mo roinn córas pleanála muirí a chruthú a mbeidh muinín ag gach geallsealbhóir ann agus lena bhfreastalófar ar gach leas muirí ar bhealach cothrom neamhchlaon. Ós rud é gur mó an líon réimsí beartais mhuirí a thagann faoi shainchúram na roinne seo ná faoi shainchúram aon roinne rialtais eile, táimid i riocht uathúil chun an córas sin a sholáthar."
CRÍOCH