Deimhníonn an tAire Butler Iniúchadh cuimsitheach ar fhoirne CAMHS go náisiúnta lena n-áirítear cleachtais ordaithe agus treoirlínte oibríochtúla ar fud na bhfoirne diagnóiseacha agus gach foireann CAMHS.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Meabhair-Shláinte agus Daoine Scothaosta, an TD Mary Butler, roimh an dul chun cinn ar chur i bhfeidhm mholtaí Thuarascáil Maskey.
Tá Anne O’Connor, Príomhoifigeach Oibríochtaí, FSS agus Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS ina gcathaoirligh ar Ghrúpa Maoirseachta a dhéanann maoirsiú, monatóireacht agus tuairisciú ar chur i bhfeidhm. Bhuail an grúpa le chéile ceithre huaire go dtí seo agus leanfar de bheith ag teacht le chéile go rialta chun dul chun cinn tráthúil a chinntiú ar chur i bhfeidhm laistigh den chreat iomlán.
Tá an creat comhdhéanta de 63 gníomh, agus tá an chuid is mó acu á gcuireadh chun feidhme cheana féin.
Dúirt an tAire Butler:
“Tá FSS go hiomlán tiomanta do gach ceann de na 35 moladh a chur i bhfeidhm, chomh maith leis na gníomhaíochtaí breise a dhéanfaidh siad ar iarratas uaimse.
“D’iarr mé iniúchadh ar chleachtas ordaithe agus tar éis dianphlé le FSS, tá áthas orm a thuairisciú go bhfuil foireann saineolaithe, faoi chathaoirleacht an Dr Collette Halpin, bunaithe.
“Tá tacaíocht á fháil ag an bhfoireann neamhspleách, ar a n-áirítear an Dr Imelda Whyte agus an Dr Suzanne McCarthy, ó Lárionad Náisiúnta Iniúchta Cliniciúla an FSS. Tá an próiseas agus an mhodheolaíocht á dtabhairt chun críche ag an bhfoireann. Tá siad ag súil le tuairisc a thabhairt i R4 2022.
“Tá tograí le haghaidh iniúchta ar chomhlíonadh threoirlínte oibriúcháin CAMHS á soláthar. Nuair a bheidh siad measúnaithe, roghnófar soláthraí rathúil. Iarrfar orthu an t-iniúchadh a chur i gcrích laistigh de shé mhí ón gceapachán.
“Maidir leis an taighde cáilíochtúil ar eispéiris CAMHS, tá an obair ag ardchéim anois. Tá FSS i dteagmháil le comhpháirtí acadúil agus tá siad ag ardchéim faoi láthair. Beidh faomhadh eiticiúil ag teastáil don taighde. Táthar ag súil go bhféadfar an obair seo a thabhairt chun críche laistigh de shé mhí ó dheimhniú an fhaomhadh.
“Ar deireadh, i gcomhthráth le hiarrachtaí leanúnacha chun Tuarascáil Maskey a chur i bhfeidhm, le roinnt seachtainí anuas tá foirne CAMHS i dteagmháil go gníomhach leis an Dr Susan Finnerty agus leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte agus chabhraigh siad leo athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar sholáthar CAMHS, mar a d’fhógair an Coimisiún i mí Feabhra na bliana seo.
“Leanfaidh mé ag obair go dlúth le FSS chun dul chun cinn a spreagadh. Le chéile, is féidir linn muinín a athbhunú inár seirbhísí meabhair-shláinte do leanaí agus d’ógánaigh agus ceartas a dhéanamh d’obair chrua agus tiomantas na foirne meabhair-shláinte ar fud na tíre.”